When
editing a first draft, cut away the dead wood to make
space for new growth, Alex Hijmans writes in the seventh
episode of his monthly guest blog on creative writing.
Tá
dóthain ama caite ag do chéad dréacht ar an gcarn múirín. Tá sos tugtha agat do mhatáin do mheabhrach. Tá sé
in am dul i mbun eagarthóireachta.
Measaim
go bhfuil an-chosúlacht idir an scríbhneoir atá i mbun
eagarthóireachta agus dealbhadóir. Is ionann an chéad
dréacht agus cloch lom, éagruthach: teastaíonn siséal géar
chun fíorchruth an scéil a nochtadh.
‘Schrijven
is schrappen’, a mhaíonn nath cainte i mo theanga
dhúchais, an Ísiltíris: ‘is ionann scríobh agus scriosadh
amach’. Tá ciall leis sin ach go háirithe in aois seo na
scáileán beaga agus na dteachtaireachtaí beachta: ní
bhíonn foighid ag léitheoirí an lae inniu le scéalta atá
tite i bhfeoil, mar a bhi, abair, sa Naoú hAois Déag. Ní
ionann sin ar ndóigh agus a rá go gcaithfear búistéaracht
a dhéanamh ar an gcéad dréacht. Tá siséal géar
tábhachtach, ach tá súil ghéar níos tábhachtaí.
Céard
é an cur chuige is fearr chun idirdhealú a dhéanamh idir
fuíoll agus fiorscéal, idir dríodar agus draíocht? Arís,
tá comhairle ag an dealbhadóir don scríbhneoir. Aimsíonn
dealbhadóir cliste cruth garbh a shaothair – an ceann, an
cliabhrach, na cosa – sula ndíríonn sé ar mhionsonraí ar
nós na n-ingne agus maothán na cluaise. Ar an gcaoi
céanna, ní mór don scríbhneoir cinntí a dhéanamh faoi
chaibidlí, faoi charachtair agus faoi scéal-línte sula
dtéann sé i ngleic le habairtí aonair, le haidiachtaí agus
le dobhriathra.
Ach
cén chaoi a ndéantar na cinntí sin? Tá módh oibre réasúnta
simplí agam féin. Sula ndéanaim rud ar bith eile, léim
tríd an gcéad dréacht ó thús deireadh. Áit ar bith a
mothaím nach bhfuil m’aird go hiomlán ar an scéal agus mé
ag léamh, bím san airdeall: muna mbíonn spéis agam féin sa
mhéad atá scríofa agam, drochsheans go mbeidh ag éinne
eile.
Agus
an chéad dréacht léite ó thús deireadh agam, bainim amach
nócha-naoi faoin gcéad de na sleachta nach gcuireann an
scéal ar aghaidh. Go minic, is cur síos fadálach a bhíonn
sna sleachta seo: mioneolas a theastaigh uaimse chun
suíomh nó carachtar a chruthú i m’intinn féin ach nach
dteastaíonn ón léitheoir chun an scéal a leanúint. Bíonn
scéal maith cosúil le meall oighir: ní fheiceann tú ach
cuid bheag bhídeach de, ach tuigeann tú go bhfuil an chuid
eile ann, faoi uisce, nó i gcás scéil, idir na línte.
Is
beag nach ndéanfá dearmad, de bharr na cainte seo ar fad
faoi ghearradh agus scriosadh amach, gur tréimhse fháis
atá san eagarthóireacht freisin. Is iomaí uair a tháinig
carachtar nua nó casadh nua chugam agus mé i mbun
eagarthóireachta ar scéal. Ach, ach an oiread le
craobhacha nua ar chrann, caithfear seanfhás a bhaint chun
fás nua a spreagadh.
Athléamh
agus athscríobh, scrios agus snas: próiseas casta atá san
eagarthóireacht gur gá am agus dua a chaitheamh leis.
Eisceachtaí fágtha as an áireamh, is iomaí babhta
eagarthóireachta a theastaíonn ó scéal lena thabhairt chun
foirfeachta. De réir a chéile, athraíonn an fócas: go
hiondúil, breathnaím ar an scéal ina iomláine ar dtús, ar
gach sliocht faoi seach ina dhiaidh sin agus ina dhiaidh
sin arís ar abairtí agus ar fhocail aonair. Nuair nach
n-athraíonn a dhath le linn bhabhta eagarthóireachta ach
an phoncaíocht, bíonn a fhios agam go bhfuil an scéal
tugtha chomh fada agam agus gur féidir liom é a thabhairt
sula mbreathnaíonn an dara duine air.
Ní
nach ionann agus an draíocht a bhaineann le scríobh an
chéad dréachta, is scil í an eagarthóireacht gur féidir a
fhoghlaim agus a fhorbairt. An mhí seo chugainn,
breathnóimid ar ghnéithe éagsúla na ceirde seo.
Eagráin eile den aoibhlag anseo.
Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:
Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013) |
Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012) |
An t-úrscéal Aiséirí (2011) |
Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009) |
No comments:
Post a Comment