Aoi-bhlag Alex Hijmans
Any piece of writing – be it fiction or non-fiction – should spend
some time in the compost heap, Alex Hijmans writes in the fifth episode
of his monthly guest blog on creative writing.
Tá
an chéad dréacht críochnaithe: tá dán, gearrscéal, úrscéal nó dráma
tugtha ó thalamh bán teibí na samhlaíochta go domhan coincréiteach an
dúigh agus an pháipéir agat. Comhghairdeas! Anois, céard é an chéad
chéim eile? Eagarthóireacht? Na drochphíosaí ar fad a ghearradh amach
agus snas a chur ar an iomlán?
As ucht Dé ort, ná déan sin. Cuir uait do scian agus do cheirt sciúrtha agus cuir do chéad dréacht ar an gcarn múirín.
An
carn múirín? Dóibh siúd nár rugadh faoin tuath nó nach bhfuil gáirdín
acu: sin é an moll úd ag bun an gharraí ar a gcaitear duilleoga crann,
craicne prátaí agus dramhaíl orgánach eile. Le himeacht ama agus le
himeacht na séasúr, iompaíonn an fuíoll seo ina mhúirín – leasú talún
den scoth.
Nuair
a chuireann scríbhneoir deireadh leis an gcéad dréacht de shaothar ar
bith, bíonn sé i ngrá lena bhfuil díreach scríofa aige: breathnaíonn sé
ar an toradh is déanaí óna pheann mar a bhreathnaíonn tuismitheoir óg ar
pháiste atá díreach tagtha ar an saol. Ní fheiceann sé aon locht. Nó má
fheiceann, bíonn ceangal chomh láidir sin aige lena dhréacht úr nach
mbíonn sé de mhisneach aige athruithe a bhfuil gá leo – athruithe
ollmhóra, seans – a dhéanamh.
Ar
an gcúis sin, is fearr am a thabhairt do phíosa scríbhneoireachta tar
éis na breithe. É a chur i leataobh, ar an gcarn múirín. Ligint do
chúpla lá, cúpla seachtain, cúpla séasúr dul thart. Sa tréimhse sin,
taitníodh sé leat nó ná taitníodh, tiocfaidh athrú ar do shaol féin.
Titfidh tú i ngrá nó scarfaidh tú ó leannán, bogfaidh tú thar lear
nó bogfaidh tú abhaile. Fiú muna n-athraíonn ach an aimsir, beidh cuma
nua ar phíosa scríbhneoireachta ar bith tar éis tamaill ar an gcarn
múirín – toisc go mbreathnóidh tú féin air le súile nua. Agus tiocfaidh
tú ar thuiscintí nua dá bharr.
Cén
t-achar ar cheart an chéad dréacht a chur i leataobh? Brathann sé sin
ar fhad an phíosa scríbhneoireachta. Mothaím gur leor mí ar an gcarn
múirín do ghearrscéal, ach thabharfainn leathbhliain ar a laghad
d’úrscéal. Faoi láthair, táim i mbun eagarthóireachta ar shaothar
beatháisnéise. Tá breis agus bliain ann ó scríobh mé an chéad chúpla
caibidil, agus dá bharr sin, bhí mé in ann breathnú orthu sin go
fuarchúiseach agus sceanairt a dhéanamh orthu sna háiteanna ar ghá. Ach
anois, agus mé ag druidim le deireadh an dréachta, táim ag obair ar
chaibidil nár chríochnaigh mé ach mí ó shin – agus mothaím go bhfuil
próiseas na heagarthóireachta níos deacra dá bharr. Níl dóthain ama
caite ag an gcaibidil seo ar an gcarn múirín; tá sí ró-ghar do mo chroí
fós le go bhfeicfinn na lochtanna atá uirthi i gceart.
Do
mo chuid scríbhneoireachta ficsin amháin a bhaininn úsáid as coincheap
an charn mhúirín i dtosach ama. Ach chonacthas dom go bhfuil tábhacht
chomh mór sin leis an sos seo don chéad dréacht go gcuirim píosa
scríbhneoireachta ar bith i leataobh anois, sula ndéanaim
eagarthóireacht air – ailt iriseoireachta san áireamh. Cuirim gné-ailt i
leataobh ar feadh lae ar a laghad; chaith an aiste atá á léamh agat
faoi láthair seachtain ar an gcarn múirín.
Ó
am go chéile, tharlódh sé nach mbíonn an t-am agat chun an sos a
theastaíonn ó phíosa scríbhneoireachta áirithe a thabhairt dó. Brú
oibre, spriocdháta nach féidir a chur siar. I gcásanna mar seo, mothaím
gur siúlóid fhada amuigh faoin spéir – nó snámh, má bhíonn an aimsir go
maith – an gar is mó gur féidir a dhéanamh do do shaothar, agus duit
féin.
Tar
éis don chéad dréacht tréimhse a chaitheamh ar an gcarn múirín, tagann
an t-am gur gá tús a chur leis an eagarthóireacht dháiríre. Ar an
drochuair, áfach, is minic a chuireann an saol pleananna an scríbhneora ó
mhaith – breis faoi sin an mhí seo chugainn.
Eagráin eile den aoibhlag anseo.
Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:
|
Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012) |
|
Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009) |
No comments:
Post a Comment