Showing posts with label litríocht_na_Gaeilge. Show all posts
Showing posts with label litríocht_na_Gaeilge. Show all posts

Monday, September 1, 2014

Leabhar nua: Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana

TÉARMAÍOCHT GHAEILGE NA hATHBHEOCHANA

Ar fáil anois!

 


Tá an t-ochtú leabhar sa tsraith monagraf Lúb ar Phár ar fáil anois. Sa saothar seo, ríomhann Conchúr Mag Eacháin scéal na téarmaíochta Gaeilge le linn na hAthbheochana go dtí 1927 nuair a chuir an Roinn Oideachais de Rialtas Shaorstát Éireann coiste téarmaíochta ar bun. Féachtar ar staid na téarmaíochta Gaeilge lena linn sin agus déantar iniúchadh ar an phlé a rinneadh faoi mhaoirseacht shaothrú na téarmaíochta maidir le coistí nó acadaimh téarmaíochta agus eile. Scrúdaítear seifteanna ceapadóireachta na téarmaíochta idir chumadóireacht agus iasacht, agus ról na teanga beo agus theanga na seanlitríochta i nuachóiriú an fhocalstóir Gaeilge. Breathnaítear ról agus stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus ar an tionchar a d’imir sé sin ar thuairimí phobal na Gaeilge i dtaobh na teanga agus na téarmaíochta féin. Tá réimse leathan de na hailt agus de na foinsí bunaidh curtha san áireamh sa saothar – rud a chuireann go mór le tuiscint an lae inniu ar mhórscéal seo na hAthbheochana.

This work gives an account of Irish-language terminology during the Revival until 1927 when the Department of Education of the Irish Free State established the terminology committee.The role and status of Irish as a national language and its influence on the views of the Irish-language community regarding the language and terminology itself are also looked at. A wide range of the original articles and sources are included in the work – which greatly contributes to the modern understanding of the Revival.

Sliocht as caibidil 2:

'"Milis an teanga an Ghaedhealg,/Guth gan chabhair choigcríche (Mac Giolla Eáin 1900: 17)" Is línte filíochta iad seo a leagtar ar Sheathrún Céitinn de ghnáth agus an file clúiteach ag moladh acmhainn na Gaeilge, cé go ndeir Cunningham (2000: 128) nach móide gur chum an Céitinneach na véarsaí seo. Ar ndóigh, tuigtear nach fíor an méid sin i gcás na Gaeilge ná i gcás teanga ar bith eile go dearfa, mar a mhaíonn Jespersen: ‘No language is ever entirely free from borrowed words, because no nation has ever been completely isolated’ (1922: 208); agus Thomason: ‘Language contact is everywhere: there is no evidence that any languages have developed in total isolation from other languages’ (2001: 8). Ag brath ar chúrsaí polaitiúla agus sóisialta agus ar theagmháil le cultúir agus le teangacha eile bhí téarmaí nua ag teacht isteach sa Ghaeilge ar dhóigheanna éagsúla.'



ISBN: 9781907494413
Praghas: €20
Ar fáil ar www.coislife.ie 

Wednesday, August 28, 2013

Léirmheas ar Séadna - Review of Séadna

SÉADNA
Liam Mac Mathúna (eag./ed.), Peadar Ua Laoghaire


ISBN: 978-907494-18-5 (bog/paperback) / ISBN: 978-907494-23-9 (crua/hardback)
Foilsithe/Published: 2011





Tá léirmheas ar an eagrán nua le Liam Mac Mathúna den mhórchlasaic liteartha na Gaeilge ó cheannródaí an phróis nua-aimseartha, an tAthair Peadar Ua Laoghaire ar An Timire. Ainmníodh an leabhar seo ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2011. Is féidir an léirmheas a léamh ach cliceáil anseo.

A review of Liam Mac Mathúna's edition of a classic of Irish literature from the pioneer of modern prose, An tAthair Peadar Ua Laoghaire has been published in An Timire. The book was nominated on the shortlist for Irish language Book of the Year (Gradam Uí Shúilleabháin ) in 2011. The review is in Irish but an English-language translation can be read by clicking here (select 'English' in the top right-hand corner if necessary).

Saturday, November 17, 2012

Alec Hijmans ag Féile Leabhar BhÁC / Alex Hijmans at the Dublin Book Festival


Mar chuid 'dFhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath 2012 reáchtáladh plé ar an ngearrscéal mar sheánra i litríocht na Gaeilge Dé Sathairn 17 Samhain in amharclann Smock Alley, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2.


 Micheál  Conghaile, Michael Cronin, Alan Titley & Alex Hijmans

Bhí an criticeoir liteartha aitheanta - agus údar de chuid Cois Life - Michael Cronin mar chathaoirleach ar an bplé leis na gearrscéalaithe seo a leanas: Michael Ó Conghaile, a bhunaigh Cló Iar-Chonnachta, Alex Hijmans, údar idirnáisiúnta ilteangach, agus Alan Titley, acadúlach agus colúnaí de chuid The Irish Times.

Tá idir úrscéalta agus ghearrscéalta Gaeilge foilsithe ag an triúr acu agus bhí siad ábalta na difríochtaí eatarthu a chíoradh go mion. Luadh go háirithe gur úrscéalta seachas gearrscéalta  a bhíonn ag teastáil ó fhoilsitheoirí Béarla ar fud an domhain ach ní mar sin atá cúrsaí i saol na foilsitheoireachta Gaeilge.

I measc na gceisteanna a d'ardaigh An tOllamh Cronin bhí an traidisiún réalaíoch i ngearrscéalaíocht an Gaeilge. Thuairimigh an tOll. Titley gur frithghluaiseacht a bhí sa traidisiún sin i gcoinne nó i ndiaidh a raibh d'osréalachas sa traidisiún béil agus sa scríbhneoireacht luath i ré na hAthbheochana san fhichiú haois a bhí go mór faoi anáil an traidisiúin sin. Luaigh Micheál Ó Conghaile gur léirigh na gearrscéalta Gaeilge le leathchéad bliain anuas saol na Gaeilge, saol na Gaeltachta agus go ndeachaigh siad i gcion air siúd dá réir.  Luaigh Alex Hijmans gurb iad gearrscéalta Uí Chonaire, Uí Fhlaithearta agus Uí Chadhain na chéid leabhair a léigh sé sa Ghaeilge agus gur thaitin an léargas a bhí iontu ar fhírinne lom an tsaoil go mór leis. 

Ceist ghaolmhar a d'ardaigh Michael Cronin ná 'an amhlaidh go bhfuil claonadh sa ghearrcéal cás an duine imeallaigh a phlé?' D'admhaigh Micheál Ó Conghaile go mbeadh sé sin fíor i gcás roinnt mhaith dá shaothar féin ach go mb'fhéidir gur mar sin a bhí toisc go mbíonn na daoine sin níos spéisiúla - bíonn siad éagsúil agus cuirtear spéis iontu dá réir. D'aontaigh Alan Titley leis an argóint sin (cé go ndúirt sé nach maith leis a bheith ag aontú le rud ar bith - leis féin go háirithe!) agus luaigh sé na carachtair sna gearrscéalta in Gonta, leabhar nua Alex Hijmans, mar shárshampa de seo. Chun clabhsúr a chur ar an ócáid d'iarr Michael Cronin ar an triúr sliocht a léamh as a saothar agus ghabh sé leithscéal leis an slua trí scór duine nó mar sin a bhí i láthair.
 
As part of the Dublin Book Festival 2012 the short story genre in Irish-language literature was discussed on Saturday the 17th of November at an event in Smock Alley Theatre, Temple Bar, Dublin 2.


The well-known critic - and Cois Life author - Michael Cronin chaired the session with the following short story writers: Michael Ó Conghaile, author and founder of publishing house Cló Iar-Chonnachta, Alex Hijmans, international, multilingual author, and Alan Titley, author, academic and Irish Times columnist. 

Professor Cronin, chairing, noted that all three writers had published both novels and short stories in the Irish language. and so were well-placed to discuss the differences between the genres. All agreed that the novel now holds a higher status then the short story in the English-speaking world with publishers much preferring writers to work on novels. This is not at all the case in Irish, with Irish-language publishers welcoming submissions in both genres.


Among the other issues which Michael Cronin asked the panel to address was the tradition of realism in the Irish short story. Professor Titley saw it as a reaction to the supernatural aspects of the oral story-telling tradition which had been a powerful influence of early Revival-period literature of the early 20th century. Micheál Ó Conghaile mentioned that the Irish-language short stories of the last fifty years were a unique depiction of Gaeltacht life and this had huge significance for him as someone raised in the Gaeltacht and had been highly influential on him as a writer. Alex Hijmans reminisced about how the short stories of Pádraic Ó Conaire, Liam Ó Flaithearta (Liam O'Flaherty) and Máirtín Cadhain had been the first works he read in the Irish language when he arrived in Ireland from the Netherlands and that their gritty realism had been very attractive to him.

The chair then asked the panel to share their thoughts about the theory that the short story tended to deal with people in the margins of society.  Micheál Ó Conghaile agreed that this coul certainly be said of many of his short stories but thought that this was the case because such people were simply more interesting than those in the mainstream - their very difference makes them of interest. Alan Titley concurred (adding the caveat that he rarely agreed with anyone else and never at all with himself!) and cited the characters in the short stories in Gonta, Alex Hijmans' new collection, as a perfect illustration of this. To bring the event to a close, Michael Cronin asked all three authors to read an extract from their work and thanked the audience of about sixty people for their attendance and attention.