Monday, February 3, 2014

Scéal scéil: rúndiamhra na meán

Ar fáil anois!

 


Táimid uile ag feidhmiú faoi scáth na meán cumarsáide ach is beag eolas atá againn i ndáiríre faoi cén chaoi a bhfeidhmíonn siad. Sa leabhar seo nochtann iriseoirí aitheanta, atá in ard a maitheasa faoi láthair, a gcuid rún faoi na modhanna oibre a chleachtaíonn siad chun scéalta a aimsiú agus a sheachadadh. Gheobhaidh an léitheoir spléachadh ní hamháin ar ealaín na ceirde ach ar an chleasaíocht a bhíonn ar bun i seomraí nuachta na tíre. Tá idir mhagadh is dáiríre sa leabhar seo agus tarraingíonn na hiriseoirí ó thaithí fhairsing na mblianta le scéilíní agus le smaointe faoi chleachtadh na hiriseoireachta a roinnt linn. Déantar cíoradh ar réimse leathan ábhar ann: na tréithe atá riachtanach, an tablóideachas, claonta polaitiúla, tuairiscí ó láithreacha cogaíochta, féidearthachtaí gnó na hiriseoireachta, cén chaoi le ceisteanna a chur agus le freagraí a sheachaint. Ar na hiriseoirí scríobh aiste don leabhar tá Harry McGee, Paul Drury, Póilín Ní Chiaráin, Seán Ó Cuirreáin agus Cathal Mac Coille.

The media is an all-pervasive presence in our lives. In this book well-known journalists share insights about their work and about how the media find and present stories. Among the issues discussed are tabloid journalism, political bias, reporting from areas of conflict, business models for journalism and how to ask - and avoid answering - questions. Some of the journalists sharing their experience are: Harry McGee, Paul Drury, Póilín Ní Chiaráin, Seán Ó Cuirreáin and Cathal Mac Coill.

Sliocht as 'Tarzan agus ‘The only Gaeilgeoir in the village’: dúshláin agus laincisí na meán Gaeilge' le Breandán Delap:

'Bhí mé ag amharc ar scannán faoi leith ina ndearna rí na dufaire aistear contúirteach go Críocha Ju Ju agus é ag tionlacan fear agus bean a bhí satóir ar ‘dhiabhal na ndaoine beaga’ – nó an fear bán a bhí ina chónaí i measc na bpigmithe. Ní túisce a bhain an triúr acu a gceann scríbe amach, ná go raibh siad timpeallaithe ag fir bheaga le píopaí séide. Ach baineadh den bhagairt nuair a labhair a gceannaire leo i nGaeilge. ‘Cuir síos iad,’ arsa Red McGeehan, ‘Now éist liomsa ar feadh nóiméid. Ise mo bhean. Tá sí ag teacht liom. An dtuigeann sibh mé?’ Fágadh na fir bheaga sioctha leis na gáirí go raibh uisce ina súile. Ach bhí an t-anam scanraithe as an lánúin bhocht agus thit sé ar Tarzan a raibh ráite aige a aistriú go Béarla.

Bhain sé seo croitheadh mór asam. Bhí mé aon bhliain déag, ceithre mhí agus 139 lá d’aois an uair a nochtadh an scéal mór seo dom. Chan amháin go raibh mionteanga s’againne á labhairt ag bundúchasaigh na hAfraice ach bhí rí na dufaire é féin ábalta í a thuiscint chomh maith. Cúis iontais ab ea é seo domsa óir ba thearc líon na A-list celebs in Éirinn na linne sin a raibh Gaeilge ar a dtoil acu, seachas leithéidí Éamon de Buitléar, Páidí Ó Sé, Dáithí Lacha ... agus anois fear fiáin na foraoise é féin, Tarzan'

Sliocht as 'An saol ar Phláinéad an Táblóideachais’ le Paul Drury:

Sea, go deimhin. Séard a bhí faighte ag Sutherland ná sraith pictiúr a thóg paparazzo éigin Meiriceánach de Madonna agus í ar an seit. Í lán-nocht, ar ndóigh. Í i mbun aicsin lena cuid páirtithe éagsúla, ar ndóigh. D’fhéadfá ‘te bruite’ a ghlaoch orthu seo, cinnte!

Is deacair é a chreidiúint tar éis fhiosrúchán Leveson agus gach ar bhain leis agus tar éis an mhéid achrainn atá tarraingthe ag a leithéid de phictiúir, don Star ach go háirithe, ó shin, ach ba bheag aird a thug iriseoirí ar cheisteanna príobháideachais ag an am – agus ba lú fós a thug na hiriseoirí tablóideacha. ‘Ethics?’ a dúirt eagarthóir iomráiteach The Sun, Kelvin McKenzie, uair amháin, más fíor. ‘Isn’t that a place east of London where men wear white socks?’

Sliocht as 'Tuairiscí ó láthair na cogaíochta' le Póilín Ní Chiaráin:

Páirceanna catha ab ea áiteanna ar nós Lóiste na Mónadh agus na geiteonna ar dhá thaobh na deighilte. Chuala mé a scéal ó bhean chroíbhriste ar maraíodh a mac, trí bliana déag d’aois, le piléar plaisteach. Casadh baintreacha ón dá thaobh orm, a saol millte. Bhí bochtanas agus dífhostaíocht forleathan. Bhí tionchar na coimhlinte le braithstint gach áit, ar gach aicme agus ar pháistí go háirithe. Bhí idir fhuath agus mhaithiúnas mar cheol cúlra. Agus fós, bhí misneach ar taispeáint d’ainneoin an uafáis.

Ní hé go raibh mé dall ar na Trioblóidí roimhe sin ar ndóigh ach bhí mo thaithí teibí nó acadúil. Ba é seo an chéad uair agam ag éisteacht le gnáthdhaoine gan aon urlabhraí, polaiteoir ná oibrí sóisialta ag léirmhíniú ná i mbun idirghabhála. Chonacthas dom gurbh é cás an Tuaiscirt an scéal ba mhó agus ba chasta ar an oileán seo agus gur dhúshlán dom mar iriseoir níos mó airde a thabhairt air.

ISBN: 978-1-907494-39-0
Praghas: €15
Ar fáil ar www.coislife.ie 



Tuesday, January 14, 2014

AN DÚIL SA DÚCH

Aoi-bhlag Alex Hijmans




 Stories, when written down, turn into tattoos on a writer’s skin, Alex Hijmans writes in the first episode of his monthly guest blog on creative writing.


Tá an scéal ann le cuimhne na ndaoine. Go deimhin, is ionann ‘scéal’ agus ‘cuimhne na ndaoine’. Ar feadh na gcéadta míle bliain sula bhfuair an cine daonna amach go bhféadfaí focail a ghreanadh ar chloch, a scríobh ar phár, a bhreacadh ar pháipéar agus a chló ar scáileán, chuaigh scéalta ó bhéal go béal, ó ghlúin go glúin. Agus dá bharr sin, d’athraíodar i rith an ama: sin an fáth go mbíonn dhá leagan ar scéal agus dhá leagan déag ar amhrán.

Ach le teacht chun cinn na scríbhneoireachta, d’éirigh linn greim níos daingne a fháil ar an rud luaineach seo ar a dtugtar scéal. A luaithe is bhíonn scéal greanta ar chloch (nó i gcló ar pháipéar) tá sé caomhnaithe dóibh siúd atá timpeall orainn anois agus dóibh siúd a thiocfaidh inár ndiaidh – ach tá níos mó i gceist le dúil an duine sa scríobh ná caomhnú na cuimhne.

Agus scéal á scríobh síos againn, tarlaíonn rud atá chomh soiléir sin nach smaoinímid air go minic: stopann an scéal ag forbairt. I mbéal an phobail nó in intinn an scríbhneora aonair, bíonn scéal ar nós leachta go dtí go gcuirtear i gcló é – ach ón nóiméad sin ar aghaidh, triomaíonn an leacht i bhfoirm dúigh ar an leathanach. Samhlaímse scéalta atá i gcló mar ghrianghraif. Cuma cé chomh beomhar is atá an íomhá féin, ní athróidh fráma, soilsiú, ná a bhfuil le feiceáil sa phictiúr go deo – gach rud reoite sa nóiméad a brúdh an cnaipe.

Ní féidir éalú ón rud atá i gcló. Agus sin, dar liom, an draíocht a bhaineann leis an scríbhneoireacht. Lena cheamara inmheánach, glacann an scríbhneoir grianghraf dá shamhlaíocht féin agus cuireann i láthair an tsaoil mhóir é: is ionann an dúil sa dúch agus an dúil atá sa duine é féin a nochtadh. Agus bí ag caint ar nocht: ón uair a bhíonn scéal i gcló, beidh sé ann go deo – mar a bheadh tatú ar chraiceann an scríbhneora.

Ar ámharaí an tsaoil, bíonn an dúil chéanna ag an gcine daonna sa ghliúcaíocht agus a bhíonn san fhéintaispeáint, nó ní bheadh léitheoirí ann. Tá cosúlacht áirithe idir an gcaidreamh idir an scríbhneoir agus an léitheoir agus an caidreamh idir beirt i seomra comhrá idirlín: toisc nach bhfeiceann siad a chéile, bíonn siad in ann a gcuid mothúchán is pearsanta, is rúnda, a roinnt. Ar ndóigh, tá difríocht shuntasach ann: caidreamh aontreoch a bhíonn idir an scríbhneoir agus an léitheoir.

Ní nós linn mórán machnaimh a dhéanamh ar na nithe seo, toisc go bhfágann siad ábhairín míchompordach muid. Ach céard eile atá sa scríbhneoireacht ná damhsa drúise? Cén fáth, meas tú, a mbíonn sé le rá ag léirmheastóirí ‘go n-éiríonn le scríbhneoir an léitheoir a mhealladh’?

Ar ndóigh, ní hé sin le rá gur ionann an scríbhneoireacht agus pornagrafaíocht. Ach mura n-osclaíonn an scríbhneoir an doras atá faoi ghlas, cén fáth a n-iompódh an léitheoir an leathanach? Riamh anall, bhí dlúthcheangal idir litríocht agus an rud ar a bhfuil cosc: ní haon chomhtharlúint é go mbíonn geis i gcroílár phlota scéalta na Rúraíochta agus na Fiannaíochta. Agus nach tráthúil gur ón bhfocal ‘geis’ a thagann an leagan ‘faoi gheasa’ – mar is faoi gheasa a bhíonn an scríbhneoir nuair a bhíonn sé i mbun pinn, agus is faoi gheasa a bhíonn an léitheoir nuair a bhíonn sé i mbun léitheoireachta.

Sin í an aidhm, pé scéal é. Níl rudaí chomh simplí sin. Próiseas casta atá sa scríbhneoireacht chruthaitheach, próiseas a thosaíonn, nach mór i gcónaí, leis an leathanach bán – ach sin ábhar na míosa seo chugainn.

Eagráin eile den aoibhlag anseo

Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)




Monday, December 23, 2013

Na Deich Leabhar Gaeilge is Fearr ... / The Ten Best Books in Irish ...

In eagrán na Nollag den iris liteartha Comhar tá liosta de 'Na Deich Leabhar Gaeilge is Fearr a Foilsíodh ó Chasadh na Mílaoise'. Tá luacháir orainn a rá gur chruthaigh Cois Life go hiontach maith sa 'phobalbhreith' seo. Seo a leanas an príomhliosta:











10. Scéal Ghearóid Iarla, Máire Mhac an tSaoi (Leabhar Breac, 2013)
9.  Úlla, Seán Mac Mathúna (Cois Life, 2005)
8.  Leabhar Mór na nAmhrán, Micheál Ó Conghaile, Lochlainn Ó Tuairisg agus Peadar Ó Ceannabháin (eag.) (Cló Iar-Chonnacht, 2013)
7.  An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire, Biddy Jenkinson (Coiséim, 2008)
6.  An Tionscadal, Tomás Mac Síomóin (Coiscéim, 2007)
5.  An Fear nach nDéanann Gáire, Micheál Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht, 2003)
4.  An Fuíoll Feá: Rogha Dánta, Liam Ó Muirthile (Cois Life, 2013)
3.  Fontenoy, Liam Mac Cóil (Leabhar Breac, 2005)
2.  An Cléireach, Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac, 2002)
1.  Trén bhFearann Breac, Máirín Nic Eoin (Cois Life, 2005)
San iris féin tá cur síos le léirmheastóir aitheanta ar gach leabhar atá ar an liosta agus tugaimid anseo thíos sleachta as a ndúradh faoi na leabhair s'againne. Molaimid daoibh an iris féin a cheannach leis an tuairiscí ar fad a léamh ina n-iomláine - agus na scéalta eile a bhíonn ar Comhar gan amhras. www.iriscomhar.com


(Seán Mac Mathúna)

'Ní bhíonn amhras riamh ar léitheoir Úlla gur fíorlitríocht, scríbhneoireacht cheart nach féidir a mhúineadh ná a fhoghlaim, atá sna scéala. Má chuir an t-údar saothar air féin ag tabhairt an amhábhair chun críche, níl aon rian den róshoathrú le feiceáil.'
Ian Ó Caoimh





(Liam Ó Muirthile)

'Is túisce ionraiceas ná áilleacht den gcuid is mó i bhfilíocht Uí Mhuirthile agus é ag iomrascáil lena mhothú stobarnálta féin nó le gnéithe contrártha den saol lasmuigh:  bás cairde agus gaol, caidreamh teaghlaigh agus uaigneas i ndiaidh an alltair.' 

Louis de Paor



(Máirín Nic Eoin)

'Ní cúis iontais ata ann gur bhain Trén bhFearann Breac an chéad áit amach ar an liosta seo Comhar mar is leabhar léannta agus sofaisticiúil é ach is leabhar ábhartha soléite chomh maith é. Is leabhar é seo nach foláir d'aon duine a bhíonn ag plé le cultúr, le litríocht, le pleanáil teanga nó le todhchaí na Gaeilge a léamh agus a mheas ...  Cois Life a d'fhoilsigh an leabhar, comhlacht foilsitheoireachta a bhfuil cion tairbhe faoi leith déanta acu do léann na Gaeilge ó bunaíodh é sa bhliain 1995 ...  Ceann d'ilbhuanna an leabhair seo is ea an shoileire a nochtar tuairimí coimpléascúla agus teoiricí casta ann. Ta friotal agus teanga shofaisticiúil ann, ach iad nádúrtha agus dúchasach san am céanna, ionas gur féidir é a léamh agus a thuiscint go soiléir gan mórán stró.'

Brian Ó Conchubhair



Ní hamháin sin, vótáladh An Fuíoll Feá sa chéad áit ar an gCnuasach Filíochta is Fearr (Mórchnuasach) agus vótáladh Gonta le hAlex Hijmans i measc na ndeich gnuasach gearrscéalta i nGaeilge is fearr ó thús na mílaoise - bhí sé sa séú háit.




__________________________________________________

The December edition of the Irish language literary magazine Comhar has a list of 'Na Deich Leabhar Gaeilge is Fearr a Foilsíodh ó Chasadh na Mílaoise' ('The Ten Best Irish Language Books Since the Start of the Millenium'). We're delighted to say that Cois Life's authors did themselves proud in the poll. Here is the countdown:




10. Scéal Ghearóid Iarla, Máire Mhac an tSaoi (Leabhar Breac, 2013)
9.  Úlla, Seán Mac Mathúna (Cois Life, 2005)
8.  Leabhar Mór na nAmhrán, Micheál Ó Conghaile, Lochlainn Ó Tuairisg agus Peadar Ó Ceannabháin (eag.) (Cló Iar-Chonnacht, 2013)
7.  An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire, Biddy Jenkinson (Coiséim, 2008)
6.  An Tionscadal, Tomás Mac Síomóin (Coiscéim, 2007)
5.  An Fear nach nDéanann Gáire, Micheál Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht, 2003)
4.  An Fuíoll Feá: Rogha Dánta, Liam Ó Muirthile (Cois Life, 2013)
3.  Fontenoy, Liam Mac Cóil (Leabhar Breac, 2005)
2.  An Cléireach, Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac, 2002)
1.  Trén bhFearann Breac, Máirín Nic Eoin (Cois Life, 2005)

The magazine itself features a short piece about each of the books by a well-known reviewer and below we give a little taste of what was said about the Cois Life title. Better still, go buy the magazine itself, of course, and read the full descriptions - and all the other interesting material which appears in Comhar of course. www.iriscomhar.com




Úlla (Seán Mac Mathúna)
'The reader of Úlla is never in any doubt but that these stories are true literature, real writing that can't be taught of learned. If the author was at pains to mould the raw materials of the stories to perfection, there's no trace of effort or striving discernable.'
Ian Ó Caoimh

An Fuíoll Feá: Rogha Dánta / Wood Cuttings: New and Selected Poems (Liam Ó Muirthile with translations by Gabriel Rosenstock)
'For the most part integrity is more important than outward beauty in Ó Muirthile's poetry as he struggles with his own stubbon feelings or with conflicted aspects of the external world: the deaths of friends and relations, family relationships and a yearning for the distant, the unattainable.' 
Louis de Paor
Trén bhFearann Breac (Máirín Nic Eoin)
'That Trén bhFearann Breac has topped this poll which Comhar organized shouldn't come as a surprise to anyone; it's a learned, sophisticated book but it's also eminently readable. Anyone involved in the culture, literature, language planning or the future of the Irish language should read this book and consider what it says  ...
Cois Life are the publishers, a company that has done more than its share of good for Irish letters since its establishment in 1995 ...
One of the book's many gifts is how effortlessly it expresses complex opinions and involved theories. The language and style are sophisticated, yes, but also natural and rooted in the tradition of the language, so that one can read and understand clearly without any undue difficulty.'
Brian Ó Conchubhair

Not only that, but An Fuíoll Feá: Rogha Dántá / Wood Cuttings: Selected Poems was voted the best book of collected poetry overall and Gonta by Alex Hijmans was named in the top ten collections (it came sixth) of short stories in Irish since the start of the millenium.

Saturday, November 16, 2013

Fómhar / Autumn - Liam Ó Muirthile aistr./trans. Gabriel Rosenstock - An Fuíoll Feá / Wood Cuttings (Cois Life, 2013)

Mar chuid d'Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath 2013, rinneadh ceiliúradh Dé Sathairn 16 Samhain ar An Fuíoll Feá: Rogha Dánta / Wood Cuttings: New and Selected Poems (tuilleadh eolais anseo) le Liam Ó Muirthile, aistrithe ag Gabriel Rosenstock. Sa taifead seo ón gceiliúradh, léann Liam an dán 'Fómhar' as an gcnuasach agus ina dhiaidh sin léann Gabriel Rosenstock an t-aistriúchán a rinne sé ar an dán agus míníonn sé an cur chuige aistriúcháin a tharraing sé chuige chun plé leis an dán áirithe seo.
Ar an lá, sheinn Iarla Ó Muirthile dreasanna ceoil den scoth mar anlann leis an bhféasta focal.
Leis an leabhar bogcrua (agus CD fuaime ina theannta) a cheannach, brúigh anseo. Is féidir ríomhleabhar ilfhormáid (gan aon fhuaimraon) a cheannach ag na naisc chomh maith.
www.coislife.ie.

As part of the 2013 Dublin Book Festival 2013, on Saturday the 16th of November there was a celebration of An Fuíoll Feá: Rogha Dánta / Wood Cuttings: New and Selected Poems (more information here) by Liam Ó Muirthile, translated by Gabriel Rosenstock, . In this recording from the event, Liam reads first the original poem 'Fómhar' ('Autumn') in the Irish language and then Gabriel speaks about his approach to translating this particular poem before reading the translation itself.
On the day, Iarla Ó Muirthile provided musical interludes which related to some of the poems - a third language, in a sense.  
To buy the hardback or softback book (with free audio CD) click here. The book can also be purchased in various ebook formats (without any sound recordings) at the links.
www.coislife.ie

Leabhar Laethanta - Donla uí Bhraonáin (Cois Life, 2013)


San fhíseán gairid seo, tugann Donla uí Bhraonáin léargas ar a bhfuil in Leabhar Laethanta (Cois Life, 2013).
Leabhar Laethanta (in eagar ag Donla uí Bhraonáin)
Leabhar a thugann spás ar leith do gach lá den bhliain (365 lá) agus a sholáthraíonn míreanna gearra eolais faoi ghnéithe éagsúla de stair agus de shaíocht na hÉireann in aghaidh gach lae. Fágtar spás beag bán in aghaidh gach lae inar féidir leis an léitheoir a c(h)uid nótaí/meabhrán féin a scríobh.
ISBN: 978-1-907494-30-7; Foilsithe: 2013; Leathanaigh: 148; 12.00
Ceannaigh anseo.

In this short video Donla uí Bhraonáin explains what the reader will find in Leabhar Laethanta (Cois Life, 2013).
Leabhar Laethanta (edited by Donla uí Bhraonáin)
A book which sets aside space for each of the 365 days of the year and provides the reader with nuggets of information about aspects of Irish culture and history associated with each day. Blank space is left on each day to allow the reader make his or her own notes. 
Important Note: the book is in Irish ONLY - it is not a bilingual book.
ISBN: 978-1-907494-30-7; Published: 2013; Pages: 148: 12.00
Buy here.

Thursday, November 7, 2013

Olivia Golden - saothar maisithe léi le feiceáil in IMMA / Olivia Golden's Illustrations exhibited in IMMA

Léaráid le Olivia Golden as An Dragan Feasa 

Déanann Cois Life comhghairdeas le Olivia Golden a roghnaíodh i measc na n-ealaíontóirí  le haghaidh Pictiúr -  taispeántas de shaothair ealaíne le leabhair do pháistí a mhaisiú atá ar siúl ó 14 Samhain 2013 go dtí 12 Eanáir 2014 i Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann, Cill Mhaighneann (IMMA). Tá saothar de chuid Olivia as an leabhar An Dragan Feasa a scríobh Rhiannon Watson ar taispeáint mar chuid de Pictiúr. Is féidir tuilleadh a léamh faoi léaráidí Olivia i gcomhair an leabhair seo anseo agus is féidir an leabhar a cheannach anseo. Is í Laureate na nÓg, Niamh Sharkey a thiomsaigh an taispeántas  agus tá sé tar éis bheith ar chamchuairt Eorpach cheana féin, i Vín na hOstaire, i mBologna san Iodáil, sa Bhruiséil agus i Leuven na Beilge - le cúnamh ó Chultúr Éireann. Murar leor sin, thug an taispeántas bogshodar beag in Éirinn chomh maith - ag stopadh i mBaile Bhlainséir agus i nGaillimh sular thug aghaidh ar an ardchathair - turas a rinneadh le cúnamh ón gComhairle Ealaíon. An té an bhíonn siúlach, bíonn sé (nó sí) siúlach, pictiúrach! 

Ba iad na maisitheoirí leabhar a ghlac páirt ná: Lily Bernard, Adrienne Geoghegan, Anita Jeram, Donough O’Malley, Alan Clarke, Olivia Golden, Chris Judge, Niamh Sharkey, Michael Emberley, Chris Haughton, P.J. Lynch, Steve Simpson, Tatiana Feeney, Paul Howard, Oisin McGann, Kevin Waldron, Marie-Louise Fitzpatrick, Oliver Jeffers, Mary Murphy, Olwyn Whelan agus Andrew Whitson.


"Pictiúr Goes to Europe"

Cois Life congratulates illustrator Olivia Golden on her continued success. Pictiúr, an exhibition of work by leading Irish children’s book illustrators - including some of Olivia's amazing work from An Dragan Feasa (which can be bought here) - opens in IMMA, the Irish Museum of Modern Art, Kilmainham from the 14th of November to 12th of January. 

Pictiúr, curated by Laureate na nÓg, Niamh Sharkey, is supported by the Arts Council’s Touring and Dissemination Scheme.and is the largest single exhibition of Irish children’s book illustration ever assembled. 

The video above from Laureate na nÓg's youtube channel tells the story of the exhibition's European tour (supported by Culture Ireland) to the Festival of Young Readers, Palais Auersperg, Vienna, Austria, the Bologna Children’s Book Fair in Italy, the European Parliament in Brussels and the Leuven Institute for Ireland in Europe. As always, where children's literature is concerned, CBI - Children's Books Ireland, are working away in the background. 

Participating artists are: Lily Bernard, Adrienne Geoghegan, Anita Jeram, Donough O’Malley, Alan Clarke, Olivia Golden, Chris Judge, Niamh Sharkey, Michael Emberley, Chris Haughton, P.J. Lynch, Steve Simpson, Tatiana Feeney, Paul Howard, Oisin McGann, Kevin Waldron, Marie-Louise Fitzpatrick, Oliver Jeffers, Mary Murphy, Olwyn Whelan and Andrew Whitson.



Monday, October 7, 2013

Splancanna - Félire 2014 saor in aisce - Free 2014 calendar!

Margadh Speisialta! Special Offer! (English language version below)
Féilire 2014 saor in aisce - Free 2014 calendar.


Mar mhargadh speisialta do cheannaitheoirí Splancanna ó Shaol Eile, an leabhar iontach, álainn, nua le hAlex Hijmans, gheobhaidh siad cóip d'fhéilire álainn 2014 bunaithe ar na grianghraif atá i gcorp an leabhair. 

Le níos mó eolais a fháil faoin leabhar agus leis an leabhar a ordú ní gá ach cliceáil anseo. Beidh an margadh seo ar fáil sna siopaí leabhar go ceann tamaill chomh maith, ach ná fág ródhéanach é ....
______________

As a special treat for those who buy a copy of Splancanna ó Shaol Eile, the wondrous and beautiful new book from Alex Hijmans, each copy comes with a free 2014 calendar featuring photographs from the book. 

To find out more about the book and to order your copy, just click here. This offer is also available in bookshops for a limited time but don't leave it too late ....