Showing posts with label Favela. Show all posts
Showing posts with label Favela. Show all posts

Thursday, August 14, 2014

Rialacha agus uirlisí na ceirde

Aoi-bhlag Alex Hijmans





The editing process is where craft comes in: in this eighth episode of his monthly guest blog on creative writing, Alex Hijmans takes a look in the author’s toolkit.



Ní nach ionann agus an chéad dréacht, baineann rialacha leis an dara dréacht agus le gach uile dhréacht ina dhiaidh sin. Ceird is ea í an eagarthóireacht; seo sracfhéachaint isteach i mbosca uirlisí an scríbhneora.

Fear nó bean inste an scéil
An bhfuil an scéal á insint ag an duine ceart? Tá seo ar cheann de na chéad cheisteanna atá le freagairt ag an údar agus é ag dul i mbun eagarthóireachta ar scéal nua den chéad uair. Uaireanta rithfeadh sé leat, ar athléamh an chéad dréachta duit, nach é an carachtar a bhí ar intinn agat ar dtús príomhcharachtar an scéil ar chor ar bith. n mbeadh an scéal ní b'fhearr dá bhfaighimis léargas duine de na carachtair eile? Seo an t-am leis an gcinneadh sin a dhéanamh.

An pointe féachana
An cinneadh sin déanta, is gá breathnú ar cheist atá fite fuaite leis: an pointe féachana. Is féidir dul ag argóint faoi theoiricí litríochta anseo, ach go hachoimreach, is féidir scéal a insint sa chéad phearsa agus sa tríú pearsa, agus is féidir leis an tríú pearsa a bheith uilefheasach má theastaíonn uait. Is féidir scéal a insint sa dara pearsa freisin (agus tá sé déanta, i nGaeilge, ag Pádraig Ó Siadhail san úrscéal Parthas na gCleas (Cló Iar-Chonnacht, 1991)) ach níl sé pioc coitianta.
Tá a bhuntaistí agus a laincisí féin ag baint le gach ceann de na pointí féachana seo. Níl spás sa bhlag seo chun iad sin a phlé go mion, ach is féidir an méad seo a rá faoi: dá ghaire an pointe féachana d’aicsean an scéil, is ea is mine an léargas a thabharfaidh sé. Ar an gcaoi céanna, dá fhaide an pointe féachana ó aicsean an scéil, is ea is fairsinge an léargas.
An rogha déanta, caithfear cloí leis: tá botúin leis an bpointe féachana ar na cinn is tromchúisí gur féidir le scríbhneoir a dhéanamh.

Aimsir
An bhfuil an scéal á insint san aimsir cheart? Sin ceist eile a chaithfidh an t-údar a chur air féin agus é ag dul i mbun eagarthóireachta ar scéal nua den chéad uair. Go hiondúil, insítear scéalta san aimsir chaite nó san aimsir láithreach; tagann an aimsir chaite go nádúrtha don scéalaí ach tugann an aimsir láithreach beocht bhreise don scéal. Ar ndóigh, is féidir babhtáil eatarthu, ach caithfear ciall a bheith le gach athrú.

Carachtar
Ní chuireann an scríbhneoir aithne cheart ar a chuid carachtar go dtí go mbíonn sé i mbun eagarthóireachta. Is ansin a thugann sé faoi deara cén dearcadh atá ag a charachtair ar an saol – agus má dhéanann sé a jab i gceart, úsáidfidh sé an t-eolas sin i ngach gné den chur síos orthu: gníomhartha, smaointe agus caint.

Caint
Gné ar leith de cheird na heagarthóireachta an chaint idir na carachtair. Arís, níl dóthain spáis sa bhlag seo chun cur síos a dhéanamh ar an ealaín seo go mion, ach is féidir an méad seo a rá faoi: is é an dúshlán a bhíonn roimh an údar ná cuma nádúrtha a chur ar chaint a bhíonn, nach mór i gcónaí, mínádúrtha.

Uirlisí eile
Tá neart gléasanna eile i mbosca uirlisí an scríbhneora: tá am, áit, achoimre, rithim agus an rud teibí seo ar a dtugtar ‘glór’ ar chuid acu. Molaim d’éinne a bhfuil spéis dháiríre acu sa scríbhneoireacht chruthaitheach Self-Editing for Fiction Writers le Renni Browne agus Dave King (HarperResource, 1993 / 2004) a cheannacht. Más ann dá leithéid agus ‘Bíobla na heagarthóireachta’, seo é.

Is féidir le próiseas na heagarthóireachta a bheith dúshlánach go leor don té atá ag dul i ngleic leis den chéad uair, ach is fiú go mór do chuid féin a dhéanamh den cheird: nuair a bheidh na rialacha ar eolas agat, is féidir iad a bhriseadh.

Eagráin eile den aoibhlag anseo


Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)


Wednesday, July 16, 2014

Scrios agus snas

Aoi-bhlag Alex Hijmans





When editing a first draft, cut away the dead wood to make space for new growth, Alex Hijmans writes in the seventh episode of his monthly guest blog on creative writing.


Tá dóthain ama caite ag do chéad dréacht ar an gcarn múirín. Tá sos tugtha agat do mhatáin do mheabhrach. Tá sé in am dul i mbun eagarthóireachta.

Measaim go bhfuil an-chosúlacht idir an scríbhneoir atá i mbun eagarthóireachta agus dealbhadóir. Is ionann an chéad dréacht agus cloch lom, éagruthach: teastaíonn siséal géar chun fíorchruth an scéil a nochtadh. 

Schrijven is schrappen’, a mhaíonn nath cainte i mo theanga dhúchais, an Ísiltíris: ‘is ionann scríobh agus scriosadh amach’. Tá ciall leis sin ach go háirithe in aois seo na scáileán beaga agus na dteachtaireachtaí beachta: ní bhíonn foighid ag léitheoirí an lae inniu le scéalta atá tite i bhfeoil, mar a bhi, abair, sa Naoú hAois Déag. Ní ionann sin ar ndóigh agus a rá go gcaithfear búistéaracht a dhéanamh ar an gcéad dréacht. Tá siséal géar tábhachtach, ach tá súil ghéar níos tábhachtaí.

Céard é an cur chuige is fearr chun idirdhealú a dhéanamh idir fuíoll agus fiorscéal, idir dríodar agus draíocht? Arís, tá comhairle ag an dealbhadóir don scríbhneoir. Aimsíonn dealbhadóir cliste cruth garbh a shaothair – an ceann,  an cliabhrach, na cosa – sula ndíríonn sé ar mhionsonraí ar nós na n-ingne agus maothán na cluaise. Ar an gcaoi céanna, ní mór don scríbhneoir cinntí a dhéanamh faoi chaibidlí, faoi charachtair agus faoi scéal-línte sula dtéann sé i ngleic le habairtí aonair, le haidiachtaí agus le dobhriathra.

Ach cén chaoi a ndéantar na cinntí sin? Tá módh oibre réasúnta simplí agam féin. Sula ndéanaim rud ar bith eile, léim tríd an gcéad dréacht ó thús deireadh. Áit ar bith a mothaím nach bhfuil m’aird go hiomlán ar an scéal agus mé ag léamh, bím san airdeall: muna mbíonn spéis agam féin sa mhéad atá scríofa agam, drochsheans go mbeidh ag éinne eile. 

Agus an chéad dréacht léite ó thús deireadh agam, bainim amach nócha-naoi faoin gcéad de na sleachta nach gcuireann an scéal ar aghaidh. Go minic, is cur síos fadálach a bhíonn sna sleachta seo: mioneolas a theastaigh uaimse chun suíomh nó carachtar a chruthú i m’intinn féin ach nach dteastaíonn ón léitheoir chun an scéal a leanúint. Bíonn scéal maith cosúil le meall oighir: ní fheiceann tú ach cuid bheag bhídeach de, ach tuigeann tú go bhfuil an chuid eile ann, faoi uisce, nó i gcás scéil, idir na línte.

Is beag nach ndéanfá dearmad, de bharr na cainte seo ar fad faoi ghearradh agus scriosadh amach, gur tréimhse fháis atá san eagarthóireacht freisin. Is iomaí uair a tháinig carachtar nua nó casadh nua chugam agus mé i mbun eagarthóireachta ar scéal. Ach, ach an oiread le craobhacha nua ar chrann, caithfear seanfhás a bhaint chun fás nua a spreagadh.

Athléamh agus athscríobh, scrios agus snas: próiseas casta atá san eagarthóireacht gur gá am agus dua a chaitheamh leis. Eisceachtaí fágtha as an áireamh, is iomaí babhta eagarthóireachta a theastaíonn ó scéal lena thabhairt chun foirfeachta. De réir a chéile, athraíonn an fócas: go hiondúil, breathnaím ar an scéal ina iomláine ar dtús, ar gach sliocht faoi seach ina dhiaidh sin agus ina dhiaidh sin arís ar abairtí agus ar fhocail aonair. Nuair nach n-athraíonn a dhath le linn bhabhta eagarthóireachta ach an phoncaíocht, bíonn a fhios agam go bhfuil an scéal tugtha chomh fada agam agus gur féidir liom é a thabhairt sula mbreathnaíonn an dara duine air.

Ní nach ionann agus an draíocht a bhaineann le scríobh an chéad dréachta, is scil í an eagarthóireacht gur féidir a fhoghlaim agus a fhorbairt. An mhí seo chugainn, breathnóimid ar ghnéithe éagsúla na ceirde seo.

Eagráin eile den aoibhlag anseo


Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)


Thursday, May 8, 2014

An carn múirín

Aoi-bhlag Alex Hijmans




Any piece of writing – be it fiction or non-fiction – should spend some time in the compost heap, Alex Hijmans writes in the fifth episode of his monthly guest blog on creative writing.


Tá an chéad dréacht críochnaithe: tá dán, gearrscéal, úrscéal nó dráma tugtha ó thalamh bán teibí na samhlaíochta go domhan coincréiteach an dúigh agus an pháipéir agat. Comhghairdeas! Anois, céard é an chéad chéim eile? Eagarthóireacht? Na drochphíosaí ar fad a ghearradh amach agus snas a chur ar an iomlán?

As ucht Dé ort, ná déan sin. Cuir uait do scian agus do cheirt sciúrtha agus cuir do chéad dréacht ar an gcarn múirín.

An carn múirín? Dóibh siúd nár rugadh faoin tuath nó nach bhfuil gáirdín acu: sin é an moll úd ag bun an gharraí ar a gcaitear duilleoga crann, craicne prátaí agus dramhaíl orgánach eile. Le himeacht ama agus le himeacht na séasúr, iompaíonn an fuíoll seo ina mhúirín – leasú talún den scoth.

Nuair a chuireann scríbhneoir deireadh leis an gcéad dréacht de shaothar ar bith, bíonn sé i ngrá lena bhfuil díreach scríofa aige: breathnaíonn sé ar an toradh is déanaí óna pheann mar a bhreathnaíonn tuismitheoir óg ar pháiste atá díreach tagtha ar an saol. Ní fheiceann sé aon locht. Nó má fheiceann, bíonn ceangal chomh láidir sin aige lena dhréacht úr nach mbíonn sé de mhisneach aige athruithe a bhfuil gá leo – athruithe ollmhóra, seans – a dhéanamh.

Ar an gcúis sin, is fearr am a thabhairt do phíosa scríbhneoireachta tar éis na breithe. É a chur i leataobh, ar an gcarn múirín. Ligint do chúpla lá, cúpla seachtain, cúpla séasúr dul thart. Sa tréimhse sin, taitníodh sé leat nó ná taitníodh, tiocfaidh athrú ar do shaol féin. Titfidh tú i ngrá nó scarfaidh tú ó leannán, bogfaidh tú thar lear nó bogfaidh tú abhaile. Fiú muna n-athraíonn ach an aimsir, beidh cuma nua ar phíosa scríbhneoireachta ar bith tar éis tamaill ar an gcarn múirín – toisc go mbreathnóidh tú féin air le súile nua. Agus tiocfaidh tú ar thuiscintí nua dá bharr.

Cén t-achar ar cheart an chéad dréacht a chur i leataobh? Brathann sé sin ar fhad an phíosa scríbhneoireachta. Mothaím gur leor mí ar an gcarn múirín do ghearrscéal, ach thabharfainn leathbhliain ar a laghad d’úrscéal. Faoi láthair, táim i mbun eagarthóireachta ar shaothar beatháisnéise. Tá breis agus bliain ann ó scríobh mé an chéad chúpla caibidil, agus dá bharr sin, bhí mé in ann breathnú orthu sin go fuarchúiseach agus sceanairt a dhéanamh orthu sna háiteanna ar ghá. Ach anois, agus mé ag druidim le deireadh an dréachta, táim ag obair ar chaibidil nár chríochnaigh mé ach mí ó shin – agus mothaím go bhfuil próiseas na heagarthóireachta níos deacra dá bharr. Níl dóthain ama caite ag an gcaibidil seo ar an gcarn múirín; tá sí ró-ghar do mo chroí fós le go bhfeicfinn na lochtanna atá uirthi i gceart.

Do mo chuid scríbhneoireachta ficsin amháin a bhaininn úsáid as coincheap an charn mhúirín i dtosach ama. Ach chonacthas dom go bhfuil tábhacht chomh mór sin leis an sos seo don chéad dréacht go gcuirim píosa scríbhneoireachta ar bith i leataobh anois, sula ndéanaim eagarthóireacht air – ailt iriseoireachta san áireamh. Cuirim gné-ailt i leataobh ar feadh lae ar a laghad; chaith an aiste atá á léamh agat faoi láthair seachtain ar an gcarn múirín.

Ó am go chéile, tharlódh sé nach mbíonn an t-am agat chun an sos a theastaíonn ó phíosa scríbhneoireachta áirithe a thabhairt dó. Brú oibre, spriocdháta nach féidir a chur siar. I gcásanna mar seo, mothaím gur siúlóid fhada amuigh faoin spéir – nó snámh, má bhíonn an aimsir go maith – an gar is mó gur féidir a dhéanamh do do shaothar, agus duit féin.

Tar éis don chéad dréacht tréimhse a chaitheamh ar an gcarn múirín, tagann an t-am gur gá tús a chur leis an eagarthóireacht dháiríre. Ar an drochuair, áfach, is minic a chuireann an saol pleananna an scríbhneora ó mhaith – breis faoi sin an mhí seo chugainn.

Eagráin eile den aoibhlag anseo


Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)


Friday, February 14, 2014

An leathanach bán

Aoi-bhlag Alex Hijmans





Fiction happens halfway between the craftsman’s smithy and the shaman’s bonfire, in the uncharted wilderness that separates creative writing from the other world, Alex Hijmans writes in the second episode of his monthly guest blog on creative writing.




Tosaíonn gach scéal ar leathanach (nó scáileán) bán. Nach ea?

Ní shea.

Tá an mhíthuiscint choitianta seo fite fuaite leis an íomhá rómánsúil a bhaineann le gairm an scríbhneora in aigne an phobail. Is maith le daoine a shamhlú go nglacann an rud rúndiamhrach seo ar a dtugtar inspioráid seilbh ar intinn an scríbhneora a luaithe is a shuíonn sé síos ag a dheasc; go dtagann scéal amach an nóiméad a chuireann sé a pheann ar pháipéar nó a chuid méaracha ar an méarchlár.

Bain triail as an modh oibre seo, agus beidh bosca bruscair lán leathanach stróicthe agat gan mhoill. Nó scáileán ríomhaire briste. Geallaim duit.

Ní fiú don scríbhneoir suí síos ag a dheasc go dtí go mbíonn tuairim réasúnta aige faoina mbeidh á scríobh aige. Is éard is ceird na scríbhneoireachta ann ná scéal a thabhairt ó shaol amháin go saol eile, ó dhomhan teibí na samhlaíochta go domhan coincréiteach na bhfocal. Ní ar leathanach bán a thosaíonn próiseas na scríbhneoireachta cruthaithí mar sin, ach san intinn. 

Ach cad as a dtagann scéal? An é an scríbhneoir a roghnaíonn an scéal, nó an é an scéal a roghnaíonn an scríbhneoir? Leis seo, táimid tagtha chomh fada leis an talamh bán a scarann an scríbhneoireacht chruthaitheach ón saol eile, agus an ceardaí ón bhfear nó ón mbean feasa. Tá a theachín féin ag gach scríbhneoir ar an talamh bán seo; tá mo bhothán-sa nach mór leathbhealach idir ceárta an ghabha agus tine chnámh an draoi.

Sampla nó dhó chun solas a chaitheamh ar an meafar seo. Lá amháin, bhí piobar malagueta (ceann de na piobair is teo ar domhan) ag teastáil uaim chun béile áirithe a réiteach. Ceann amháin a bhí uaim, ach níor éirigh liom teacht ach ar lán mhála acu. Bhí mé fágtha le carn mór piobar, agus shocraigh mé anlann a dhéanamh astu. Roimh i bhfad, agus mé á ngearradh ag cuntar oibre na cistine, thosaigh carachtar mná ag labhairt i m’intinn agus níor stop go dtí go raibh a scéal inste aici. Ba í seo Itamara; tá a scéal, ar bhaist mé ‘Pimenta’ air in omós don anlann piobair, i mo chnuasach gearrscéalta Gonta.

Cad as a tháinig Itamara? Cad as a tháinig a scéal? Ní fhéadfainn é a rá leat, cé go bhfuilim cinnte gur áit éigin níos gaire do thine chnámh an draoi ná do cheárta an ghabha a bhí i gceist. Ach ní thagann gach scéal as an áit chéanna.

Sampla é ‘Ba ghlas iad na cnoic i bhfad ó shin’, as an gcnuasach céanna Gonta, de scéal a tháinig ar an saol i gceárta an ghabha. Theastaigh uaim scéal a scríobh faoi shíor-ionradh na cathrach ar an dúlra agus chuige sin theastaigh carachtar scothaosta uaim a d’fheicfeadh athruithe fisiciúla agus sóisialta ag teacht ar cheantar áirithe thar tréimhse fhada. Chruthaigh mé Eduarda, príomhcharachtar ‘Ba ghlas iad na cnoic i bhfad ó shin’, mar uirlis chun an scéal a reic. 

Níor tháinig Eduarda aniar aduaidh orm mar a rinne Itamara na bpiobar, ach ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil an luach céanna léi mar charachtar – tháinig fás agus forbairt ar an mbeirt acu sna míonna fada a chaith mé ag déanamh eagarthóireachta ar a scéalta. Níl ann ach gur tháinig an bheirt acu ar an saol ar bhealach difriúil, díreach mar a thagann gach scéal ar an saol ar bhealach difriúil. 

Tosaíonn scéalta áirithe le carachtar, tosaíonn scéalta eile le háit nó téama, tosaíonn scéalta eile arís le plota. Splancanna iad seo a lasann tine na cruthaíochta, ach níos minicí ná a mhalairt, ní fheiceann súile atá ag stánadh ar leathanach nó ar scáileán bán na splancanna seo. B’fhearr i bhfad don scríbhneoir a dteastaíonn inspioráid uaidh dul ar shiúlóid fhada – mar is eol do chách, bíonn siúlach scéalach. Ansin, an intinn lán smaointe agus íomhánna, ní theastaíonn chun dul i mbun scríbhneoireachta ach misneach. Labhróimid faoi sin an mhí seo chugainn.

Eagráin eile den aoibhlag anseo

Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)




Tuesday, January 14, 2014

AN DÚIL SA DÚCH

Aoi-bhlag Alex Hijmans




 Stories, when written down, turn into tattoos on a writer’s skin, Alex Hijmans writes in the first episode of his monthly guest blog on creative writing.


Tá an scéal ann le cuimhne na ndaoine. Go deimhin, is ionann ‘scéal’ agus ‘cuimhne na ndaoine’. Ar feadh na gcéadta míle bliain sula bhfuair an cine daonna amach go bhféadfaí focail a ghreanadh ar chloch, a scríobh ar phár, a bhreacadh ar pháipéar agus a chló ar scáileán, chuaigh scéalta ó bhéal go béal, ó ghlúin go glúin. Agus dá bharr sin, d’athraíodar i rith an ama: sin an fáth go mbíonn dhá leagan ar scéal agus dhá leagan déag ar amhrán.

Ach le teacht chun cinn na scríbhneoireachta, d’éirigh linn greim níos daingne a fháil ar an rud luaineach seo ar a dtugtar scéal. A luaithe is bhíonn scéal greanta ar chloch (nó i gcló ar pháipéar) tá sé caomhnaithe dóibh siúd atá timpeall orainn anois agus dóibh siúd a thiocfaidh inár ndiaidh – ach tá níos mó i gceist le dúil an duine sa scríobh ná caomhnú na cuimhne.

Agus scéal á scríobh síos againn, tarlaíonn rud atá chomh soiléir sin nach smaoinímid air go minic: stopann an scéal ag forbairt. I mbéal an phobail nó in intinn an scríbhneora aonair, bíonn scéal ar nós leachta go dtí go gcuirtear i gcló é – ach ón nóiméad sin ar aghaidh, triomaíonn an leacht i bhfoirm dúigh ar an leathanach. Samhlaímse scéalta atá i gcló mar ghrianghraif. Cuma cé chomh beomhar is atá an íomhá féin, ní athróidh fráma, soilsiú, ná a bhfuil le feiceáil sa phictiúr go deo – gach rud reoite sa nóiméad a brúdh an cnaipe.

Ní féidir éalú ón rud atá i gcló. Agus sin, dar liom, an draíocht a bhaineann leis an scríbhneoireacht. Lena cheamara inmheánach, glacann an scríbhneoir grianghraf dá shamhlaíocht féin agus cuireann i láthair an tsaoil mhóir é: is ionann an dúil sa dúch agus an dúil atá sa duine é féin a nochtadh. Agus bí ag caint ar nocht: ón uair a bhíonn scéal i gcló, beidh sé ann go deo – mar a bheadh tatú ar chraiceann an scríbhneora.

Ar ámharaí an tsaoil, bíonn an dúil chéanna ag an gcine daonna sa ghliúcaíocht agus a bhíonn san fhéintaispeáint, nó ní bheadh léitheoirí ann. Tá cosúlacht áirithe idir an gcaidreamh idir an scríbhneoir agus an léitheoir agus an caidreamh idir beirt i seomra comhrá idirlín: toisc nach bhfeiceann siad a chéile, bíonn siad in ann a gcuid mothúchán is pearsanta, is rúnda, a roinnt. Ar ndóigh, tá difríocht shuntasach ann: caidreamh aontreoch a bhíonn idir an scríbhneoir agus an léitheoir.

Ní nós linn mórán machnaimh a dhéanamh ar na nithe seo, toisc go bhfágann siad ábhairín míchompordach muid. Ach céard eile atá sa scríbhneoireacht ná damhsa drúise? Cén fáth, meas tú, a mbíonn sé le rá ag léirmheastóirí ‘go n-éiríonn le scríbhneoir an léitheoir a mhealladh’?

Ar ndóigh, ní hé sin le rá gur ionann an scríbhneoireacht agus pornagrafaíocht. Ach mura n-osclaíonn an scríbhneoir an doras atá faoi ghlas, cén fáth a n-iompódh an léitheoir an leathanach? Riamh anall, bhí dlúthcheangal idir litríocht agus an rud ar a bhfuil cosc: ní haon chomhtharlúint é go mbíonn geis i gcroílár phlota scéalta na Rúraíochta agus na Fiannaíochta. Agus nach tráthúil gur ón bhfocal ‘geis’ a thagann an leagan ‘faoi gheasa’ – mar is faoi gheasa a bhíonn an scríbhneoir nuair a bhíonn sé i mbun pinn, agus is faoi gheasa a bhíonn an léitheoir nuair a bhíonn sé i mbun léitheoireachta.

Sin í an aidhm, pé scéal é. Níl rudaí chomh simplí sin. Próiseas casta atá sa scríbhneoireacht chruthaitheach, próiseas a thosaíonn, nach mór i gcónaí, leis an leathanach bán – ach sin ábhar na míosa seo chugainn.

Eagráin eile den aoibhlag anseo

Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)