Discomfort and lack of confidence are amongst the most common obstacles on the writer’s path, Alex Hijmans writes in the third episode of his monthly guest blog on creative writing.
Tá mo mháthair díreach imithe abhaile tar éis di a bheith
ar cuairt ar feadh cúig seachtaine. Le linn an ama sin ar fad níor scríobh mé
oiread agus focal ficsin. Ní fhéadfainn. Is iontach an bhean í mo mham, ach ní
féidir liom í a bheith thart orm agus mé ag plé le scríbhneoireacht
chruthaitheach. Tá sé sách dona go bhfuil sí (tar éis roinnt chúrsaí samhraidh
ag Oideas Gael, agus le cúnamh an fhoclóra agus go leor, leor foighde) in ann
mo chuid ficsin i nGaeilge a léamh. Tá roinnt de mo chuid gearrscéalta léite
aici in Ísiltíris freisin agus rinneamar socrú, i bhfad ó shin, gan iad a phlé.
Ní dóigh liom gur eisceacht mise. Roinneann an
scríbhneoir torthaí a shamhlaíochta leis an bpáipear agus leis an léitheoir
anaithnid, ach go mion minic, bíonn smaointe i gceist nach bpléifeá le do
thuismitheoirí. Ná le do chlann, le do chéile, le do chara is fearr. Ceird
uaigneach í ceird an scríbhneora ar an gcúis sin (ach ceann de pharadacsaí móra
na ceirde ná go n-éiríonn go geal le scríbhneoirí, go minic, agus iad i mbun
pinn in áit a bhíonn lán go doras le stráinséirí: sa teach caife.)
Tá an míchompord – an náire fiú – a thagann ar an
scríbhneoir maidir le torthaí a phinn féin ar cheann de na driseacha is deacra
le sárú ar chosán na scríbhneoireachta, ach faraor géar ní hé an t-aon cheann
amháin é. Bac bóthair damánta eile ná an easpa féinmhuiníne a chuireann as do
ghach scríbhneoir ó am go chéile. Is nós linn ár gcuid útamála féin ar an
leathanach bán a chur i gcomparáid le scríbhneoireacht ár laochra liteartha,
ach déanaimid dearmad gurb éard a fheicimid, nuair a osclaímid a gcuid leabhar
sin, ná saothar críochnaithe. Ní fheicimid na focail ar fad a scriosadh amach,
na leathanaigh ar fad a stróiceadh, na clóscríbhneoirí ar fad a caitheadh le
balla. Tríocha-naoi n-uaire a rinne Hemingway athscríobh ar leathanach deiridh A
Farewell to Arms, más fíor dó féin.
Gné ar leith den easpa féinmhuiníne a thagann ar
scríbhneoirí ná an eagla roimh ghramadach agus roimh litriú. (Comhréir agus,
aisteach go leor, poncaíocht, an dá rud is mó a chuireann strus orm féin.) Cé
nach féidir a shéanadh go gcaithfidh an scríbhneoir máistreacht a bheith aige
ar pé teanga ina mbíonn sé ag scríobh, ní hionann sin is a rá gur
gá dó a bheith ina mháistir scoile agus é i mbun pinn. Ní hé an
difear idir urú agus séimhiú is tábhachtaí agus úrscéal Gaeilge an Chéid idir
lámha agat, ach an scéal. Níor cheart go mbeadh aon bhotúin ghramadaí nó
litrithe i saothar foilsithe – ach sin an fáth go mbíonn ceartaitheoirí profaí
ag foilsitheoirí leabhar.
Anois, níl dabht ar bith faoi ach go bhfuil dualgas ar an
scríbhneoir an dréacht deireanach dá shaothar a thabhairt chun foirfeachta,
oiread agus is féidir leis, sula dtugann sé ar lámh don fhoilsitheoir é. Ach is
cuma sa tsioc cá mhéad dréachtaí a bhí aige roimhe sin. Ní nós liomsa dréachtaí
a chomhaireamh (ní amháin nach bhfuilim go maith ag comhaireamh, ach ní fheicim
an gá) ach déarfainn go raibh idir cúig agus deich gcinn ag gach ceann de na
scéalta i mo chnuasach Gonta.
De na dréachtaí seo ar fad, tá tábhacht ar leith leis an
gcéad cheann. Agus ní bhaineann leis an gcéad dréacht ach riail amháin: ní
bhaineann aon rialacha leis an gcéad dréacht.
Níl ach an t-aon aidhm amháin ag an gcéad dréacht: an
scéal atá i do cheann a chur ar pháipéar. An rud is lú a theastaíonn uait,
agus tú i mbun na hoibre sin, ná glór do mham nó mháistreas scoile éigin ar
chúl d’aigne, gan trácht ar ghlór d’eagarthóra inmheánaigh féin. An mhí seo
chugainn, breathnóimid ar bhealaí chun iad seo a choinneáil ina dtost – go
dtí go mbeidh gá leo, níos faide anonn, agus muid ag obair ar an dréacht
deiridh.
Eagráin eile den aoibhlag anseo.
Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:
Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013) |
Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012) |
An t-úrscéal Aiséirí (2011) |
Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009) |
No comments:
Post a Comment