Showing posts with label Irish-language_literature. Show all posts
Showing posts with label Irish-language_literature. Show all posts

Monday, September 1, 2014

Leabhar nua: Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana

TÉARMAÍOCHT GHAEILGE NA hATHBHEOCHANA

Ar fáil anois!

 


Tá an t-ochtú leabhar sa tsraith monagraf Lúb ar Phár ar fáil anois. Sa saothar seo, ríomhann Conchúr Mag Eacháin scéal na téarmaíochta Gaeilge le linn na hAthbheochana go dtí 1927 nuair a chuir an Roinn Oideachais de Rialtas Shaorstát Éireann coiste téarmaíochta ar bun. Féachtar ar staid na téarmaíochta Gaeilge lena linn sin agus déantar iniúchadh ar an phlé a rinneadh faoi mhaoirseacht shaothrú na téarmaíochta maidir le coistí nó acadaimh téarmaíochta agus eile. Scrúdaítear seifteanna ceapadóireachta na téarmaíochta idir chumadóireacht agus iasacht, agus ról na teanga beo agus theanga na seanlitríochta i nuachóiriú an fhocalstóir Gaeilge. Breathnaítear ról agus stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus ar an tionchar a d’imir sé sin ar thuairimí phobal na Gaeilge i dtaobh na teanga agus na téarmaíochta féin. Tá réimse leathan de na hailt agus de na foinsí bunaidh curtha san áireamh sa saothar – rud a chuireann go mór le tuiscint an lae inniu ar mhórscéal seo na hAthbheochana.

This work gives an account of Irish-language terminology during the Revival until 1927 when the Department of Education of the Irish Free State established the terminology committee.The role and status of Irish as a national language and its influence on the views of the Irish-language community regarding the language and terminology itself are also looked at. A wide range of the original articles and sources are included in the work – which greatly contributes to the modern understanding of the Revival.

Sliocht as caibidil 2:

'"Milis an teanga an Ghaedhealg,/Guth gan chabhair choigcríche (Mac Giolla Eáin 1900: 17)" Is línte filíochta iad seo a leagtar ar Sheathrún Céitinn de ghnáth agus an file clúiteach ag moladh acmhainn na Gaeilge, cé go ndeir Cunningham (2000: 128) nach móide gur chum an Céitinneach na véarsaí seo. Ar ndóigh, tuigtear nach fíor an méid sin i gcás na Gaeilge ná i gcás teanga ar bith eile go dearfa, mar a mhaíonn Jespersen: ‘No language is ever entirely free from borrowed words, because no nation has ever been completely isolated’ (1922: 208); agus Thomason: ‘Language contact is everywhere: there is no evidence that any languages have developed in total isolation from other languages’ (2001: 8). Ag brath ar chúrsaí polaitiúla agus sóisialta agus ar theagmháil le cultúir agus le teangacha eile bhí téarmaí nua ag teacht isteach sa Ghaeilge ar dhóigheanna éagsúla.'



ISBN: 9781907494413
Praghas: €20
Ar fáil ar www.coislife.ie 

Monday, June 9, 2014

An post lae agus an méar fhada

Aoi-bhlag Alex Hijmans




Fitting writing in with a demanding day job is always a challenge – but a story can be written a line a day if need be, Alex Hijmans writes in the sixth episode of his monthly guest blog on creative writing.

Bíonn méara fada ag scríbhneoirí. Go mion minic, cuireann siad ina luí orthu féin nach bhfuil an t-am acu dul i mbun pinn.

Bréag atá ansin.

Gan dabht, bíonn misneach ag teastáil chun am a chur i leataobh d’fhiontar ar bith nach bhfuil toradh cinnte ag baint leis. Sin mar atá an scríbhneoireacht, faraor: ní léir i gcónaí gur fiú an tairbhe an trioblóid, go mbeidh luach ar ár saothar. Ar an drochuair, bíonn gréim le cur inár mbéal agus bíonn billí le n-íoc.


Údair mhórdhíola fágtha as an áireamh, is beag duine a n-éiríonn leis maireachtáil ar scríbhneoireacht fhicsin amháin. Bíonn post lae ag gcuid eile againn. Agus ní drochrud é sin: soláthraíonn post lae sruth seasta scéalta.


Nó ábhair scéalta, cibé. Go ró-mhinic, maraíonn an post lae amach muid. Bhí smaoineamh iontach agam féin, tráth: teach caife a oscailt. D’íocfadh an gnó sin na billí agus bheadh spás galánta agam chun díriú ar mo chuid scríbhneoireachta, gan cupán espresso i bhfad riamh. Bhuel, bhí an teach caife sin agam ar feadh cúig bliana go leith, agus i rith an ama sin ar fad, níor éirigh liom ach gearrscéal nó dhó a chríochnú. Na tograí liteartha eile ar fad ar chuir mé tús leo, níor éirigh liom iad a thabhairt chun críche: nuair a thagainn abhaile tar éis lá fada ag déanamh caife agus ceapairí, ní bhíodh an fuinneamh agam suí síos agus scéal a scríobh. Nó sin an bhréag a d’insínn dom féin.


An botún a bhí á dhéanamh agam, an t-am sin, ná a cheapadh go gcaithfinn scéal iomlán a scríobh san aon iarraidh amháin (nó gar go leor d’aon iarraidh amháin.) Go gcaithfinn an lá ar fad a bheith saor agam, nó níorbh fhiú peann a chur ar phár. Rinne mé dearmad go bhfuil gach scéal déanta suas as abairtí aonair, agus go bhféadfaí scéal a scríobh abairt amháin in aghaidh an lae dá mba ghá.


Fiú an té a bhfuil post lae dúshlánach aige, a chaitheann uair an chloig ar an traein i ndiaidh na hoibre agus a mbíonn scaifte gasúr ocrach ag fanacht air nó uirthi sa bhaile agus páirtnéir atá faoi strus ag a p(h)ost lae féin anuas ar gach rud eile – fiú an té sin, bíonn nóiméad nó dhó aige chun suí síos agus abairt nó dhó a chur ar phár. Le linn an turais traenach abhaile, mar shampa! An dúshlán a bhíonn roimh an scríbhneoir a bhfuil saol gnóthach aige ná na poill agus na prochóga ina sceideal a aithint – agus úsáid a bhaint astu.


Ar ndóigh, caithfear é seo a dhéanamh go rialta – gach lá, más féidir. Téann smaointe agus scéalta le sruth má chuirtear ar an méar fhada iad. Cé gur áis iontach é an leabhar nótaí, molaim filleadh ar thogra scríbhneoireachta go laethúil go dtí go mbíonn an chéad dréacht críochnaithe. Ina dhiaidh sin, cuirfidh tú an chéad dréacht sin ar an gcarn múirín (féach eagrán na míosa seo caite) agus tabharfaidh tú aghaidh ar an gcéad togra eile.


Beidh amantaí ann, áfach, go mbeidh fonn ort tú féin a chaitheamh ar an gcarn múirín, leis. Tá intinn an scríbhneora mar a bheadh garraí ann: má chuirtear barr i ndiaidh barra, ídítear an chré. Caithfear sos a thabhairt don tsamhlaíocht ó am go chéile le go mbeidh sí faoi bhláth go rialta. Caithfear sosanna rialta a thabhairt do mhatáin na meabhrach freisin: beidh siad uainn agus muid i mbun eagarthóireachta – ach sin ábhar na míosa seo chugainn.


Eagráin eile den aoibhlag anseo


Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)


Sunday, February 10, 2013

Seoladh Fuíoll Feá le Liam Ó Muirthile 8 Feabhra 2013 / Launch of Fuíoll Feá in the Unitarian Church 8 February 2013

[scroll down for English language version, please!]

Bhí ócáid fhíorthaitneamhach ag Cois Life san Eaglais Úintéireach, Faiche Stiabhna, BÁC 2, dé hAoine 8 Feabhra tráth ar seoladh Fuíoll Feá: Rogha Dánta / New and Selected Poems le Liam Ó Muirthile. Is é seo an chéad mhór-rogha dá shaothar filíochta a foilsíodh agus an chéad leabhar dátheangach leis ina bhfuil leaganacha Béarla dá shaothar ann. Gabriel Rosenstock - mórfhile aitheanta eile agus sáraistritheoir - a d'aistrigh formhór na ndánta ach tá roinnt leaganacha eile sa leabhar le daoine eile ar nós Paul Muldoon, Peter Sirr agus eile. 
Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock
 Bhí idir cheol is fhilíocht ag an ócáid. Chuir an fear a' tí, Cathal Póirtéir an oíche i láthair agus choinnigh stiúir ar an mbabhtáil idir na focail fhileata agus na nótaí maise ceoil. Léirigh sé tuiscint an scoláire agus é ag cur síos ar shaothar Liam ach níorbh fhada uaidh a chuid scileanna léiriúcháin - agus leathshúil aige ar an gclog ar feadh an ama! Le tús a chur leis an oíche sheinn Peter Browne roinnt dreasanna ceoil a mhacallaigh timpeall na heaglaise go binn. Ansin léigh Liam roinnt dánta as an gcnuasach agus d'aithris Gabriel ansin an t-aistriúchán a bhí déanta aige. Ansin rinneadh uainíocht le dreasanna ceoil le scoth na n-oirfideach: Peter Browne, Caoimhín Ó Raghallaigh agus Iarla Ó Lionaird. Luaigh Liam gur i stiúideo Iarla a rinneadh taifeadadh ar an dlúthdhiosca a ghabhann leis an leabhar, diosca ar a bhfuil roinnt dánta agus aistriúchán á n-aithris aige féin agus ag Gabriel.
Iarla Ó Lionaird, Peter Brown, Liam Ó Muirthile, Cathal Póirtéir, Gabriel Rosenstock, Caoimhín Ó Raghallaigh
Ghabh Liam buíochas le Gabriel ní hamháin as na haistriúcháin ach as an spreagadh agus as an gcabhair agus an gcairdeas uile thar na blianta. Ghabh sé buíochas freisin leis na haistritheoirí eile a bhfuil saothar leo sa chnuasach agus leo siúd ar tiomnaíodh dánta dóibh. Thagair sé go sonrach do bheirt atá ar shlí na fírinne agus a bhraith sé uaidh ar an oíche: Michael Davitt, file eile den bhuíon INNTI agus, mar a dúirt Gabriel, 'fathach', agus an tOllamh Bob Welsh, a cailleadh le déanaí agus a bhí ar an mbeagán a thuig an dá thraidisiún teanga in Éirinn. Gach seans gur bhraith an slua 150 duine a bhí an Eaglais Úinitéireach nach rófhada uathu a bhí an bheirt seo ar an oíche. Slua ildánach ilaoiseach a bhí ann - daoine ar mór leo an fhilíocht - agus an ceol. Bhí an t-aos léinn i láthair go tiubh, ar ndóigh - chonacthas an tOll Alan Titley i láthair, mar shampla agus bhain slua ón dara bliain in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath atá ag staidéar an Bhéarla an-taitneamh as an oíche chomh maith. Tá Cois Life buíoch den Chomhairle Ealaíon agus d'Fhoras na Gaeilge as a dtacaíocht leanúnach. Tá buíochas ar leith ag dul do Kevin Robinson san Eaglais Úinitéireach as a chúnamh uile.

Cois Life organised a very enjoyable and unusual evening in the Unitarian Chapel, St. Stephen's Green, Dublin 2 on Friday 8th of February to launch Fuíoll Feá: Rogha Dánta / New and Selected Poems by Liam Ó Muirthile. This is the first major selection of Liam's work from his various collections to be published and the first bilingual book with English versions of all the poems. Gabriel Rosenstock - a renowned poet himself and master translator - produced most of the translations but some versions are by other hands such as Paul Muldoon, Peter Sirr and others. 

An file sa lár agus é ag baint taitnimh as a chlann mac, Ciarán, Iara Donncha agus Rónán: the poet centre stage joking with his sons Ciarán, Iarla, Doncha and Rónán
  It was a night of both music and poetry. Master of Ceremonies Cathal Póirtéir presented the evening's events with a depth of understanding and considerable practical skill as befits a scholar and  seasoned radio producer and handled the transitions from poetry to music seamlessly. Peter Browne's piping rang through the beautiful old building and then Liam read some poems and then Gabriel read his translations of them. The musicians were Peter Browne, Caoimhín Ó Raghallaigh and the doyen of sean-nós singing, Iarla Ó Lionaird. Liam mentioned that the recordings of some of the poems and their translations on the CD which accompanies the book were made in Iarla's studio. 

Mná calma Chois Life!  An Dr Caoilfhionn Nic Pháidín, Comhstiúrtóir an tigh foilsitheoireachta, Fionnuala Cloke, Oifigeach Foilseachán agus Julianne Ní Chonchúir, Comhlairleoir Cumarsáide. Formidable ladies from Cois Life! Dr Caoilfhionn Nic Pháidín, Co-Director of the publishing house, Fionnuala Cloke, Publications Officer and Julianne Ní Chonchúir, Communications Consultant. 
 Liam thanked Gabriel not just for the translations but for comvincing him to undertake the project and said that it reflected their long friendship. He also thanked the other translators of work in the book and those to whom poems were dedicated. He mentioned two people in particular who are no longer with us: Michael Davitt, another INNTI poet, and indeed as Gabriel said 'a giant' of poetry and  Bob Welsh, former Professor of English in the University of Ulster, who died recently. Bob, said Liam, was one of the few who had a deep understanding of both the English and Irish language traditions in Ireland. The 150 or so strong audience at the event probably felt that these two were present in spirit on this special night for Irish literature. The audience was varied and represented all age groups - lovers of poetry and music. Academics were out in force - Prof. Alan Titley congratulated Liam and Gabriel afterwards and a number of second year students of English from the National University of Ireland, Dublin said they enjoyed the night also. Cois Life is - as always - grateful to the Arts Council and Foras na Gaeilge for their continued support. Also a special word of thanks to Kevin Robinson of the Unitarian Church for all his help.