Monday, May 31, 2010

Niall Tóibín ag léamh Gearrscéalta le Seán Mac Mathúna (2009)


Niall Tóibín agus sliocht as an ngearrscéal 'Leaca an Tí Mhóir á léamh aige as Gearrscéalta le Seán Mac Mathúna
, foilsithe ag Cois Life, 2009.
Gearrscéal © Seán Mac Mathúna. Taifead fuaime© Cois Life. Grianghraif © Barry Delaney.
Niall Tóibín reading an extract from the short story 'Leaca an Tí Mhóir' from the 4-CD package of Seán Mac Mathúna's short stories, published by Cois Life, 2009.
Short story © Seán Mac Mathúna. Sound recording © Cois Life. Photography © Barry Delaney.

Alex Hijmans - Favela (2009)


Favela, foilsithe ag Cois Life, 2009.
Téacs © Alex Hijmans, grianghraif san fhíseán seo © Alex Hijmans, ceol san fhíseán © Cois Life.
Cónaíonn Alex Hijmans i mbruachbhaile bocht, contúirteach sa Bhrasaíl. An t-aon duine den chine geal i gceantar plódaithe, ina bhfuil sliocht na nAfraiceach a tugadh mar sclábhaithe chun na Brasaíle ag streachailt leis an saol go laethúil, tá Alex ag iarraidh teacht ar rún mhuintir na háite: conas a éiríonn leo saol sona a chaitheamh in áit atá beo bocht?
Favela, published by Cois Life, 2009.
Words © Alex Hijmans, photography in this video © Alex Hijmans, video music © Cois Life.
Alex Hijmans lives in one of Brazil's many poor and dangerous suburbs. As the only white person in this district, populated with the impoverished descendants of Africans who were brought as slaves to Brazil, he ponders the great life secret of these suffering souls: how can they live contented lives in a place devoid of worldly possessions?

Sunday, May 30, 2010

Dermot Somers - Rince ar na Ballaí (2002)


Rince ar na Ballaí, foilsithe ag Cois Life, 2002.
Téacs © Dermot Somers, grianghraif san fhíseán seo © Robbie Fenlon, John Murray agus Dermot Somers, ceol san fhíseán © Cois Life.
Cuntas atá sa leabhar ar a shaol sléibhteora, i stíl shnoite ardcheardúil. Eachtraí a bhain de, daoine a bhí ina theannta, seanchas an tsléibhe, agus a chuid tuiscintí féin ar a cheird agus ar an daonnacht, atá ann agus an t-iomlán fite aige i dtráchtaireacht leanúnach nach bhfuil gann ar an ngreann bearrtha. Creidimid gur sárleabhar é seo ó dhuine de scéalaithe agus de ghuthanna sainiúla na haimsire seo. Tá na carachtair agus na daoine curtha ina steillebheatha aige ar an leathanach ar shlí a bheireann bua ar an scáileán féin.
Rince ar na Ballaí, published by Cois Life, 2002.
Words © Dermot Somers, photography in this video © Robbie Fenlon, John Murray and Dermot Somers, video music © Cois Life.
Rince ar na Ballaí, is an account of Somers' mountaineering expeditions from the Alps to the Himalayas, and of his journeying with a camel train in the Sahara, which follows an ancient traditional route to sell salt. Dermot Somers is already a published author in English but Rince ar na Ballaí is his first book in Irish. Rince ar na Ballaí is a thoughtful, searching memoir, written with rigour and wry humour, in a crafted and textured style. It mirrors his physical terrains. It is as much a discovery of new landscapes as of language pushed beyond familiar boundaries. Self-effacing, Somers has an eagle’s eye for detail, making the strange familiar and recognisable. He is a natural storyteller and raconteur, and describes the highly technical craft of mountaineering and climbing with great ease in Irish. He brings his characters and companions to life. We breathe their air.

Closleabhar le Mac Mathúna agus Tóibín (2009) / Audiobook of Seán Mac Mathúna's work read by Niall Tóibín (2009)

(Niall Tóibín, Seán Mac Mathúna)

Samhain 2009
Ag ócáid ceiliúrtha in Amharclann na Mainistreach i mí na Samhna 2009, sheol an t-aiseoir iomráiteach Barry McGovern an closleabhar Gearrscéalta le Seán Mac Mathúna á léamh ag Niall Tóibín. Ocht scéal as an gcnuasach Úlla atá ar na ceithre dhlúthiosca sa phacáiste seo in abhfuil leabhrán eolais le réamhaiste le hEoghain Ó hAnluain faoi cheird Uí Mhathúna. Mar chuid den ócáid eagraíodh agallamh poiblí ar Niall Tóibín agus Theo Dorgan mar fhear an tí.
(Barry McGovern, Niall Tóibín, Seán Mac Mathúna, Theo Dorgan)

November 2009
In the Abbey Theatre in November 2009 Barry McGovern launched the audiobook Gearrscéalta le Seán Mac Mathúna read by Niall Tóibín. There are eight stories from the collection Úlla on four CDs in this package which includes a booklet with an introductory essay by Eoghain Ó hAnluain exploring Mac Mathúna's gifts as a short story writer. As part of the event, a public interview of Niall Tóibín was conducted by Theo Dorgan (below).
(Grianghraif / Photography: Barry Delaney)