Thursday, March 6, 2014

'Sciorrann an tAm' ar fáil anois!

Gearrscéalta nua ó Orna Ní Choileáin.


ISBN: 9781907494383
Praghas: €9

Is é seo an dara cnuasach gearrscéalta le hOrna Ní Choileáin. Bhí an-éileamh ar a chéad bailúchán Canary Wharf (2009). An bua a bhaineann le scéalta an Choileánaigh ná a n-éagsúlacht agus a mbeocht. Is minic í ag plé leis an gclapsholas sin idir dhá shaol agus uaireanta is priaclach an saol é sin! Ní gruaim gan ghreann é, áfach. Scanraíonn sí sinn ach baineann a cuid eachtraí gáire asainn chomh maith. Ní gnáthdhomhan é seo, domhan Orna Ní Choileáin. Tá Sciorrann an tAm ar fáil le ceannach ar shuíomh Cois Life anseo.

Seo a leanas sliocht as an scéal 'Mise Mungó':
‘Tinneas atá air,’ arsa an comhairleoir a bhí ag meas chás Mhungó. ‘Tinneas díreach ar nós an alcólachais nó an chearrbhachais. Leanann sé air ag déanamh coireanna gan aon mhachnamh a dhéanamh ar an toradh a bheidh orthu. Bíonn a intinn gafa ag smaointe áirithe agus tagann cathú air na smaointe sin a chur i bhfeidhm. Is andúileach é.'

Tháinig monabhar ón seomra. Bhí na saineolaithe eile ar fad a bhí bailithe mórthimpeall an bhoird ar aon intinn leis an gcomhairleoir maidir leis an diagnóis seo. Bhí na comharthaí ríshoiléir agus bhí fianaise ann fiú go mbíodh iompraíocht chúlúcháin le sonrú air nuair a chúbadh sé chuige féin.
‘Caithfimid aitheantas a thabhairt don tinneas agus cúnamh a thabhairt don bhuachaill chun go dtiocfaidh biseach air,’ arsa an comhairleoir. ‘Mar sin, tá clár faoi leith ullmhaithe againn dó.’
Thug sí an nod don mhaor a chuaigh amach chun Mungó a fháil. Tar éis nóiméid, osclaíodh an doras agus isteach le Mungó. Buachaill aclaí, tanaí, tapa ab ea é. Gluaiseacht ar nós moncaí aige. Mungó Moncaí an leasainm a bhí air.

Chomh maith leis an dá bhailiúchán gearrscéalta, tá dhá cheann den tsraith úrscéalta do dhéagóirí faoin vaimpír Ailfí ar fáil ar shuíomh Cois Life. Foilseofar an tríú húrscéal sa tsraith, I measc vaimpírí, san earrach, 2015.

Ailfí agus an Vaimpír €8
 
Vaimpír san Áiléar €8

No comments:

Post a Comment