Fitting writing in with a demanding day job is always a challenge – but a story can be written a line a day if need be, Alex Hijmans writes in the sixth episode of his monthly guest blog on creative writing.
Bíonn méara fada ag scríbhneoirí. Go mion minic, cuireann siad ina luí orthu féin nach bhfuil an t-am acu dul i mbun pinn.
Bréag atá ansin.
Gan
dabht, bíonn misneach ag teastáil chun am a chur i leataobh d’fhiontar
ar bith nach bhfuil toradh cinnte ag baint leis. Sin mar atá an
scríbhneoireacht, faraor: ní léir i gcónaí gur fiú an tairbhe an
trioblóid, go mbeidh luach ar ár saothar. Ar an drochuair, bíonn gréim
le cur inár mbéal agus bíonn billí le n-íoc.
Údair
mhórdhíola fágtha as an áireamh, is beag duine a n-éiríonn leis
maireachtáil ar scríbhneoireacht fhicsin amháin. Bíonn post lae ag gcuid
eile againn. Agus ní drochrud é sin: soláthraíonn post lae sruth seasta
scéalta.
Nó
ábhair scéalta, cibé. Go ró-mhinic, maraíonn an post lae amach muid.
Bhí smaoineamh iontach agam féin, tráth: teach caife a oscailt.
D’íocfadh an gnó sin na billí agus bheadh spás galánta agam chun díriú
ar mo chuid scríbhneoireachta, gan cupán espresso i bhfad riamh. Bhuel,
bhí an teach caife sin agam ar feadh cúig bliana go leith, agus i rith
an ama sin ar fad, níor éirigh liom ach gearrscéal nó dhó a chríochnú.
Na tograí liteartha eile ar fad ar chuir mé tús leo, níor éirigh liom
iad a thabhairt chun críche: nuair a thagainn abhaile tar éis lá fada ag
déanamh caife agus ceapairí, ní bhíodh an fuinneamh agam suí síos agus
scéal a scríobh. Nó sin an bhréag a d’insínn dom féin.
An
botún a bhí á dhéanamh agam, an t-am sin, ná a cheapadh go gcaithfinn
scéal iomlán a scríobh san aon iarraidh amháin (nó gar go leor d’aon
iarraidh amháin.) Go gcaithfinn an lá ar fad a bheith saor agam, nó
níorbh fhiú peann a chur ar phár. Rinne mé dearmad go bhfuil gach scéal
déanta suas as abairtí aonair, agus go bhféadfaí scéal a scríobh abairt
amháin in aghaidh an lae dá mba ghá.
Fiú
an té a bhfuil post lae dúshlánach aige, a chaitheann uair an chloig ar
an traein i ndiaidh na hoibre agus a mbíonn scaifte gasúr ocrach ag
fanacht air nó uirthi sa bhaile agus páirtnéir atá faoi strus ag a
p(h)ost lae féin anuas ar gach rud eile – fiú an té sin, bíonn nóiméad
nó dhó aige chun suí síos agus abairt nó dhó a chur ar phár. Le linn an
turais traenach abhaile, mar shampa! An dúshlán a bhíonn roimh an
scríbhneoir a bhfuil saol gnóthach aige ná na poill agus na prochóga ina
sceideal a aithint – agus úsáid a bhaint astu.
Ar
ndóigh, caithfear é seo a dhéanamh go rialta – gach lá, más féidir. Téann
smaointe agus scéalta le sruth má chuirtear ar an méar fhada iad. Cé
gur áis iontach é an leabhar nótaí, molaim filleadh ar thogra
scríbhneoireachta go laethúil go dtí go mbíonn an chéad dréacht
críochnaithe. Ina dhiaidh sin, cuirfidh tú an chéad dréacht sin ar an
gcarn múirín (féach eagrán na míosa seo caite) agus tabharfaidh tú
aghaidh ar an gcéad togra eile.
Beidh
amantaí ann, áfach, go mbeidh fonn ort tú féin a chaitheamh ar an gcarn
múirín, leis. Tá intinn an scríbhneora mar a bheadh garraí ann: má
chuirtear barr i ndiaidh barra, ídítear an chré. Caithfear sos a
thabhairt don tsamhlaíocht ó am go chéile le go mbeidh sí faoi bhláth go
rialta. Caithfear sosanna rialta a thabhairt do mhatáin na meabhrach
freisin: beidh siad uainn agus muid i mbun eagarthóireachta – ach sin
ábhar na míosa seo chugainn.
Eagráin eile den aoibhlag anseo.
Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:
Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013) |
Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012) |
An t-úrscéal Aiséirí (2011) |
Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009) |
No comments:
Post a Comment