Showing posts with label Alex_Hijmans. Show all posts
Showing posts with label Alex_Hijmans. Show all posts

Wednesday, October 29, 2014

Dúshláin a bhaineann le scríbhneoireacht i nGaeilge

Aoi-bhlag Alex Hijmans





The market for books in Irish is limited – but should a writer worry about sales in the first place? Alex Hijmans asks in the tenth episode of his monthly guest blog on creative writing.

Tháinig ráiteas bliantúil maidir le díolacháin mo chuid leabhar sa ríomhphost an lá faoi dheireadh. Bíonn drogall áirithe ar scríbhneoirí agus foilsitheoirí na Gaeilge figiúirí díolacháin a phlé go poiblí, ach measaim gur fiú sin a dhéanamh anseo toisc gur cheart go mbeadh tuiscint réadúil ar an margadh ag aon duine a bhfuil sé ar intinn aige nó aici tabhairt faoi scríbhneoireacht fhicsin nó neamhfhicsin i nGaeilge. 
Le bliain anuas, díoladh 140 cóip de Splancanna ó shaol eile, leabhar grianghrafadóireachta agus aistí de mo chuid a foilsíodh anuraidh. Sin dhá scór níos lú ná mar a dhíol m’úrscéal Aiséirí, ceithre scór níos lú ná mar a dhíol mo leabhar neamhfhicsin Favela agus céad agus a haon chóip níos lú ná mar a dhíol mo chnuasach gearrscéalta Gonta sa chéad bhliain ar an margadh dóibh. Ní cúis dhíomá é seo dom, áfach, toisc go bhfuil sé faighte amach agam ó na ráitis bhliantúla seo go mbíonn díol réasúnta seasta ar mo chuid leabhar fiú agus cúpla bliain ar an margadh acu. Fiú agus cúig bliana sna siopaí ag Favela, díoladh 34 chóip den saothar sin anuraidh. Agus bhí lúcháir orm a fheiceáil gur díoladh 62 chóip d’ Aiséirí le bliain anuas – a dhá oiread agus a díoladh den leabhar sin an bhliain roimhe.*
Idir 140 cóip (Splancanna ó shaol eile) agus 241 cóip (Gonta) sa chéad bhliain ar an margadh, cúpla scór cóip in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin – gach uile sheans go bhfuil daoine ann a gcuirfeadh na figiúirí seo lagmhisneach orthu. Ní chuireann ormsa, áfach. Is mór an méad 241 leabhar: bheadh trioblóid ort iad ar fad a chur i gcúl do chairr. Agus is mór an líon daoine iad 140 léitheoir: líonfá halla pobail leo.
An té a chuireann an dua air nó uirthi féin leabhair a scríobh i nGaeilge, ní mór dó nó di a bheith réadúil faoi chúrsaí. Tá an margadh teoranta – cé nach bhfuil sí baileach chomh teoranta agus a shamhlaigh mé féin, iriseoir soiniciúil, sular thosaigh mé ag fáil na ráiteas bliantúla seo ó Chois Life. Tá léitheoirí ann – agus is dream iontach agus dílis iad. Is iomaí ríomhphost díreach ón gcroí atá faighte agam síos tríd na blianta ó dhaoine nach bhfuil aon aithne agam orthu, is minic a ghealann tuít gan choinne ina moltar ceann de mo chuid leabhar mo lá, bhí idir ionadh agus lúcháir orm nuair a chuir grúpa léitheoireachta in oirdheisceart na tíre grianghraf chugam ina raibh cóip de Favela ina ghlac ag gach ball den chumann. An t-aiseolas dearfach seo nach bhfuil coitianta in aon chor i saol na hiriseoireachta ach a bhaineann go dlúth, is léir, le scríbhneoireacht leabhar, éascaíonn sé saol an údair a mbíonn a fhios aige nach ndíolfar ach cúpla céad cóip dá chuid saothar. 
Ar scáth a chéile a mhaireann an scríbhneoir agus an léitheoir Gaeilge. ‘Murach do leithéidse, ní bheadh aon rud le léamh ag mo leithéidse,’ a dúirt léitheoir as oirthear na tíre liom tráth. Sin í an fhírinne ghlan ar ndóigh – cé go bhfuil súil agam nach gceannaíonn éinne mo chuid leabhar díreach toisc gur leabhair Ghaeilge iad.
Tugaim faoi deara, ar athléamh na míre seo dom, nach bhfuil freagra tugtha agam ar an gceist úd a chuirtear orm ar a laghad sé chéad agus a seachtó seacht míle uair gach babtha a thugaim camchuairt phoiblíochta timpeall na hÉireann do shaothar nua: ‘Cén fáth gur i nGaeilge a scríobhann tú do chuid leabhair?’ Is dócha nár rith sé liom an cheist sin a fhreagairt go dtí anois toisc nach ceist domsa í in aon chor. Scríobhaim ficsean agus neamhfhicsean i nGaeilge (agus i dteangacha eile) toisc go bhfuil scéal le hinsint agam, sin uile. Agus sin go deimhin an t-aon chúis amháin gur cheart do scríbhneoir ar bith dul i mbun pinn. Má ardaíonn an scríbhneoireacht féin do chroí agus d’anam, má bhíonn tú cinnte go gcomhlíonann an saothar críochnaithe do chuid spriocanna féin, cén fáth a mbeifeá buartha faoi fhigiúirí díolacháin?
Dúshláin eile
Bíonn ar an scríbhneoir Gaeilge aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eile, dúshláin a bhaineann leis an teanga féin. Seo achoimre ar chuid acu.
Canúint nó caighdeán?
Is minic a bhíonn ceist na gcanúintí ina céasadh do scríbhneoirí – ach ní gá. Cloíonn formhór na bhfoilsitheoirí Gaeilge leis an gCaighdeán agus – dar liomsa – is maith sin. ‘Gaeilge na leabhar’ a thugtar ar an gCaighdeán sa Ghaeltacht go fiodmhagúil ach is maith ann í, óir cinntíonn sí gur féidir le léitheoirí ó cheann ceann na tíre an leabhar céanna a léamh gan stró. Mar sin féin, tá spás san fhicsean do na canúintí: sa chaint. Ní hé sin le rá go bhfuil sé inmholta do chuid carachtar a chur ag spalpadh leaganacha cainte réigiúnda gan srian – bíonn blas ar an mbeagán. 
Téarmaíocht
Luath nó mall, agus an scríbhneoir Gaeilge i mbun pinn, tiocfaidh ceist théarmaíochta éigin aníos. Ar ndóigh is iomaí áis, idir fhoclóirí agus shuíomhanna idirlín, atá ar fáil sa lá atá inniu ann – ach is í bun agus barr na ceiste ná: an dtuigfidh an léitheoir é? San fhicsean ach go háirithe, más féidir téarmaíocht theibi nach bhfuil cleachtadh ag léitheoirí uirthi a sheachaint is amhlaidh is fearr é; muna bhfuil an dara rogha ann, bíodh an téarma nuachumtha soiléir ón gcomhthéacs.
Léigh an téacs amach os ard
Léim rud ar bith a scríobhaim i nGaeilge amach os ard. Éascaíonn glórtha an bhogearra Ghostreader mo shaol i gcás mo chuid scríbhneoireachta i mBéarla agus in Ísiltíris, ach is baolach nach bhfuil bogearra sásúil ‘téacs-go-caint’ ar fáil don Ghaeilge fós (má bhíonn, cuirigí ar an eolas mé!) Is é an chaoi ná go mbíonn an chluas níos níos éifeachtaí ná an tsúil sa chuid dheireanach den phróiseas eagarthóireachta, nuair a chaithfear botúin ghramadaí, comhréire agus litrithe a aimsiú.
Cabhair
Má bhíonn ceist theanga agat nach féidir leat féin a fhreagairt – bíodh téarmaíocht, gramadach nó leagan cainte i gceist – ná bíodh leisce ort cabhair a lorg ó chainteoir a measann tú go mbeadh an freagra sin aige nó aici. Níl aon náire ag baint le cúnamh a iarraidh. Bíonn mo chairde féin á gcéasadh agam nach mór go laethúil – ní amháin mo chairde Gael ach cainteoirí Ísiltírise agus Béarla chomh maith. Agus ní drochrud é in aon chor go mbeadh do chairde ar an eolas go bhfuil togra litríochta idir lámha agat: gach seans go ndíolfaidh tú cúpla cóip sa bhreis nuair a fhoilseofar é!

* Cruachóipeanna amháin atá san áireamh sna figiúirí atá luaite agam sa bhlag seo; níl briseadh síos de réir saothair ar fáil do dhíolacháin na ríomhleabhar.


Eagráin eile den aoibhlag anseo


Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)

Thursday, August 14, 2014

Rialacha agus uirlisí na ceirde

Aoi-bhlag Alex Hijmans





The editing process is where craft comes in: in this eighth episode of his monthly guest blog on creative writing, Alex Hijmans takes a look in the author’s toolkit.



Ní nach ionann agus an chéad dréacht, baineann rialacha leis an dara dréacht agus le gach uile dhréacht ina dhiaidh sin. Ceird is ea í an eagarthóireacht; seo sracfhéachaint isteach i mbosca uirlisí an scríbhneora.

Fear nó bean inste an scéil
An bhfuil an scéal á insint ag an duine ceart? Tá seo ar cheann de na chéad cheisteanna atá le freagairt ag an údar agus é ag dul i mbun eagarthóireachta ar scéal nua den chéad uair. Uaireanta rithfeadh sé leat, ar athléamh an chéad dréachta duit, nach é an carachtar a bhí ar intinn agat ar dtús príomhcharachtar an scéil ar chor ar bith. n mbeadh an scéal ní b'fhearr dá bhfaighimis léargas duine de na carachtair eile? Seo an t-am leis an gcinneadh sin a dhéanamh.

An pointe féachana
An cinneadh sin déanta, is gá breathnú ar cheist atá fite fuaite leis: an pointe féachana. Is féidir dul ag argóint faoi theoiricí litríochta anseo, ach go hachoimreach, is féidir scéal a insint sa chéad phearsa agus sa tríú pearsa, agus is féidir leis an tríú pearsa a bheith uilefheasach má theastaíonn uait. Is féidir scéal a insint sa dara pearsa freisin (agus tá sé déanta, i nGaeilge, ag Pádraig Ó Siadhail san úrscéal Parthas na gCleas (Cló Iar-Chonnacht, 1991)) ach níl sé pioc coitianta.
Tá a bhuntaistí agus a laincisí féin ag baint le gach ceann de na pointí féachana seo. Níl spás sa bhlag seo chun iad sin a phlé go mion, ach is féidir an méad seo a rá faoi: dá ghaire an pointe féachana d’aicsean an scéil, is ea is mine an léargas a thabharfaidh sé. Ar an gcaoi céanna, dá fhaide an pointe féachana ó aicsean an scéil, is ea is fairsinge an léargas.
An rogha déanta, caithfear cloí leis: tá botúin leis an bpointe féachana ar na cinn is tromchúisí gur féidir le scríbhneoir a dhéanamh.

Aimsir
An bhfuil an scéal á insint san aimsir cheart? Sin ceist eile a chaithfidh an t-údar a chur air féin agus é ag dul i mbun eagarthóireachta ar scéal nua den chéad uair. Go hiondúil, insítear scéalta san aimsir chaite nó san aimsir láithreach; tagann an aimsir chaite go nádúrtha don scéalaí ach tugann an aimsir láithreach beocht bhreise don scéal. Ar ndóigh, is féidir babhtáil eatarthu, ach caithfear ciall a bheith le gach athrú.

Carachtar
Ní chuireann an scríbhneoir aithne cheart ar a chuid carachtar go dtí go mbíonn sé i mbun eagarthóireachta. Is ansin a thugann sé faoi deara cén dearcadh atá ag a charachtair ar an saol – agus má dhéanann sé a jab i gceart, úsáidfidh sé an t-eolas sin i ngach gné den chur síos orthu: gníomhartha, smaointe agus caint.

Caint
Gné ar leith de cheird na heagarthóireachta an chaint idir na carachtair. Arís, níl dóthain spáis sa bhlag seo chun cur síos a dhéanamh ar an ealaín seo go mion, ach is féidir an méad seo a rá faoi: is é an dúshlán a bhíonn roimh an údar ná cuma nádúrtha a chur ar chaint a bhíonn, nach mór i gcónaí, mínádúrtha.

Uirlisí eile
Tá neart gléasanna eile i mbosca uirlisí an scríbhneora: tá am, áit, achoimre, rithim agus an rud teibí seo ar a dtugtar ‘glór’ ar chuid acu. Molaim d’éinne a bhfuil spéis dháiríre acu sa scríbhneoireacht chruthaitheach Self-Editing for Fiction Writers le Renni Browne agus Dave King (HarperResource, 1993 / 2004) a cheannacht. Más ann dá leithéid agus ‘Bíobla na heagarthóireachta’, seo é.

Is féidir le próiseas na heagarthóireachta a bheith dúshlánach go leor don té atá ag dul i ngleic leis den chéad uair, ach is fiú go mór do chuid féin a dhéanamh den cheird: nuair a bheidh na rialacha ar eolas agat, is féidir iad a bhriseadh.

Eagráin eile den aoibhlag anseo


Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)


Monday, June 9, 2014

An post lae agus an méar fhada

Aoi-bhlag Alex Hijmans




Fitting writing in with a demanding day job is always a challenge – but a story can be written a line a day if need be, Alex Hijmans writes in the sixth episode of his monthly guest blog on creative writing.

Bíonn méara fada ag scríbhneoirí. Go mion minic, cuireann siad ina luí orthu féin nach bhfuil an t-am acu dul i mbun pinn.

Bréag atá ansin.

Gan dabht, bíonn misneach ag teastáil chun am a chur i leataobh d’fhiontar ar bith nach bhfuil toradh cinnte ag baint leis. Sin mar atá an scríbhneoireacht, faraor: ní léir i gcónaí gur fiú an tairbhe an trioblóid, go mbeidh luach ar ár saothar. Ar an drochuair, bíonn gréim le cur inár mbéal agus bíonn billí le n-íoc.


Údair mhórdhíola fágtha as an áireamh, is beag duine a n-éiríonn leis maireachtáil ar scríbhneoireacht fhicsin amháin. Bíonn post lae ag gcuid eile againn. Agus ní drochrud é sin: soláthraíonn post lae sruth seasta scéalta.


Nó ábhair scéalta, cibé. Go ró-mhinic, maraíonn an post lae amach muid. Bhí smaoineamh iontach agam féin, tráth: teach caife a oscailt. D’íocfadh an gnó sin na billí agus bheadh spás galánta agam chun díriú ar mo chuid scríbhneoireachta, gan cupán espresso i bhfad riamh. Bhuel, bhí an teach caife sin agam ar feadh cúig bliana go leith, agus i rith an ama sin ar fad, níor éirigh liom ach gearrscéal nó dhó a chríochnú. Na tograí liteartha eile ar fad ar chuir mé tús leo, níor éirigh liom iad a thabhairt chun críche: nuair a thagainn abhaile tar éis lá fada ag déanamh caife agus ceapairí, ní bhíodh an fuinneamh agam suí síos agus scéal a scríobh. Nó sin an bhréag a d’insínn dom féin.


An botún a bhí á dhéanamh agam, an t-am sin, ná a cheapadh go gcaithfinn scéal iomlán a scríobh san aon iarraidh amháin (nó gar go leor d’aon iarraidh amháin.) Go gcaithfinn an lá ar fad a bheith saor agam, nó níorbh fhiú peann a chur ar phár. Rinne mé dearmad go bhfuil gach scéal déanta suas as abairtí aonair, agus go bhféadfaí scéal a scríobh abairt amháin in aghaidh an lae dá mba ghá.


Fiú an té a bhfuil post lae dúshlánach aige, a chaitheann uair an chloig ar an traein i ndiaidh na hoibre agus a mbíonn scaifte gasúr ocrach ag fanacht air nó uirthi sa bhaile agus páirtnéir atá faoi strus ag a p(h)ost lae féin anuas ar gach rud eile – fiú an té sin, bíonn nóiméad nó dhó aige chun suí síos agus abairt nó dhó a chur ar phár. Le linn an turais traenach abhaile, mar shampa! An dúshlán a bhíonn roimh an scríbhneoir a bhfuil saol gnóthach aige ná na poill agus na prochóga ina sceideal a aithint – agus úsáid a bhaint astu.


Ar ndóigh, caithfear é seo a dhéanamh go rialta – gach lá, más féidir. Téann smaointe agus scéalta le sruth má chuirtear ar an méar fhada iad. Cé gur áis iontach é an leabhar nótaí, molaim filleadh ar thogra scríbhneoireachta go laethúil go dtí go mbíonn an chéad dréacht críochnaithe. Ina dhiaidh sin, cuirfidh tú an chéad dréacht sin ar an gcarn múirín (féach eagrán na míosa seo caite) agus tabharfaidh tú aghaidh ar an gcéad togra eile.


Beidh amantaí ann, áfach, go mbeidh fonn ort tú féin a chaitheamh ar an gcarn múirín, leis. Tá intinn an scríbhneora mar a bheadh garraí ann: má chuirtear barr i ndiaidh barra, ídítear an chré. Caithfear sos a thabhairt don tsamhlaíocht ó am go chéile le go mbeidh sí faoi bhláth go rialta. Caithfear sosanna rialta a thabhairt do mhatáin na meabhrach freisin: beidh siad uainn agus muid i mbun eagarthóireachta – ach sin ábhar na míosa seo chugainn.


Eagráin eile den aoibhlag anseo


Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)


Thursday, April 10, 2014

Peann ar pháipéar

Aoi-bhlag Alex Hijmans




When writing a first draft of a piece of fiction, don’t forget to shove a sock in your inner editor’s mouth, Alex Hijmans writes in the fourth episode of his monthly guest blog on creative writing.




Mar a dúirt mé an mhí seo caite, ní bhaineann leis an gcéad dréacht ach riail amháin: ní bhaineann aon rialacha leis an gcéad dréacht. Sa chéad dréacht, is féidir leat do rogha rud a scríobh agus do rogha botún a dhéanamh, fad is a thagann an scéal amach. Ar ball – nuair a bheidh an dara, an tríú, nó an seachtú dréacht is fiche idir lámha agat – beidh am agat sleachta nár éirigh leo a ghearradh amach, botúin a cheartú agus snas a chur ar an iomlán.

Ach ní anois. Agus an chéad dréacht á bhreacadh síos agat, beidh ort gobán a chur i mbéal d’eagarthóra inmheánaigh – an máistir scoile sin istigh i do cheann a shioscann leat nár cheart duit scríobh faoi, deirimís, gnéas béil (nó a deir, sa chás gur duine leathanaigeanta é, nach ndéarfadh fear nó bean Ghaeltachta ‘gnéas béil’ go brách agus go mb’fhearr duit leagan níos dúchasaí a aimsiú go beo.) Má éisteann tú leis an duine cabhrach seo agus tú i mbun do chéad dréachta, scriosfaidh sé do scéal. 

Bealach amháin chun an t-eagarthóir inmheánach seo a choinneáil ina thost ná luas. Cuir do pheann síos ar an leathanach bán, tosaigh ag scríobh, coinnigh ort ag scríobh, agus ná bain do pheann ón bpáipéar arís go dtí go mbíonn an scéal (nó i gcás saothair fhada, an radharc a chuir tú romhat a scríobh) breactha síos agat.

Seo, dála an scéil, an fáth gur le peann agus páipéar, agus ní ar ríomhaire, a scríobhaim an chéad dréacht de shaothar ficsin ar bith. Is breá le m’eagarthóir inmheánach an cnaipe ‘delete’: is féidir leis fáil réidh le lá iomlán oibre ach an cnaipe sin a bhrú. Ar chúis éigin, níl an greim chéanna aige ar mo pheann dúigh, agus fiú má scriosann sé abairt amach, níl na focail sin caillte go deo. 

Ach is é an bealach is fearr atá ar eolas agam chun an t-eagarthóir inmheánach a choinneáil ina thost ná an leigheas céanna atá ar an tinneas cáiliúil úd a chuireann as do scríbhneoirí áirithe ó am go chéile: ‘bac scríbhneora’. Agus is éard atá sa leigheas seo ná laethúlacht.

Tosaíonn pluiméar ag obair ag a hocht a chlog ar maidin, bíodh inspioráid aige chun píosa pluiméarachta a dhéanamh nó ná bíodh. Ní bhíonn ‘bac pluiméara’ ag cur as dó.

Tosaíonn mo lá oibre féin ag a hocht a chlog ar maidin freisin. Post í an scríbhneoireacht cosúil le post ar bith eile: caithfear obair a dhéanamh gach lá. Ní réiteoidh doirteal blocáilte é féin. Ní scríobhfaidh scéal é féin ach an oiread.

Ó rinne mé tásc laethúil den scríbhneoireacht roinnt mhaith blianta ó shin, tá méadú mór tagtha ar fhoighid m’eagarthóra inmheánaigh: tuigeann sé go mbeidh deis aige slad a dhéanamh ar mo chuid scríbhneoireachta lá breá éigin amach anseo – agus dá bharr sin bíonn sé sásta fanacht ina thost agus mé ag obair ar an gcéad dréacht.

Tá sé tábhachtach ach go háirithe don scríbhneoir ficsin a mbíonn post lae eile aige – bíonn orm féin dul i mbun iriseoireachta chun na billí a íoc – am a chur i leataobh don scríbhneoireacht fhicsin gach uile lá, fiú muna mbíonn ann ach uair an chloig. Ar an gcaoi sin amháin a mbeidh an muinín chéanna ag an scríbhneoir as a chuid scileanna féin agus a bhíonn ag an bpluiméar as a chuid scileanna siúd, agus ar an gcaoi sin amháin a thosóidh scéalta ag sileadh a luaithe is a chasann an scríbhneoir sconna na scríbhneoireachta air.

Céard a tharlaíonn don chéad dréacht nuair a éiríonn leat é a shábháil ó chrúba an eagarthóra inmheánaigh? Sin ábhar na míosa seo chugainn.

Eagráin eile den aoibhlag anseo


Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)




Tuesday, March 18, 2014

Dá léifeadh mo mham é seo …

Aoi-bhlag Alex Hijmans




Discomfort and lack of confidence are amongst the most common obstacles on the writer’s path, Alex Hijmans writes in the third episode of his monthly guest blog on creative writing.




Tá mo mháthair díreach imithe abhaile tar éis di a bheith ar cuairt ar feadh cúig seachtaine. Le linn an ama sin ar fad níor scríobh mé oiread agus focal ficsin. Ní fhéadfainn. Is iontach an bhean í mo mham, ach ní féidir liom í a bheith thart orm agus mé ag plé le scríbhneoireacht chruthaitheach. Tá sé sách dona go bhfuil sí (tar éis roinnt chúrsaí samhraidh ag Oideas Gael, agus le cúnamh an fhoclóra agus go leor, leor foighde) in ann mo chuid ficsin i nGaeilge a léamh. Tá roinnt de mo chuid gearrscéalta léite aici in Ísiltíris freisin agus rinneamar socrú, i bhfad ó shin, gan iad a phlé.

Ní dóigh liom gur eisceacht mise. Roinneann an scríbhneoir torthaí a shamhlaíochta leis an bpáipear agus leis an léitheoir anaithnid, ach go mion minic, bíonn smaointe i gceist nach bpléifeá le do thuismitheoirí. Ná le do chlann, le do chéile, le do chara is fearr. Ceird uaigneach í ceird an scríbhneora ar an gcúis sin (ach ceann de pharadacsaí móra na ceirde ná go n-éiríonn go geal le scríbhneoirí, go minic, agus iad i mbun pinn in áit a bhíonn lán go doras le stráinséirí: sa teach caife.)

Tá an míchompord – an náire fiú – a thagann ar an scríbhneoir maidir le torthaí a phinn féin ar cheann de na driseacha is deacra le sárú ar chosán na scríbhneoireachta, ach faraor géar ní hé an t-aon cheann amháin é. Bac bóthair damánta eile ná an easpa féinmhuiníne a chuireann as do ghach scríbhneoir ó am go chéile. Is nós linn ár gcuid útamála féin ar an leathanach bán a chur i gcomparáid le scríbhneoireacht ár laochra liteartha, ach déanaimid dearmad gurb éard a fheicimid, nuair a osclaímid a gcuid leabhar sin, ná saothar críochnaithe. Ní fheicimid na focail ar fad a scriosadh amach, na leathanaigh ar fad a stróiceadh, na clóscríbhneoirí ar fad a caitheadh le balla. Tríocha-naoi n-uaire a rinne Hemingway athscríobh ar leathanach deiridh A Farewell to Arms, más fíor dó féin.

Gné ar leith den easpa féinmhuiníne a thagann ar scríbhneoirí ná an eagla roimh ghramadach agus roimh litriú. (Comhréir agus, aisteach go leor, poncaíocht, an dá rud is mó a chuireann strus orm féin.) Cé nach féidir a shéanadh go gcaithfidh an scríbhneoir máistreacht a bheith aige ar pé teanga ina mbíonn sé ag scríobh, ní hionann sin is a rá gur gá dó a bheith ina mháistir scoile agus é i mbun pinn. Ní hé an difear idir urú agus séimhiú is tábhachtaí agus úrscéal Gaeilge an Chéid idir lámha agat, ach an scéal. Níor cheart go mbeadh aon bhotúin ghramadaí nó litrithe i saothar foilsithe – ach sin an fáth go mbíonn ceartaitheoirí profaí ag foilsitheoirí leabhar. 

Anois, níl dabht ar bith faoi ach go bhfuil dualgas ar an scríbhneoir an dréacht deireanach dá shaothar a thabhairt chun foirfeachta, oiread agus is féidir leis, sula dtugann sé ar lámh don fhoilsitheoir é. Ach is cuma sa tsioc cá mhéad dréachtaí a bhí aige roimhe sin. Ní nós liomsa dréachtaí a chomhaireamh (ní amháin nach bhfuilim go maith ag comhaireamh, ach ní fheicim an gá) ach déarfainn go raibh idir cúig agus deich gcinn ag gach ceann de na scéalta i mo chnuasach Gonta.

De na dréachtaí seo ar fad, tá tábhacht ar leith leis an gcéad cheann. Agus ní bhaineann leis an gcéad dréacht ach riail amháin: ní bhaineann aon rialacha leis an gcéad dréacht. 

Níl ach an t-aon aidhm amháin ag an gcéad dréacht: an scéal atá i do cheann a chur ar pháipéar. An rud is lú a theastaíonn uait, agus tú i mbun na hoibre sin, ná glór do mham nó mháistreas scoile éigin ar chúl d’aigne, gan trácht ar ghlór d’eagarthóra inmheánaigh féin. An mhí seo chugainn, breathnóimid ar bhealaí chun iad seo a choinneáil ina dtost – go dtí go mbeidh gá leo, níos faide anonn, agus muid ag obair ar an dréacht deiridh.

Eagráin eile den aoibhlag anseo

Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)




Friday, February 14, 2014

An leathanach bán

Aoi-bhlag Alex Hijmans





Fiction happens halfway between the craftsman’s smithy and the shaman’s bonfire, in the uncharted wilderness that separates creative writing from the other world, Alex Hijmans writes in the second episode of his monthly guest blog on creative writing.




Tosaíonn gach scéal ar leathanach (nó scáileán) bán. Nach ea?

Ní shea.

Tá an mhíthuiscint choitianta seo fite fuaite leis an íomhá rómánsúil a bhaineann le gairm an scríbhneora in aigne an phobail. Is maith le daoine a shamhlú go nglacann an rud rúndiamhrach seo ar a dtugtar inspioráid seilbh ar intinn an scríbhneora a luaithe is a shuíonn sé síos ag a dheasc; go dtagann scéal amach an nóiméad a chuireann sé a pheann ar pháipéar nó a chuid méaracha ar an méarchlár.

Bain triail as an modh oibre seo, agus beidh bosca bruscair lán leathanach stróicthe agat gan mhoill. Nó scáileán ríomhaire briste. Geallaim duit.

Ní fiú don scríbhneoir suí síos ag a dheasc go dtí go mbíonn tuairim réasúnta aige faoina mbeidh á scríobh aige. Is éard is ceird na scríbhneoireachta ann ná scéal a thabhairt ó shaol amháin go saol eile, ó dhomhan teibí na samhlaíochta go domhan coincréiteach na bhfocal. Ní ar leathanach bán a thosaíonn próiseas na scríbhneoireachta cruthaithí mar sin, ach san intinn. 

Ach cad as a dtagann scéal? An é an scríbhneoir a roghnaíonn an scéal, nó an é an scéal a roghnaíonn an scríbhneoir? Leis seo, táimid tagtha chomh fada leis an talamh bán a scarann an scríbhneoireacht chruthaitheach ón saol eile, agus an ceardaí ón bhfear nó ón mbean feasa. Tá a theachín féin ag gach scríbhneoir ar an talamh bán seo; tá mo bhothán-sa nach mór leathbhealach idir ceárta an ghabha agus tine chnámh an draoi.

Sampla nó dhó chun solas a chaitheamh ar an meafar seo. Lá amháin, bhí piobar malagueta (ceann de na piobair is teo ar domhan) ag teastáil uaim chun béile áirithe a réiteach. Ceann amháin a bhí uaim, ach níor éirigh liom teacht ach ar lán mhála acu. Bhí mé fágtha le carn mór piobar, agus shocraigh mé anlann a dhéanamh astu. Roimh i bhfad, agus mé á ngearradh ag cuntar oibre na cistine, thosaigh carachtar mná ag labhairt i m’intinn agus níor stop go dtí go raibh a scéal inste aici. Ba í seo Itamara; tá a scéal, ar bhaist mé ‘Pimenta’ air in omós don anlann piobair, i mo chnuasach gearrscéalta Gonta.

Cad as a tháinig Itamara? Cad as a tháinig a scéal? Ní fhéadfainn é a rá leat, cé go bhfuilim cinnte gur áit éigin níos gaire do thine chnámh an draoi ná do cheárta an ghabha a bhí i gceist. Ach ní thagann gach scéal as an áit chéanna.

Sampla é ‘Ba ghlas iad na cnoic i bhfad ó shin’, as an gcnuasach céanna Gonta, de scéal a tháinig ar an saol i gceárta an ghabha. Theastaigh uaim scéal a scríobh faoi shíor-ionradh na cathrach ar an dúlra agus chuige sin theastaigh carachtar scothaosta uaim a d’fheicfeadh athruithe fisiciúla agus sóisialta ag teacht ar cheantar áirithe thar tréimhse fhada. Chruthaigh mé Eduarda, príomhcharachtar ‘Ba ghlas iad na cnoic i bhfad ó shin’, mar uirlis chun an scéal a reic. 

Níor tháinig Eduarda aniar aduaidh orm mar a rinne Itamara na bpiobar, ach ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil an luach céanna léi mar charachtar – tháinig fás agus forbairt ar an mbeirt acu sna míonna fada a chaith mé ag déanamh eagarthóireachta ar a scéalta. Níl ann ach gur tháinig an bheirt acu ar an saol ar bhealach difriúil, díreach mar a thagann gach scéal ar an saol ar bhealach difriúil. 

Tosaíonn scéalta áirithe le carachtar, tosaíonn scéalta eile le háit nó téama, tosaíonn scéalta eile arís le plota. Splancanna iad seo a lasann tine na cruthaíochta, ach níos minicí ná a mhalairt, ní fheiceann súile atá ag stánadh ar leathanach nó ar scáileán bán na splancanna seo. B’fhearr i bhfad don scríbhneoir a dteastaíonn inspioráid uaidh dul ar shiúlóid fhada – mar is eol do chách, bíonn siúlach scéalach. Ansin, an intinn lán smaointe agus íomhánna, ní theastaíonn chun dul i mbun scríbhneoireachta ach misneach. Labhróimid faoi sin an mhí seo chugainn.

Eagráin eile den aoibhlag anseo

Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)