Friday, September 2, 2011

Séadna Seolta !

An Dr Neil Buttimer, an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín, Maighréad Bean Uí Lionáird agus an tOll. Liam Mac Mathúna ag an seoladh.
Sheol an Dr. Neil Buttimer an t-eagrán nua de Séadna leis an Ath. Peadar Ua Laoghaire ar 7.30, 25 Lúnasa i mBaile Bhuirne. D'fhreastail thart ar 150 duine ar an ócáid. Tugaimid an chaint a thug an Dr Butimer anseo thíos:

Séadna : Saothar Sagairt*

le Neil Buttimer

Is mór an phríbhléid é teacht anso anocht. Táim buíoch de mhuintir Bhaile Mhic Íre agus Bhaile Bhuirne as scríobh chuig an Chomhairle Contae á iarraidh orthu an bóthar a fheabhsú dom a fhad leis an Ionad Cultúrtha. Tuigeann sibh go bhfuil stráice de fós le críochnú timpeall Choláiste Íosagáin agus é lán d’ardáin is d’ísleáin go fóillín. Sin é mar a bheidh mo chaintse, go deimhin, roinnt di réidh agus poill thall is abhus inti. Ar nós na coda den bpríomhshráid go dtí an Muileann, sroichfimid ceann scríbe fá dheoidh.

Cosúil leis an obair dheisiúcháin sin, is é snáth a cheanglann mo chúpla focal le chéile earra seanbhunaithe a athnuachan is a chur i dtreo arís le go mbainfí taithneamh is tairbhe athuair as mar a thuilleann, maraon le creidiúint a thabhairt dóibh siúd uile faoi deara seans dá leithéid a bheith againn.


Athmhachnamh


Tosnaímis dá réir leis an té a chuir chun bealaigh sinn an chéad lá, an tAthair Peadar Ó Laoghaire é féin. Ba leor gearrchuntas ar chúrsa a shaoil i gcomhluadar den gcineál so. I Lios Carragáin a rugadh é in 1839, chuaigh ar scoil i gCarraig an Ime, i Maigh Cromtha, i gCeann Toirc is ar Coláiste Cholmán Fhear Maí agus uaidh sin ar aghaidh chuig Má Nuad. D’oibreodh mar shagart cúnta i ndornán paróistí ó 1867 nó gur cuireadh Dún ar Aill is Caisleán Ó Liatháin faoina choimirce timpeall 1891. Ní bheadh i mbéal an phobail i gceart ach gur bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893. As san go ceann breis is cúig bliana fichead, ar éigean a stopfadh an Laoghaireach de bheith gníomhach i gcothú an chultúir, ag cuidiú le heagrais Ghaeilge a leathnú is a neartú, ag tabhairt cainteanna, ag teagasc glúin óg scoláirí a mbeadh ceannasaíocht acu feasta i gcúrsaí léinn, Osborn Ó hAimhirgín, Tomás Ó Rathile agus Eleanor Knott nó a gcothrom san.

Bhronnfaí gradaim oinigh de gach sórt air agus chífí na sluaite i láthair ar a shochraid i Márta 1920.


Tharla an méid úd go léir go príomha de thoradh an tsaothair atá faoinár mbráid anois láithreach, Séadna, ceardaí dár deonaíodh trí ghuí i ndiaidh dó lámh chúnta a thabhairt do thriúr bochtán. Chuir na deiseanna ó rath nuair a bhain mí-úsáid astu le daoine a choimeád óna chathaoir shúgáin, a mhealbhóg mine agus a chrann úll. É ar ais ar a bhonnaibh tráth ar ghlac le tairscint airgid ó phearsa ana-dhíobhálach, ar coinníoll go n-imeodh leis siúd i gceann trí bliana déag. Chorródh an socrú san go mór é. Bheadh a chuid oibre, a chaidreamh ar na comharsana agus a chúinsí pearsanta faoi smál i gcaitheamh an ama. É sin go dtí gur tuigeadh dó nár mhiste dul i mbun na maitheasa ar son sláinte coirp is aigne. Cuairt an áirseora ar Shéadna, féachaint leis an aontú eatarthu a chomhlíonadh, a thugann an eachtra chun clabhsúir. Ní déarfad cad a tharla d’fhonn gan sceitheadh ar a bhfuil fágtha, go speisialta ar a son siúd nár léigh an leabhar cheana.

Mo thuairim, áfach, gur beag díobh sin sa chuideachta, mar go ndéarfainn gur tugadh tuairisc an mhéid a thit amach díbh leis an mbainne cíche.


An margadh úd leis an Diabhal, tá sé ráite gur scéal béaloidis atá ann, agus admhaíonn Peadar Ó Laoghaire féin sin. Is leagan é a gheofá ní hamháin in Éirinn ach i ndúichí eile fairis. Fiú más finscéal é, ní fhágfadh san ná go bhféadfadh bheith fírinneach bunúil ar bhealaí eile. Is mó slí atá ann chun seansanna a mhilleadh agus aithreachas ort dá bharr. Fuaireamar gach caoi mar thír le blianta, ach féach gur chuadar i bhfaighid orainn. Ghluais ansan thar teorainn isteach i dtrátha na Nollag i 2010 grúpa (agus gan aon oidhre orthu ach an Fear Dubh) le síntiús a thabhairt dúinn. Chinneadar ar dháta faoina gcaithfidís an mhaoin chéanna a fháil ar ais. Tá bráca orainn anois ag iarraidh a bhflaithiúlacht a chúiteamh leo, agus beidh, is gan radharc ar sholas sa tollán, go bhfios domsa. B’fhéidir gurb shin cúis le himleabhar seo an Chanónaigh Ó Laoghaire a lorg, féachaint an féidir dúinn puinn a fhoghlaim uaidh faoi conas teacht as sáinn a raibh láimh againn féin ina cruthú dúinn féin.

An taobh san de Shéadna gurb é Faust é, níl ansiúd ach gné amháin den gceapachán. Is scéal laistigh de scéal é an méid a scríobh an Laoghaireach. Tosnaíonn a eachtra seisean amach le cúigear suite cois tine, díorma beag óg cailíní. Duine acu, Peig, a inseann tríd síos, ag stop, mar dhea, nuair is gá an complacht a chur abhaile agus ag atosnú ag teacht chun an tí dóibh arís, agus mar seo siar amach nó go stadtar ar fad. Na hóga ag faire gach cor a chuireann an príomhcharachtar agus na dramatis personae eile díobh. Ní bhíonn lá leisce orthu iontas a dhéanamh de neamh-mheabhair Shéadna, ná alltacht a léiriú i leith an té sin, an Deamhan, a gcaitheann an gréasaí bocht broic leis. Tráchtar thar gnóthaí beaga na ngearrchailí féin agus a muintir babhtaí leis le linn na heachtraíochta. Cloistear an cineál san cabaireachta eatarthu de réir mar a thagann siad inár láthair. Ba abhar staidéir ann féin é an tslí ar chuir Peadar Ó Laoghaire ní hamháin an óige ach an bhantracht os ár gcomhair. An ceart atá dlite dó in aon anailís a dhéanfaí ar an scríbhneoireacht faoin pháiste in Éirinn is ar litríocht na mban, ní dóigh liom go bhfuair sé an ceart úd i go leor dá bhfuil ráite faoi na réimsí céanna go dtí seo.


Agus tá ansin ceist. Conas a d’fhéadfadh duine a bhí é féin breis is leathchéad bliain d’aois nuair a thóg an peann ina ghlaic timpeall 1893-94 blúire ceapadóireachta mar atá idir chamáin againn a chur de? Ba é a thoirt nuair a tháinig amach ina leabhar i 1904 glan trí chéad leathanach. Aithním go raibh Séadna roinnt blianta ag fás (bíodh is nár fiche ceann é), agus go míneodh an fhaid aimsire sin cuid dá scóip. Ach is go luath a thuig Peadar Ó Laoghaire go mbeadh toisí maithe móra ann, agus b’fhéidir an rud ar a dtugar i mBéarla anois sequel. N’fheadar ná go bhféadfadh sé trilogy a bheith aige as. Cinnte, is éard a bheadh san tsaothar a leanfadh Séadna (mar go ndúirt Ó Laoghaire go raibh sé meáite ar a shíneadh amach amhlaidh) a leithéid seo: conas a chruthaigh an laoch úd i gcomhthalán an Rí nuair a d’fhág le dul chuig an ceannaire (de bhrí ‘nach ionann dul go tigh an Rí agus teacht as’, mar a deir an seanfhocal)? Ar éirigh leis ceangal suas leis an gcailín ab ansa leis, Máire Ghearra, nó ar imigh sí seo sna mná rialta? Ba é a fheicfí san tríú páirt, mar sin, dá bpósfadh Séadna agus Máire Ghearra (agus Máire Mhór a dhéanamh di) is go mbeadh clann orthu, agus go mb’fhéidir go bhfuil a sliocht timpeall orainn inniu féin. Bí ag caint ar Cormac Mac Carthy is an triológ nó na thrillers aige siúd!


Ní chuige an spéacláireacht thuas ach lena fháil amach a leithe is a mhéid mar a taibhsíodh don Athair Peadar a d’fhéadfadh a shaothar a bheith agus a fhiafraí conas sin, nó cén tslí a mbeadh ar a chumas a chuid aidhmeanna a réaladh. I measc na bhfreagraí ba dhóchúla ar na ceisteanna úd faoina chumas chun beartú ar dhéantús liteartha is a chur i ngníomh, d’áireoinn go hard a chúlra is a chúram sagairt. Bhí an Laoghaireach ag feidhmiú san ghairm sin le go maith os cionn fiche bliain sular thosnaigh ar Shéadna. Is de dhualgais an phoist bheith ag searmóinteacht. Ní haon saineolaí mise ar an ngnó úd. Ba dhóigh liom, ámh, gur mór mar a ghabhann scéalta a insint leis an bpraeitseáil. Déarfá go raibh cur amach le dealramh ag an gCanónach Ó Laoghaire ar an eachtraíocht. Na scileanna is gá chun pictiúir i bhfocail a tharraingt, táid aige go rábach, mar shampla, tréithe gránna an Diabhail ina phearsain is ina mheon a liostáil go líonmhar, an mionáireamh ar áiteanna a siúlann Séadna tríothu sa dúthaigh máguaird leis an uaigneas a thaispeáint a thagann air an lá deiridh dá bheatha, mar a cheapann sé. Caitheann cléireach an teachtaireacht atá folaithe i scéalta a chur ina luí ar a thréad ar bhonn inchreidte a dhéanfaidh ciall dóibh ina saol laethúil. Ráineodh go mbíonn sin sa treis go háirithe le finscéalta, ar mar seo dóibh, dar leis an mbéaloideasaí Ungárach, Linda Dégh: ‘Legends treat universal concerns. They deal with the most crucial questions of the world and human life’. Faoi mar nach sagart go pobal, ní eachtra go dtí lucht a cloiste. B’fhéidir gurb shin fáth ar shanntaigh Ó Laoghaire a oiread sin go mbeadh an dá dhiminsean le Séadna, an insint agus an éisteacht (an sórt ar a nglaonn lucht léirmheasa metanarrative) chun go mbeadh cuma na cuimsitheachta ar an táirge.


An té atá i mbun na sagartachta, ní mór dó oibriú Domhnach is dálach agus rialtacht réamhullmhúcháin a chleachtadh. Mhothófá dá réir go mba thairbheach an taithí a fuair an tAthair Peadar ar labhairt go leanúnach ón altóir roimh thosnú dó ar an dtionscnamh is mó a bhuanaigh a cháil, ceann a mbeadh air cloí go dúthrachtach leis, á chríochnú. Níorbh inmheasta gan amhras gur i nGaeilge amháin ná is túisce a chuaigh sé amach ar chlis na cainte, ach ní bheadh a leithéid as áireamh ach oiread. Maireann so againn ón ndeoiseas inar oibrigh: ábhar searmóinteachta i dteanga mháthartha Bhanba leis an Athair Muiris Paodhar (1791-1877), sagart paróiste Chill Ia lá den saol, athleagan i 58 páirt de phríomheachtraí an tSean-Tiomna. Tháinig an cóiriú úd anuas chugainn i lámhscríbhinn atá i Leabharlann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, anois, is tá iarracht déanta ó shin ar a chur in eagar. Comhartha é ar an gcléir ag craobhscaoileadh an chreidimh san dá urlabhra go dtí go déanach féin.


Braitear rian na sagartóireachta agus a mbaineann léi ar shubstaint na hinste leis i Séadna maraon leis na modhanna is an meán ina ndúrathas. Thuairimeoinn gur spéis leis an gcléir iompar daoine, muna mbeadh ann ach chun comhairle a chur orthu. Deintear grinnstaidéar ceart ar an bpríomhphearsa san leabhar seo, go háirithe i ndiaidh an atharraigh dhatha a thagann air tar éis an chonartha leis an Namhaid. As sin amach, is fear é atá ‘suaite’ ann féin, mar adeir an téacs, é ‘dorcha’ ina bhéas is ina chló. Ní ‘osclódh a aigne’, i bhfoclaibh an fhoilseacháin. A mhalairt, gan amhras, a dhéanfadh an peacach san fhaoistin. Bíodh gur dócha nár scaoil Peadar Ó Laoghaire le haon rún ón mbosca seo, ní folair nó d’airigh trioblóidí go leor taobh istigh de a cheadaigh dó macasamhail an chroíbhrú a chur i mbéal an ghréasaí a airítear uaidh siúd is é ag nochtadh a chuid trioblóidí. Cá bhfios ná go raibh paróisteánach ciapaithe beacht ar leithligh ina shampla aige agus é ag cumadh múnla do Shéadna, in éineacht le pé tuiscint a bhí aige ar an gCéile Dé ba shamail aige don díthreabhach sin de cheardaí chomh maith?

Ceacht (‘uirsgéal’ i dtéarmaíocht na Meánaoiseanna) leis atá san mhór-aiste phróis seo, radharc ar na duailcí (pé acu an é leithleachas nó fonn díoltais é) is ar na suailcí (an fhéin-íobairt, an aontumhacht, cuirim i gcás) i saoldhearcadh an reiligiúin. Ní annamh sagart a bheith le feiscint inti ag feidhmiú mar aoire is mar idirghabhálaí, i gcúrsaí pósta, abair (rud a bheadh déanta ag Peadar Ó Laoghaire leis ar uairibh, déarfá; n’fheadar chomh maith ná go gcaitheadh siúd idirbheartaíocht mhíthaitneamhach a thriail anois is arís le báillí, ar a mhéid is scorn leis an sórt sin oifigigh i Séadna). É seo gan cuimhneamh ar an bplé mórthaibhseach idir an Fear Dubh agus an gréasaí agus an scéal á ainliú chun críche. Mír í sin go bhfuil mianach tráchtais dhiagachta mórálta inti ar a léitear ar a fud d’argóintí faoi chúrsaí dlí is cirt is freagrachta. Déarfá nach beag marc na Fiannaíochta fairis uirthi, ar a bhfaightear uaithi de mhacalla Phádraig, Fhionn, Oisín is Chaoilte ag sárú a chéile faoi na pointí sin. Chomh fada leis an inchur úd go háirithe, is léir gur thug an t-údar an-ghean do thraidisiúin na Féinne, toisc a mhinice a luaitear an brainse sin de chultúr na hÉireann san phíosa ceapadóireachta i gcomórtas le sraith scéalaíochta nó seanchais ar bith eile dá bhfuil le sonrú ann.

Má oireann breis a rá faoi chomhdhéanamh is faoi théamaí Shéadna, níl lá amhrais ann i dtaobh a éifeachta. Is é sin gur thug tosaíocht don ghnáthphobal ná raibh acu le fada, má bhí ar an gcuma chéanna riamh, i litríocht na Nua-Ghaeilge. Tá a aicmí siúd (idir oibrithe is saoistí is fheirmeoirí), a n-ionaid chónaithe, saothair is chaitheamh aimsire (tithe príobháideacha, ceardlanna, cnoic is bánta, aontaí is ráschúrsaí) len aireachtáil go follasach air, maraon le réimsí fairsinge dá gcaidreamh ar a chéile (díol is ceannach, bruíonta, faireachán). Déantar bunimeachtaí an leabhair a shuíomh ina measc agus a chuid cuspóirí teagascacha a thagairt dóibh. Chaithfeá dul siar go dtí an 17ú hAois le go bhfaighfeá léargas ar shaol na coitiantachta á chur ar phár sa Ghaeilge, cé nár lean sin ar fad. Nílim á rá nach raibh glór bhunáite an chomhluadair le clos i bhfilíocht an 18ú Céad, ach ba ar bhealach ana-stílithe ina cháilíocht féin é sin agus gan an oiread céanna poiblíochta a thabhairt dó i gcló ag an am. Ní fhéadfadh leithéidí Chín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin tionchar leathan a imirt toisc nach raibh foilsithe go fóill. Ar éigean, mar sin, má bhláthaigh sciar mór de shaol na hÉireann ar bhonn leathan i gceapadóireacht na teanga dúchais go dtí gur tháinig an saothar seo. Níorbh é Séadna gan amhras an t-aon bhlúire oibre leis an Athair Peadar a rachadh i gcionn ar Ghaeilgeoirí. D’fhéadfá a rá gur le Mo sgéal féin (1915) a thosnaigh traidisiún rathmhar na dírbheathaisnéise sa teangain, mar gur gearr ar a shála go bhfoilseofaí féinchuntais lucht na mBlascaodaí agus uathu sin ar aghaidh go dtí gach saghas dar bhreac gardaí, deoraithe agus mórán mór eile ó shin nach minic dóibh iad féin a chur in iúl inniu féin mBéarla na tíre. Is beag ná go gcaithfear gach duine den tromdháimh seo a áireamh ina n-oidhrí ar an gcléireach Corcaíoch, pé acu an i bhfios nó i gan fhios dóibh é.

Ná ní móide go dtiocfadh insintí samhlacha eile mar Chré na Cille chun cinn in éagmais an réamhtheachtaí atá idir lámha anso. Níorbh ionann comhthéacs a gcumtha, ach oiread leis an íomhá dá mhuintir theanntaithe fara a dteaghlaigh dhíscaoilte a cheap an t-údar Connachtach dúinn, ag oiriúint do chomhthéacs an chillín inar oibrigh i leataoibh. Dá fhad ó chéile, áfach, chomh fada le hatmaisféar is ábhar, is áitithe gur ionchomórtais iad maidir lena n-eisint chomhráiteach agus a mbeann ar shochaí sho-aitheanta. Más ann do na ceanglacha seo eatarthu, nár mhaith an cuimhneamh Séadna a thabhairt ar an saothar is ar an duine, más leithéid ‘uasal’ is bonn céille don ainm, is go mbeadh déantús ‘oirirc’ i dtús cadhnaíochta ar cheapadóireacht nua-aoiseach na Gaeilge dá thoradh? Ní fhágann sin gan dabht gur téacs gan cáim é. Tá ionramháil na leibhéal ama agus ró-mhoill na heachtraíochta ar na cleamhnais a n-éalaíonn Séadna uathu bacach go maith, gan trácht air siúd a bheith ar bóiléagar chomh rialta sin gurbh fhada leis an scríbhneoir féin, ní foláir, go bhfillfeadh mac an cheannaí air óna thréimhsí straeireachta. Agus cad é ar deireadh mar dhúshlán don Athair Peadar na réimeanna cainte ina gcuirfeadh an t-iomlán síos?

An seadú ama a bheartaigh a thabhairt ar dhruim an domhain don dteanga a chuala sa chliabhán, is cineál seal breise é nach bhfuil éagsúil puinn, má fhéachtair i slí áirithe air, leis an gcairde aimsire atá ina chnámh spairne idir laoch an scéil agus a chéile comhraic damanta, fiú munar comhghéilleadh diablaí ar fad é.


Atheagar


Níor mhiste roinnt mhaith eile a rá i dtaobh na bpointí seo ach nárbh ealaí dhúinn an oíche go léir a chaitheamh leis an léachtóireacht. Ar éigean a bheinnse i mbun na tuairimíochta seo, pé ní is fiú í, gan an ócáid ar a bhfuilimid á iarraidh sin orainn. Gan amhras, níorbh ann don teacht le chéile féin in éagmais an té eile is mó i ndiaidh an Athar Peadar is cúis leis gur tugadh sinn i bhfochair a chéile. Is é siúd an tOllamh Liam Mac Mathúna. Ní haon stróinséir sa dúthaigh an fear ardchathrach céanna, a oileadh i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, mar ar bhain céim mháistreachta amach sa Ghaeilge agus an duais mhórchlú, an Staidéaracht Taistil. Thug seal ina mhac léinn taighde in Innsbruck na hOstaire, bhí ina fhostaí ollscoile in Ollscoil Uppsala agus ar ball i gColáiste Phádraig, Druim Conrach, mar ar chuir oiliúnt ar na céadta ábhar oide scoile. Ba eisean cláraitheoir na hinstitiúide sin ar feadh os cionn deich mbliana nó gur dhein Ceann Scoile de san alma mater i UCD ar Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta. N’fheadar ó thalamh conas d’éirigh leis an Ollamh Mac Mathúna sruth scoláireachta is foilsitheoireachta ar ardcháilíocht a choimeád ag gluaiseacht, ar a raibh de dhualgais throma anuas air i gcaitheamh an ama.

Dá ilghnéithí é mar shruth, tá a leithéid seo i bpáirt ag na brainse léinn uile a shaothraíonn: go leagann a mhéar ar cheisteanna lárnacha tábhachtacha i ngach aon ghort díobh. Eisean a chiallaigh an focal gorta sa tslánchruinne dúinn, mar shampla. Tá gaol aige sin leis an téarma gor, a fheictear i bheith ar gor, ach gurb é teas é an uair seo pian a bhraithfeá tar éis do lámh a chur ar rud te, agus gurb é is gorta ann pian lasánta a mhothófá it ionathar, ón dtaobh istigh, de thoradh easpa bia, seachas an t-ocras é féin. Dar liom go mba spéis le Peadar Ó Laoghaire an méid úd ar a bhfaca de chruatan le linn an Drochshaoil. Tá Liam Mac Mathúna i ndiaidh mórán de shaíocht Ghaelach Bhaile Átha Cliath a shoilsiú, de theagmháil na Gaeilge is an Bhéarla ar a chéile, agus é ina údar ar áitainmneacha na hÉireann, ar díobh go sonrach an ‘Baile i bhFad Síos’ ina bhfuil roinnt d’eachtraí Shéadna sa tsiúl go seoigh ag an gCanónach ó Lios Carragáin.

An chomaoin áirithe a chuir Mac Mathúna ar chultúr na Gaeilge faoi deara dúinn bheith i gcuibhreann a chéile anois, is é príomhleabhar an Athar Peadar a athchóiriú dúinn é tar éis faillí na mblian, á aithint mar is dual gur bunsaothar de chuid na hAthbheochana atá ann nár mhiste a bhronnadh arís orainn. Nuair a thosnaigh an Laoghaireach amach le Séadna in 1894, chloígh le patrúin litrithe na Gaeilge Clasaicí, ach iad sin a bheith in oiriúint don urlabhra a chleacht sé féin agus pobal an cheantair ónar tháinig is ina socródh a chuntas. Tharla athruithe ar ball. Le cruthú an tSaorstáit, tosnaíodh ar an Ghaeilge a úsáid do ghnóthaí oifigiúla ar bhealach nár tharla le tamall fada roimhe. Chuige sin, beartaíodh ar chineál teanga ar comhréiteach é idir saghasanna difriúla na cainte beo agus ar an sórt peannaireachta a bhí sa chúrsaíocht. As san don gCaighdeán, don Litriú Simplí is don gCló Rómhánach. Táthar ann adeir go gcuireann a leithéid an t-aitheantas áitiúil faoi cheilt. Samhlaítear tábhacht leis an taobh logánta i gcás téacs mar Shéadna go speisialta, toisc go mbaineann a bhrí is a éifeacht le bheith á shuíomh i gcomhluadar intuigthe a dheineann eachtra fhódúil thalamhaí de bhlúire seanchaíochta a bhféadfaí iarracht mhaith den neamhréadúlacht a shamhlú léi murach sin.

Is léir go bhfuil an t-eagarthóir i mbun cothrom na Féinne a thabhairt dá oiread de na héilimh seo agus is féidir. Iad siúd, ár bhformhór anois, a d’fhreastail ar scoileanna na tíre ó lár na 1960í i leith, níorbh fhéidir leo an seantéacs a cheadú gan an saghas cúrsa a bhíonn faoi láthair againn ar an Ollscoil i ‘Léamh agus Litriú na Gaeilge’ a leanúint. Níl ann ach géilleadh don saol mar atá an saothar a sholáthar sa riocht inar dhein an taighdeoir seo. Chuaigh sé as a shlí, áfach, i dtéarmaí treoracha dá mhodh eagarthóireachta i dtús an fhoilseacháin agus chomh fada le ciútaí agus coraí an cheantair a chruinniú thiar i ndeireadh i ‘nGluais’, caint na Mumhan a bheith le mothú mar bhuneilimint tríd síos. Ní thagraím don eolas scoláiriúil a thiomsaigh is a chuir sa ‘Réamhrá’, mar a bhfaighfear tuairisc buile ar bhuile ar conas a d’fhás an déantús féin, cuntas a bhfuil údarás leis seachas an smaointeoireacht fháin a chualabhair ó mo leithéidse ó chianaibh. Tá a fheabhas mar a d’éirigh leis na tránna a fhreastal á admháil ag an bpobal acadúil ó eisíodh an t-eagrán so ar dtús i ndeireadh na 1980í. Aithníodh go mba eiseamláir do scoláirí eile é. Bhí sé chun tosaigh dá réir ar scríbhinní clasaiceacha na Nua-Ghaeilge a theacht amach arís, borradh san fhoilsitheoireacht a thug dúinn le beagán blian Peig a athcló i 1998, An tOileánach i 2002 agus Scéal mo Bheatha

i 2008 faoi chúram Choiste Litríochta Mhúscraí agus faoi stiúradh mo chomhghleacaí an Dr Seán Ua Súilleabháin ach go háirithe.


Athléamh


Mar is eol díbh, tá Séadna i leith chugainn anocht ar dhul eile go léir. Is é sin ina ‘Chlosleabhar’, téarma nár casadh orm roimhe seo. Máiréad Uí Lionaird Ghort na Scairte atá le lua leis an dtabhairt amach so agus í le moladh go hard as. Tá gaisce eile déanta aici féin agus ag a fear, Mícheál, muirear mór aitheanta a bheith orthu. Ní chuirfead síos in ord aoise iad ach de réir mar a ritheann ainmneacha cuid acu liom de mhaoil an bhaige amach. Is díobh Páidí, a bhíonn le clos ar Raidió na Gaeltachta is ar TG4 ag plé cúrsaí reatha agus ag cur comórtaisí ceoil i láthair. Tá cáil le blianta fada ar Iarla as an cumasc a shaothraíonn idir a stíl féin amhránaíochta agus nósmhaireacht shocair shoilbhir na dúthaí timpeall. Seán ag tabhairt breithiúntais ar na príntísigh d’fheirmeoirí agus Peadar os cionn sóláistí ‘Fholláin’. Níl ach aon fholáireamh nó rabhadh amháin agam díbh anois agus don gcuid eile d’bhur muintir: ‘Roll over Beethoven’. Seo chugaibh Mam. Mar adeirtear sa Bhéarla, ‘you ain’t seen nothing yet’, nó mar ba chirte a rá, ‘you ain’t heard nothing quite like it yet’!

Tagraím gan amhras don léamh atá déanta ag Máiréad ar Shéadna an Athar Peadar ar fad le chéile. Tá seo aici i bhfoirm 8 gcinn de dhioscaí agus líon éagsúil fuaimrianta ó cheann go chéile, óna 5 anuas go dtí a 3, in aghaidh an 34 caibidil san leabhar. Ní hionann a bhfad, roinnt acu faoi bhun 10 nóiméad agus a thuilleadh os cionn 20. Muna bhfuil dearmad orm, tá thart ar 9 n-uaire a chloig de thaifead iontu go léir ar an iomláine. Ní hamáin gur dúshlán mór é sin ó thaobh fuinnimh, ach sa mhéid a bhaineann leis an téacs agus na taobhaíocha difriúla atá air a athchruthú. Cuid de, is eolas lom é, ainmneacha na gcainteoirí a ghlaoch amach. Roinnt eile is ea na carachtair seo a thabhairt inár láthair ina steillebheatha. Ní mar a chéile aois ná inscne ná ról ná pearsantacht dóibh, buíon éigin acu támáilte béasach, glac díobh teanntásach borb. Geallaim díbh go bhfuil an cainteoir maith go leor don ule dhuine acu, í ag labhairt in ard a cinn is a gutha nuair is gá, nó go deas, ciúin, séimh, má theastaíonn. Agus teastaíonn scileanna eile chomh maith seachas an aisteoireacht le dul i ngleic le stíl an Athar Peadar. Babhtaí, is geall le tráchtas fealsúntachta é Séadna, uaireanta eile bheifeá fillte ar an monalóg a bhí i gceann an ghréasaí is é ag machnamh os íseal dó féin, ach nár labhradh is a chaitear a rá amach anois. Féach gurbh éigean do Mháiréad gabháil leis an saibhreas sin go léir. M’anam go mbeadh Peadar Ó Laoghaire á rá dá mbeadh an ríomhaire glúine inniu aige gurb í an Mháiréad seo an té is túisce ba chuimhin leis an scéal a insint dó!

Táim ag druidim le deireadh feasta, beidh áthas oraibh a chlos. Ní féidir linn scarúint gan focal buíochais a thabhairt thar ár gceann ar fad dóibh sin is mó a ar chóir a leithéid a rá leo. Is iad sin na foilsitheoirí ‘Cois Life’. Comhlacht a thosnaigh amach thart ar 15 bliana ó shin faoi cheannas na scoláirí an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín agus an Dr Seán Ua Cearnaigh. Sin beirt a d’eisigh buntaighde dá gcuid féin ar fhoclóireacht is ar iriseoireacht na Gaeilge, nó ar chlódóireacht na teanga chomh fada siar agus is féidir dul go dtí an 16ú hAois, tráth ar tháinig ann don meán réabhlóideach úd. Beidh a fhios ag an saol nach ag cloí leis an léann amháin atáid ach ag spreagadh na nua-scríbhneoireachta, ba chuma cén genre nó aoisghrúpa ab fhéidir a shroichint (gach ceann, idir óg is aosta). Seo togra réasúnta nua dóibh, dioscaí in éineacht leis an leabhar foilsithe. Tá siad le moladh as bheith bonn ar aon dá réir lena bhfuil ag titim amach sa tsaol timpeall. Táimid i ré na n-ilmheán anois agus is mithid déanamh amhlaidh, mar ab ansa leis an údar atáimid a chomóradh, adéarfainn. Ná cuirfeadh sé an-áthas ar Pheadar Ó Laoghaire éisteacht le Raidió na Gaeltachta agus a chuid a chlós á léamh cheana ann ag leithéidí Pheadar Ó Riada, nó teacht a bheith aige ar chartlann an stáisiúin sin, nó ar sheanchaíocht an Fheirtéaraigh mná in Ó Bhéal an Bhab? Cad é mar iontas dó focal.ielogainm.ie

, chun ach dhá thogra eile a lua a bhfuil baint ag Caoilfhionn Nic Pháidín leo faoi chúram an aonaid ollscoile FIONTAR in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath?


Mo thuairim go mbeadh sé faoi dhraíocht ar fad ag an gcrut ealaíonta álainn atá ar an dá shaothar is mó is cás dúinn, leabhar Liam Mac Mathúna faoin léaráid shamalta d’aghaidh Shéadna chráite, agus an tiachán teann ina bhfuil ábhar léitheoireachta Mháiréad Uí Lionáird. Tá fairis sin tuairisc spreagúil ó Liam Ó Muirthile faoi dhéanamh an taifid i mbileoigín i mbosca na ndioscaí, lena thuairim mheáite, san Ghaeilge bhisiúil bhlasta a scríobhann, i dtaobh ciall agus tábhacht Shéadna agus a shícé: gur ionchollú dár ré aimsire féin é d’fhear imeallaithe (an sórt, b’fhéidir, gurb é an cléireach is fearr a thuigfeadh, sa mhéid nach fear mar chách ach chomh beag é féin). Coimríonn Mac Mathúna san leabhráinín ceanna bunáite na faisnéise a thugann an t-eagrán i dtaobh stair an fhoilseacháin, mar threoir.

Is nós tagairt mar fhocal scoir don chomaoin a chuireann siad siúd ar leo an halla ar ar bhailigh isteach ann. Ráinig gur casadh orm Bríd Cranitch, stiúrthóir an Ionaid Chultúrtha, seachtain is an Luan seo caite thoir sa ‘Chapaillín Bán’ i mBaile an Chollaigh ar seisiún ceoil. Bhíos in amhras ná go mbeifí chugam mar gheall ar ainnise na cainte. Dheimhnigh Bríd dom gur pobal soghluaiste soranna sibh ar mór é bhur ndúil i gcístí agus i mbraon tae.

Féach gur fíor sin agus gur mithid dúinn tabhairt anois faoi na sóláistí úd nó faoi bholgaim níos foirfe féin.


* Caint a tugadh ar an 25 Lúnasa 2011 san Ionad Cultúrtha, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, tráth ar seoladh Peadar Ua Laoghaire, Séadna, eag. Liam Mac Mathúna, fara an saothar sin ina Chlosleabhar, arna léamh ag Máiréad Uí Lionáird (Cois Life, 2011).