Friday, February 14, 2014

An Colm Bán

Úrscéal nua le Liam Ó Muirthile (Duais Oireachtais 2013)





Saothar neamghghnách é seo a nascann gnéithe de scéal na hÉireann le mórscéal Mhór-Roinn na hEorpa. Scéal Nora Buckley, searbhónta as Iarthar Chorcaí, a théann ag rince ar stáitse na Folies Bergère i bPáras san blianta tar éis an Chéad Chogaidh Mhóir, agus ina theannta sin, údar ar thóir scéal Nóra i bPáras na haimsire seo. 

Mar fhile, iriseoir, drámadóir agus úrscéalaí, tá Liam Ó Muirthile tar éis forbairt ar bhonn leanúnach ó tháinig sé faoi bhráid an phobail mar fhile de lucht Innti in 1969 sa tslí is go n-aithneodh aon duine a stíl anois is cuma cén seánra a chleachtann sé. Bhí an-ráchairt ar a úrscéalta eile, Ar Bhruach na Laoi (1995) agus Sceon na Mara (2010), tráth a bhfoilsithe. Seo a leanas sliocht as an gcéad chaibidil:
'Sna huaimheanna faoi thalamh in ambasáid Phoblacht na Seice i rue Bonaparte a bhí The Paris-Prague Jazz Club. Slua ardmheanmach istigh, an áit ag borradh le ceol, ól, bia agus dóchas úr na hóige ó thíortha an Oirthir a raibh soláthar dóibh siúd leis, den chéad uair leis na glúnta, i gcliabhán na hEorpa.

Tart agus dóchas in éineacht ab ea é, an tart gan a bheith ina chraos go fóill, agus an dóchas gan a bheith róshaonta. An taoide fuinnimh a bhí ag trá i mball amháin ann, bhí sé ag bualadh leis an taoide ag líonadh i mball eile, mar a bheadh nóta ar an dé deiridh ar an bpianó, nach mór, a d’aimseodh athanáil ón olldord.

Bhí a raibh ann i láthair an cheoil nua agus dá fheabhas an jazz saorchruthach ag cruthú nuachruthanna go dí-armónach, fós bhí macalla seanfhuaimeanna le clos tríothu ach na cluasa a bhioradh. Thugas mo chluasa go hiomlán don jazz agus gean don triúr seinnteoirí a d’fhuin tríd an gcorp amach a gcuid ceoil. Seapánach mná ar an bpianó, folt dubh, éadan ard, seaicéad dearg sróil fáiscthe go docht go coim uirthi, beoldath craorag, gháir sí oiread den cheol amach trína déad is a sheinn sí lena méireanna. Í déadgheal méarmhear, thugas oiread taitnimh dá gáirí geala béil agus a thugas dá nótaí geala ceoil, go háirithe nuair a chuireadh na ruthaigí seanma ina seasamh í óna stól.

Éirí agus suí ar fad ab ea í ansin, flosctha le rithim an cheoil.

Glacadh seilbh ar an slua.

Glacadh seilbh ar an drumadóir.

Glacadh seilbh ar sheinnteoir an olldoird.

Bhíodar ag freagairt dá chéile ina nduine is ina nduine. Iad ag cumadh, ag athchumadh, ag imeacht leo ina ruathair aonair cheoil ach ag filleadh de shíor ar lár comhsheanma, ar an dord bunaidh.

Ar an timthriall síoraí.'

Tá an leabhar ar fáil ar www.coislife.ie.
 
€14 (bog) €20 (crua). 

No comments:

Post a Comment