Monday, February 3, 2014

Scéal scéil: rúndiamhra na meán

Ar fáil anois!

 


Táimid uile ag feidhmiú faoi scáth na meán cumarsáide ach is beag eolas atá againn i ndáiríre faoi cén chaoi a bhfeidhmíonn siad. Sa leabhar seo nochtann iriseoirí aitheanta, atá in ard a maitheasa faoi láthair, a gcuid rún faoi na modhanna oibre a chleachtaíonn siad chun scéalta a aimsiú agus a sheachadadh. Gheobhaidh an léitheoir spléachadh ní hamháin ar ealaín na ceirde ach ar an chleasaíocht a bhíonn ar bun i seomraí nuachta na tíre. Tá idir mhagadh is dáiríre sa leabhar seo agus tarraingíonn na hiriseoirí ó thaithí fhairsing na mblianta le scéilíní agus le smaointe faoi chleachtadh na hiriseoireachta a roinnt linn. Déantar cíoradh ar réimse leathan ábhar ann: na tréithe atá riachtanach, an tablóideachas, claonta polaitiúla, tuairiscí ó láithreacha cogaíochta, féidearthachtaí gnó na hiriseoireachta, cén chaoi le ceisteanna a chur agus le freagraí a sheachaint. Ar na hiriseoirí scríobh aiste don leabhar tá Harry McGee, Paul Drury, Póilín Ní Chiaráin, Seán Ó Cuirreáin agus Cathal Mac Coille.

The media is an all-pervasive presence in our lives. In this book well-known journalists share insights about their work and about how the media find and present stories. Among the issues discussed are tabloid journalism, political bias, reporting from areas of conflict, business models for journalism and how to ask - and avoid answering - questions. Some of the journalists sharing their experience are: Harry McGee, Paul Drury, Póilín Ní Chiaráin, Seán Ó Cuirreáin and Cathal Mac Coill.

Sliocht as 'Tarzan agus ‘The only Gaeilgeoir in the village’: dúshláin agus laincisí na meán Gaeilge' le Breandán Delap:

'Bhí mé ag amharc ar scannán faoi leith ina ndearna rí na dufaire aistear contúirteach go Críocha Ju Ju agus é ag tionlacan fear agus bean a bhí satóir ar ‘dhiabhal na ndaoine beaga’ – nó an fear bán a bhí ina chónaí i measc na bpigmithe. Ní túisce a bhain an triúr acu a gceann scríbe amach, ná go raibh siad timpeallaithe ag fir bheaga le píopaí séide. Ach baineadh den bhagairt nuair a labhair a gceannaire leo i nGaeilge. ‘Cuir síos iad,’ arsa Red McGeehan, ‘Now éist liomsa ar feadh nóiméid. Ise mo bhean. Tá sí ag teacht liom. An dtuigeann sibh mé?’ Fágadh na fir bheaga sioctha leis na gáirí go raibh uisce ina súile. Ach bhí an t-anam scanraithe as an lánúin bhocht agus thit sé ar Tarzan a raibh ráite aige a aistriú go Béarla.

Bhain sé seo croitheadh mór asam. Bhí mé aon bhliain déag, ceithre mhí agus 139 lá d’aois an uair a nochtadh an scéal mór seo dom. Chan amháin go raibh mionteanga s’againne á labhairt ag bundúchasaigh na hAfraice ach bhí rí na dufaire é féin ábalta í a thuiscint chomh maith. Cúis iontais ab ea é seo domsa óir ba thearc líon na A-list celebs in Éirinn na linne sin a raibh Gaeilge ar a dtoil acu, seachas leithéidí Éamon de Buitléar, Páidí Ó Sé, Dáithí Lacha ... agus anois fear fiáin na foraoise é féin, Tarzan'

Sliocht as 'An saol ar Phláinéad an Táblóideachais’ le Paul Drury:

Sea, go deimhin. Séard a bhí faighte ag Sutherland ná sraith pictiúr a thóg paparazzo éigin Meiriceánach de Madonna agus í ar an seit. Í lán-nocht, ar ndóigh. Í i mbun aicsin lena cuid páirtithe éagsúla, ar ndóigh. D’fhéadfá ‘te bruite’ a ghlaoch orthu seo, cinnte!

Is deacair é a chreidiúint tar éis fhiosrúchán Leveson agus gach ar bhain leis agus tar éis an mhéid achrainn atá tarraingthe ag a leithéid de phictiúir, don Star ach go háirithe, ó shin, ach ba bheag aird a thug iriseoirí ar cheisteanna príobháideachais ag an am – agus ba lú fós a thug na hiriseoirí tablóideacha. ‘Ethics?’ a dúirt eagarthóir iomráiteach The Sun, Kelvin McKenzie, uair amháin, más fíor. ‘Isn’t that a place east of London where men wear white socks?’

Sliocht as 'Tuairiscí ó láthair na cogaíochta' le Póilín Ní Chiaráin:

Páirceanna catha ab ea áiteanna ar nós Lóiste na Mónadh agus na geiteonna ar dhá thaobh na deighilte. Chuala mé a scéal ó bhean chroíbhriste ar maraíodh a mac, trí bliana déag d’aois, le piléar plaisteach. Casadh baintreacha ón dá thaobh orm, a saol millte. Bhí bochtanas agus dífhostaíocht forleathan. Bhí tionchar na coimhlinte le braithstint gach áit, ar gach aicme agus ar pháistí go háirithe. Bhí idir fhuath agus mhaithiúnas mar cheol cúlra. Agus fós, bhí misneach ar taispeáint d’ainneoin an uafáis.

Ní hé go raibh mé dall ar na Trioblóidí roimhe sin ar ndóigh ach bhí mo thaithí teibí nó acadúil. Ba é seo an chéad uair agam ag éisteacht le gnáthdhaoine gan aon urlabhraí, polaiteoir ná oibrí sóisialta ag léirmhíniú ná i mbun idirghabhála. Chonacthas dom gurbh é cás an Tuaiscirt an scéal ba mhó agus ba chasta ar an oileán seo agus gur dhúshlán dom mar iriseoir níos mó airde a thabhairt air.

ISBN: 978-1-907494-39-0
Praghas: €15
Ar fáil ar www.coislife.ie 



No comments:

Post a Comment