Friday, February 14, 2014

An leathanach bán

Aoi-bhlag Alex Hijmans





Fiction happens halfway between the craftsman’s smithy and the shaman’s bonfire, in the uncharted wilderness that separates creative writing from the other world, Alex Hijmans writes in the second episode of his monthly guest blog on creative writing.




Tosaíonn gach scéal ar leathanach (nó scáileán) bán. Nach ea?

Ní shea.

Tá an mhíthuiscint choitianta seo fite fuaite leis an íomhá rómánsúil a bhaineann le gairm an scríbhneora in aigne an phobail. Is maith le daoine a shamhlú go nglacann an rud rúndiamhrach seo ar a dtugtar inspioráid seilbh ar intinn an scríbhneora a luaithe is a shuíonn sé síos ag a dheasc; go dtagann scéal amach an nóiméad a chuireann sé a pheann ar pháipéar nó a chuid méaracha ar an méarchlár.

Bain triail as an modh oibre seo, agus beidh bosca bruscair lán leathanach stróicthe agat gan mhoill. Nó scáileán ríomhaire briste. Geallaim duit.

Ní fiú don scríbhneoir suí síos ag a dheasc go dtí go mbíonn tuairim réasúnta aige faoina mbeidh á scríobh aige. Is éard is ceird na scríbhneoireachta ann ná scéal a thabhairt ó shaol amháin go saol eile, ó dhomhan teibí na samhlaíochta go domhan coincréiteach na bhfocal. Ní ar leathanach bán a thosaíonn próiseas na scríbhneoireachta cruthaithí mar sin, ach san intinn. 

Ach cad as a dtagann scéal? An é an scríbhneoir a roghnaíonn an scéal, nó an é an scéal a roghnaíonn an scríbhneoir? Leis seo, táimid tagtha chomh fada leis an talamh bán a scarann an scríbhneoireacht chruthaitheach ón saol eile, agus an ceardaí ón bhfear nó ón mbean feasa. Tá a theachín féin ag gach scríbhneoir ar an talamh bán seo; tá mo bhothán-sa nach mór leathbhealach idir ceárta an ghabha agus tine chnámh an draoi.

Sampla nó dhó chun solas a chaitheamh ar an meafar seo. Lá amháin, bhí piobar malagueta (ceann de na piobair is teo ar domhan) ag teastáil uaim chun béile áirithe a réiteach. Ceann amháin a bhí uaim, ach níor éirigh liom teacht ach ar lán mhála acu. Bhí mé fágtha le carn mór piobar, agus shocraigh mé anlann a dhéanamh astu. Roimh i bhfad, agus mé á ngearradh ag cuntar oibre na cistine, thosaigh carachtar mná ag labhairt i m’intinn agus níor stop go dtí go raibh a scéal inste aici. Ba í seo Itamara; tá a scéal, ar bhaist mé ‘Pimenta’ air in omós don anlann piobair, i mo chnuasach gearrscéalta Gonta.

Cad as a tháinig Itamara? Cad as a tháinig a scéal? Ní fhéadfainn é a rá leat, cé go bhfuilim cinnte gur áit éigin níos gaire do thine chnámh an draoi ná do cheárta an ghabha a bhí i gceist. Ach ní thagann gach scéal as an áit chéanna.

Sampla é ‘Ba ghlas iad na cnoic i bhfad ó shin’, as an gcnuasach céanna Gonta, de scéal a tháinig ar an saol i gceárta an ghabha. Theastaigh uaim scéal a scríobh faoi shíor-ionradh na cathrach ar an dúlra agus chuige sin theastaigh carachtar scothaosta uaim a d’fheicfeadh athruithe fisiciúla agus sóisialta ag teacht ar cheantar áirithe thar tréimhse fhada. Chruthaigh mé Eduarda, príomhcharachtar ‘Ba ghlas iad na cnoic i bhfad ó shin’, mar uirlis chun an scéal a reic. 

Níor tháinig Eduarda aniar aduaidh orm mar a rinne Itamara na bpiobar, ach ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil an luach céanna léi mar charachtar – tháinig fás agus forbairt ar an mbeirt acu sna míonna fada a chaith mé ag déanamh eagarthóireachta ar a scéalta. Níl ann ach gur tháinig an bheirt acu ar an saol ar bhealach difriúil, díreach mar a thagann gach scéal ar an saol ar bhealach difriúil. 

Tosaíonn scéalta áirithe le carachtar, tosaíonn scéalta eile le háit nó téama, tosaíonn scéalta eile arís le plota. Splancanna iad seo a lasann tine na cruthaíochta, ach níos minicí ná a mhalairt, ní fheiceann súile atá ag stánadh ar leathanach nó ar scáileán bán na splancanna seo. B’fhearr i bhfad don scríbhneoir a dteastaíonn inspioráid uaidh dul ar shiúlóid fhada – mar is eol do chách, bíonn siúlach scéalach. Ansin, an intinn lán smaointe agus íomhánna, ní theastaíonn chun dul i mbun scríbhneoireachta ach misneach. Labhróimid faoi sin an mhí seo chugainn.

Eagráin eile den aoibhlag anseo

Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)




No comments:

Post a Comment