Comhghairdeas linn! Agus le hÁine Ní Ghlinn go háirithe. Fógraíodh ag searmanas i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i Mobil Feirste anocht gur bhuaigh Daideo le hÁine Ní Ghlinn (foilsithe ag Cois Life) Gradam Réics Carló - go bunúsach Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga. Insíonn Daideo scéal faoi bhuachaill atá ar a theitheadh óna thuismitheoirí - agus seanduine atá ar a theitheadh óna pháistí. Castar ar a chéile iad ar an traein go Baile Átha Cliath. Éisteann siad le scéalta a cheile. Tuigeann siad a chéile. Cén toradh a bheidh ar an gcairdeas nua seo? Léigh Daideo agus beidh a fhios agat! Buíochas mór do Chlár na Leabhar Gaeilge i bhForas na Gaeilge agus d'Oireachtas na Gaeilge a eagraíonn na gradaim. Is údar mór-ráchtairte í Áine Ní Ghlinn, a ndíolann a cuid saothar go maith i gcónaí ach bhí núalaíocht ag roinnt le Daideo chomh maith sa mhéid is gurb é an chéad chlosleabhar gairmiúil Gaeilge a scaipeadh go leictreonach i bhfoirm mp3 saor in aisce. Cois Life i dtus cadhnaíochta arís - tapaímid gach deis foilseacháin ilmheáin a dhéanamh! An t-údar féin a rinne an léamh beo drámatúil agus tá an taifeadadh fós le híoscóipeáil ach brú anseo. Tá an leabhar féin le ceannach i gcóip chrua nó i bhfoirm ríomhleabhair (do do kindle, iPad, nó do rogha eile) ach brú anseo - is fiu go mór an taifeadadh a sheinm agus an leabhar os do chomhair.
Is iad na leabhair eile ar an ngearrliosta don ghradam do leabhair do dhaoine óga ná POP!, scríofa ag Caitríona Nic Sheáin, maisithe ag Andrew Whitson agus foilsithe ag An tSnáthaid Mhór; Róbó-Mhadra, scríofa ag Máire Ní Ghallchobhair, maisithe ag Peter Donnelly agus foilsithe ag Leabhar Breac; Uinseann Donn le Tadhg Mac Dhonnagáin, foilsithe ag Futa Fata; agus leabhar eile fós le hÁine Ní Ghlinn - Nílim ag iarraidh dul ar Scoil - foilsithe ag LeabhairCOMHAR.
Bhí leabhar eile de chuid Cois Life i measc na bhfoilseachán san iomaíocht do na gradaim le haghaidh Leabhair na Bliana 2014, leabhar le banúdar eile - Orna Ní Choileáin (an ceadmhach ‘cailínchumhacht’ a lua nó an mbeifí ag cur easpa comhionannais inár leith?).
Ba é Sciorrann an tAm (Cois Life), bailiúchán gearrscéalta le hOrna Ní Choileáin a bhí san iomaíocht don ghradam do leabhair do dhaoine fásta - Gradam Uí Shúilleabháin. Seo an dara cnuasach gearrscéalta Gaeilge ó údar Canary Wharf. Ba iad na leabhair eile atá ar an ngearrliosta seo ná: Anamlón Bliana (Cló Iar-Chonnacht), sliochtanna as dialann Sheáin Uí Ríordáin, curtha in eagar ag Tadhg Ó Dúshláine; Seal san Aetóip (Cló Iar-Chonnacht), leabhar taistil le Frank Reidy; Aneas(Futa Fata), leabhar faoi bhéaloideas Chorca Dhuibhne le Brenda Ní Shúilleabháin; ; agus Ár Naomhoidhreacht (Foilseacháin Ábhair Spioradálta), cnuasach paidreacha ó Éilis Ní Thiarnaigh.
Congratulations to …. us, actually! Well, very particularly to Áine Ní Ghlinn. At a ceremony in Belfast's arts venue, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich tonight it was announced that Áine’s book Daideo (published by Cois Life) has won Gradam Réics Carló - basically Irish language Book of the Year for Young People. Daideo tells the story of a young boy running away from his parents - and an old man running away from his children. They meet on a Dublin-bound train, they listen to each other’s story, they understand each other. What will become of this new friendship? Read Daideo and find out! Were extremely grateful to Clár na Leabhar Gaeilge in Foras na Gaeilge and to Oireachtas na Gaeilge who organise the awards.
Áine, of course, is a best-selling writer, always in demand. Daideo was an innovative project for Áine and Cois Life, being the first professional audiobook in Irish given away free of charge as an mp3. Cois Life in the vanguard yet again - we always try to make publications available in different platformss and in different media. The author herself recorded the superbly dramatic reading - and the audiobook is still available for download here. Listening to the recording with the book in front of you is a super way to improve your Irish. The actual book can be bought in paperback or as an ebook (for kindle, iPad or your own choice of device) by clicking here.
The other books on the shortlist for this prize were POP! by Caitríona Nic Sheáin, illustrated by Andrew Whitson (published by An tSnáthaid Mhór); Róbó-Mhadra, by Máire Ní Ghallchobhair, illustrated by Peter Donnelly (Leabhar Breac); Uinseann Donn by Tadhg Mac Dhonnagáin (Futa Fata); and finally yet another book by Áine Ní Ghlinn - Nílim ag iarraidh dul ar Scoil (LeabhairCOMHAR).
Another Cois Life book was shortlisted for the other ‘Book of the Year’ prize - and it was by another female author - Orna Ní Choileáin (may one say ‘cailínchumhacht’ or ‘girlpower’ or will we be accused of failing in our duties towards equality?).
Sciorrann an tAm (Cois Life), is a super collection of short stories by Orna Ní Choileáin and figured on the shortlist for the award for best adult book - Gradam Uí Shúilleabháin. This is the second collection from the author of Canary Wharf. The other shortlisted books were: Anamlón Bliana (Cló Iar-Chonnacht), extracts from the diaries of Seán Ó Ríordáin, edited by Tadhg Ó Dúshláine; Seal san Aetóip (Cló Iar-Chonnacht), a travel book by Frank Reidy; Aneas (Futa Fata), about Kerry folklore by Brenda Ní Shúilleabháin; and Ár Naomhoidhreacht (Foilseacháin Ábhair Spioradálta), a collection of prayers by Éilis Ní Thiarnaigh.
Ar dtús, san fhíseán seo léann Orna sliocht as an scéal Cuairteoir óna cnuasach nua gearrscéalta Sciorrann an tAm (Cois Life, 2014).
Anois, sula dtabharfaimid an dara blaiseadg as an gcnuasach, is fiú a lua gur scríobh Heidi Pitlor, eagarthóir na sraithe Best American Short Stories, le déanaí faoi cad is gearrscéal den scoth ann -
‘A good story tells you something interesting about someone. Things happen in a good story. People reveal who they are.’
Ach is rudaí coitainta go leor iadsan, le fírinne.
Is ina dhiaidh sin nuair a d’ áirigh Pitlor cuid de na tréithe is neamhchoitianta gur chuimhníomar ar Orna Ní Choileáin agus ar an gcnuasach nua gearrséalta uaithi, Sciorrann an tAm.
Dúirt Pitlor an méid seo:
‘Here are some things I wish I saw more frequently: humour, genre-bending, humor, risk-taking, a more direct addressing of real world matters, humour.’
An té a léifidh na scéalta in Sciorrann an tAm, aithneoidh sé nó sí na tréíthe seo sna horlaí sa scríbhneoireacht agus chun blaiseadh a thabhairt daoibh ar a bhfuil sa chnuasach iontach seo tugaimid sliocht anseo thíos as ceann de na scéalta. Ní loitfimid an scéal oraibh tríd an iomlán a thabhairt - is gá an leabhar a cheannach chun é sin a fháil amach …
Quick Pick
‘Emmet?’
D’ardaigh Emmet a chloigeann agus d’fhéach go leamh ar an té a bhí ag cur cainte air agus é i mbun urlár an mhionmhargaidh a scuabadh.
‘Emmet! Shíl mé gur tú a bhí ann!’ arsa an bhean óg.
Sheas Emmet suas díreach, réitigh na spéaclaí ar a shrón agus d’fhéach sé go grinn uirthi. Bean sheang dhea-chumtha a bhí os a chomhair amach, cóta lánfhada a raibh bóna fionnaidh air á chaitheamh aici. An raibh aithne aige uirthi? Arbh í seo Saoirse? Nó Fionnuala? Éimear, b’fhéidir? Cárbh as di fiú?
‘Aoife! Ó Mheánscoil Chaoimhín!’ ar sí, agus aoibh an gháire uirthi go fóill. ‘Bhíomar sa rang Fisice le chéile!’
Ní raibh aon chuimhne ag Emmet ar Aoife ar bith a bheith sa rang fisice leis. Ní nach ionadh nuair a bhí a chloigeann sáite i gcónaí i gcúrsaí ríomhaireachta agus anailíse. Bhí cuimhne ag an gcailín dathúil seo air siúd áfach. Chlaon sé ar an scuab agus rinne lagiarracht meangadh beag gáire a chur ar a aghaidh. Níor theastaigh uaidh ligean air féin go raibh dearmad
glan déanta aige uirthi.
‘Aoife, ar ndóigh! Tá cuma dhifriúil ort – dath na gréine ort – agus dath do ... do chuid gruaige níos ... níos gile ná mar a bhí sí, sílim?’
‘Tá! Mar táim díreach tar éis filleadh ó Lake Tahoe! Ag obair go páirtaimseartha mar gharda tarrthála a bhí mé ann. Áit aoibhinn ar fad is ea é – an ghrian ag scoilteadh na gcloch gach uile lá den tseachtain! Ag tabhairt aghaidh ar Thrá Bondi i gceann coicíse eile a bheidh mé. Tá an-sceitimíní orm faoi sin!’
‘Ní fheadar cad chuige ar tháinig tú ar ais chuig an dumpa seo in aon chor mar sin?’ arsa Emmet, pas beag searbhasach. Is amhlaidh a chuir dea-scéalta eachtraíochta dhaoine eile olc air.
Níor thóg Aoife aon cheann den leadrán a bhí air. ‘Oíche na n-iarscoláirí ar siúl an tseachtain seo chugainn gan amhras! An mbeidh tú ann? Samhlaigh – tá deich mbliana curtha dínn againn ó bhíomar ar scoil!’
‘Ní bhfuaireas cuireadh.’
Dhearg Aoife. Bhí a béal ar leathadh agus í ag lorg rud éigin le rá nuair a bhris seanbhean isteach orthu.
‘An mbeadh a fhios ag ceachtar agaibhse cá bhfuil an snasán troscáin? Táthar tar éis gach rud a athrú timpeall arís sa siopa. Ní féidir liom teacht ar rud ar bith.’
Chrom Emmet síos, d’aimsigh canna snasáin agus shín chuici é.
‘Buíochas,’ arsa an tseanbhean agus bhailigh sí léi síos an pasáiste. Dhírigh Emmet ar Aoife an athuair. Bhí sí fós ag bladar léi mar gheall ar oíche na n-iarscoláirí. ‘Beimid ag bualadh le chéile sa chathair le haghaidh
cúpla deoch. Seans nach raibh a fhios ag daoine go raibh tú fós timpeall na háite!’
‘Tháinig siad ortsa agus tú breis is ocht míle ciliméadar ón áit seo.’
Thug Aoife sracfhéachaint fhiosrach ar Emmet ach chuir sí meangadh ar a béal arís ar an bpointe.
‘Ócáid neamhfhoirmeálta atá i gceist,’ ar sí chomh gealgháireach is a bhí riamh. ‘Éist, cuardaigh m’ainm ar Facebook! Tá na sonraí ansin. Dé Céadaoin seo chugainn ...’.
‘Tráthnóna Dé Céadaoin?’ arsa Emmet. ‘Ní bheidh mé saor. Beidh mé ag obair.’
‘D’fhéadfá teacht tar éis na hoibre. Ní thosóidh sé go dtí a seacht nó a hocht. Mar a dúirt mé – rud neamhfhoirmeálta atá ann.’
‘Beidh mé teannta san obair go dtí meán oíche.’
‘Go dtí meán oíche? Ach cá bhfuil tú ag obair?’
‘Anseo.’
‘Ach cá bhfuil ... Ó!’
Chuir Aoife lámh lena béal. Bhí fáinne mór diamaint ar an lámh chéanna. D’amharc sí ar an scuab a bhí ina lámh i gcónaí ag Emmet. Leath a súile nuair a rith sé léi cad a bhí i gceist aige.
‘Anseo ... sa siopa seo! Ó! Thuig mé gur ag ceannach na scuaibe sin a bhí tú! Ó, a Emmet. Bhí tusa ar an duine is fearr sa rang fisice. Shíl mé i gcónaí gur i saotharlann faoi rún daingean a bheifeá ag saothrú ...’
Tháinig guth eile ar snámh chucu tríd an aer agus bhris isteach ar an gcomhrá. Bainisteoir an tsiopa a bhí ann agus í thar a bheith cantalach, mar ba ghnách léi.
‘A Emmet!’
‘Caithfidh mé filleadh ar an obair,’ arsa Emmet go drogallach le hAoife.
‘Ar ndóigh!’ arsa Aoife de ghuth íseal. Thug sí cúl d’Emmet agus lig uirthi go raibh sí ag déanamh mionscrúdú ar an réimse táirgí glantacháin a bhí ar fáil sa siopa.
‘A Emmet,’ arsa an bainisteoir an athuair. ‘Tá súil agam nach ag meilt ama ansin thiar a bhí tú! Bhíos do d’iarraidh. Nár chuala tú an dordánaí ag bualadh? Nó an mbeidh orm glaoire pearsanta a fháil duit?’
‘Ag cur comhairle ar chustaiméir a bhí mé,’ a d’fhreagair Emmet, agus an searbhas le cloisteáil ina ghlór i gcónaí. Bhí fuath aige don bhean seo agus a cumhrán nimhiúil.
‘Tá custaiméirí ag feitheamh ag barr an tsiopa,’ ar sí. ‘Ar mhiste leat dul i bhfeighil an scipéid seachas a bheith ag crochadh thart anseo?’
Gheit croí Emmet. Ní raibh sé ag súil go n-iarrfadh sí é seo air go fóill. Ardú céime ab ea é bheith ag glacadh le hairgead sa siopa, rud a raibh sé ag feitheamh leis ón gcéad lá. Ghread sé leis go barr an tsiopa.
Sheas an bainisteoir taobh thiar de agus Emmet ag déileáil leis an gcéad bhuíon custaiméirí. Ba bheag comhairle a bhí uaidh chun tabhairt faoin gcúram. Bhí cur amach aige cheana féin ar fheidhmiú an scipéid airgid. Bhí sé ag obair leis gan dua.
Shroich Aoife barr na scuaine agus Emmet a bhí ag freastal uirthi. Seampú an t-aon earra a bhí aici ina ciseán.
‘Agus Lató na hoíche anocht,’ ar sí.
‘Déanfaidh mise é sin,’ arsa an bainisteoir.
‘Ní gá,’ arsa Emmet. ‘Tá a fhios agam conas é a dhéanamh. An bhfuil na
huimhreacha ullamh agat, a Aoife?’
‘Déanfaidh an Quick Pick cúis,’ a d’fhreagair sí.
‘Agus an Plus?’
‘Agus an Plus.’
Chas Emmet chun an mheaisín in aice leis. Gléas bunúsach a bhí ann. An ceann céanna a bhí sa siopa le deich mbliana anuas ar a laghad. Scáileán tadhaill a bhí air. Ní raibh le déanamh aige ach an cineál Lató a bhí ag teastáil a roghnú – gnáth-Lató oíche Shathairn a bhí i gceist ag Aoife – an cnaipe Quick Pick a bhrú agus ar an gcéad taispeáint eile an Plus a bhrú.
‘Ceithre euro don Lató agus trí caoga don seampú. Sin seacht caoga ar fad,’ arsa Emmet. Thug sé an ticéad d’Aoife agus shín sí chuige nóta airgid.
Chaith sé an t-airgead isteach i dtrach an mheaisín agus thóg an tsóinseáil amach. Leis an tsóinseáil, chuir sé an íocaíocht don seampú isteach i scipéad airgid an tsiopa. Bearta airgid éagsúla ab ea an dá rud – íocaíocht an Lató agus airgead an tsiopa.
‘D’fhéadfása fós bualadh linn níos moille oíche Dé Céadaoin,’ arsa Aoife de chogar, agus í ag glacadh leis an tsóinseáil uaidh. Chuir sí an seampú isteach ina mála. ‘Bím sáite i gcónaí sa ríomhaire agus beidh mé ag faire amach duit. Cuirfidh mé tú ar an eolas ar an toirt ach mé a chuardach ar Facebook – nó Twitter!’
‘Déanfaidh mé é sin!’ arsa Emmet agus d’fhág slán aici.
D’fhair sé ina diaidh, agus í ag bailiú léi. Ní fheadar an mó ‘Aoife’ a bhí ar na suíomhanna a luaigh sí mar ní raibh tuairim faoin spéir ag Emmet cén sloinne a bhí uirthi.
Díreach ag an nóiméad sin, tháinig mearchuimhne chuige go raibh Aoife i rang éigin ar scoil leis. Ina suí taobh thiar de. Ba chuimhin leis gur léirigh an Aoife seo an-suim ann. B’in toisc go raibh sé de dhrochnós aici a chuid
oibre a chóipeáil!
Ach cailín trom goiríneach ab ea í siúd, a bhíodh de shíor ag cur as dó. Shíl Emmet nach bhfeicfeadh sé go deo arís í agus bhí súil aige nach bhfeicfeadh. Scéal eile ar fad a bhí san Aoife seo. Ógbhean ard chaol ab ea í agus cuma an rachmais uirthi. Ní fhéadfadh gurbh í seo an duine céanna.
Ba chuma faoi sin anois. Mar ba chuma sa sioc le hEmmet faoin gcruinniú sa teach tábhairne agus faoin dream a d’fhág sé ina dhiaidh sa mheánscoil. Ní fhaca sé duine ar bith díobh ón lá a chríochnaigh sé an páipéar scrúdaithe deireanach – fisic, mar a tharla. Ní raibh sé ar intinn aige iarracht a dhéanamh Aoife ná duine ar bith eile ón rang a chuardach ar Facebook ná Twitter ná in aon áit eile. Bhí cúraimí níos práinní air ná a bheith ag meilt ama agus ag cur airgid amú leis an scata amadán a bhí sa ghrúpa sin.
Dhírigh sé ar an gcéad chustaiméir eile. Quick Pick eile á cheannach aici.
***
Cúpla mí roimhe sin, sular thosaigh sé ag obair sa siopa, thosaigh Emmet ag póirseáil th art ar shuíomh an Lató. B’iomaí tréimhse ama a chaitheadh sé ag scimeáil ar an Idirlíon agus nuair a bhíodh fonn air, dhéanadh sé bradaíl ar roinnt suíomhanna chun sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu.
Ba é an rud ba thábhachtaí a bhain sé as an anailís a rinne sé ar shuíomh an Lató ná nach gceannódh sé ticéad Lató go deo arís. Thuig sé gurbh fhíorannamh a bhíodh an mheáníocaíocht a tairgeadh oíche ar bith níos mó ná costas na dticéad féin. B’ionann sin agus go raibh an dóchúlacht (codán bídeach) go roghnódh sé na huimhreacha cuí méadaithe faoin íocaíocht a bheadh le fáil, níos lú ná cúpla euro. An cúpla euro a chaithfí ar an ticéad.
Níos measa fós a bheadh an toradh, sa chás go mbuafadh sé, dá mbeadh na huimhreacha céanna roghnaithe ag imreoirí eile. Bheadh air an duais a roinnt leo siúd.
Fíorbheagán daoine a thuig an cluiche Lató i gceart. Chreid roinnt díobh nach bhféadfadh na huimhreacha céanna a bheith mar thoradh air dhá uair as a chéile. Ach níorbh fhíor sin. Nó shíl daoine nach bhféadfadh sraith uimhreacha ar nós 1, 2, 3, 4, 5, 6 ... tarlú riamh. Ach d’fhéadfadh an toradh sin a bheith air chomh maith.
Go teoiriciúil.
Ar ndóigh, bhí gach seans ann gur liathróidí calaoiseacha a bhí sa bhosca ag ceanncheathrú an Lató. D’fhéadfadh ceann amháin a bheith níos troime ná ceann eile – de thimpiste nó d’aon ghnó. Ní bheadh aon deis aige féin anailís a dhéanamh ar a leithéid toisc nach raibh sé in ann mionscrúdú a dhéanamh ar na liathróidí. Agus toisc go n-athraítí na liathróidí ó am go ham.
Mhaolaigh an seans ag duine ar bith airgead a ghnóthú ón Lató le hathrú an phróisis iontrála agus buachana. Bhí an próiseas tar éis éirí níos casta le himeacht ama de bharr méadú ar líon na n-uimhreacha, an Plus, na réaltaí agus eile.
Nuair a rinne Emmet an bhradaíl, thuig sé go bhféadfadh sé a fháil amach cá raibh imreoir a bhí ag ceannach ticéid nó ag seiceáil uimhreacha Lató ar an Idirlíon. Thug sé faoi deara an líon daoine a chuaigh i muinín an Quick Pick. Ceal ama agus leisce faoi deara an claonadh sin, dar leis.
Bhí gach buaiteoir in ann an t-airgead a bhuaigh sé nó sí, faoi bhun suim áirithe, a bhailiú ó shiopa ar bith ina raibh an Lató ar díol. Ach chun airgead buaite, a bhí os cionn suim áirithe a éileamh, níor mhór don bhuaiteoir dul isteach chuig an gceanncheathrú chun é a bhailiú.
Bhí Emmet den tuairim go mba bhreá leis dul ag obair i geanncheathrú an Lató chun tuilleadh eolais a fháil agus leas a bhaint as an eolas sin. Ach bheadh sé níos éasca post a fháil in Spar nó Centra ina raibh an Lató ar díol. Bhí féidearthachtaí aige ansin fós. B’in é an fáth ar chuir sé isteach ar phost ag glanadh urlár mionmhargaidh i lár na cathrach. B’éigean dó an t-iarratas aige a shimpliú ar ndóigh, agus fuair sé an post.
Bhí clár speisialta scríofa ag Emmet. Dúshlán ab ea é an clár a scríobh agus thóg sé tamall air, ach d’éirigh leis. Córas oibriúcháin comhoiriúnach – Linux – a bhí aige ar ríomhaire dá chuid sa bhaile. D’uaslódáil sé an clár ar a fhón póca. B’in a raibh uaidh.
***
Is féidir an chuid eile den scéal agus na gearrscéalta eile sa chnuasch Sciorrann an tAm a léamh ach é a cheannach i gcóip chrua nó ríomhleabhair ó www.coislife.ie
Seoladh teidil an Earraigh ó COIS LIFE in The
Library Project, 4 Barra an Teampaill, ag 6.30pm, Dé hAoine, 4 Aibreán, 2014.
Ag filleadh ar"ár gcló ceart"
(mar a déarfadh an Ríordánach) a bhíomar mar bunaíodh COIS LIFE trasna na habhann ón
láthair seo i lár na 1990í agus sin an chúis a dtagraíonn teideal an chomhlachta
don Life (agus féach na leabhair ar snámh inti inár lógó!). Ba é Cathal Póirtéir an Fear a’ Tí don tráthnóna agus bhain gach
duine taitneamh as an bhfíon agus as an gceol, agus as na píosaí beaga
cainte a rinneadh faoi na ceithre leabhar seo ar leith:
Scéal Scéil: rúndiamhra na meán curtha in
eagar ag Breandán Delap
Sciorrann an tAm le hOrna Ní Choileáin
Daideo le hÁine Ní Ghlinn
An Colm Bán le Liam Ó Muirthile
Rónán Ó Domhnaill ag caint le Cathal Mac Coille
Ar dtús rinnean Coimisinéir Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill, píosa cainte faoi
thábhacht na hiriseoireachta agus sheol sé saothar nua Bhreandáin Delap Scéal Scéil. Ábhar ó
scoth na n-iriseoirí Gaeilge agus cleachtóirí sna meáin a bhí tarraingte le
chéile ag Breandán Delap, a dúirt sé: Deaglán de Bréadún; Paul Drury; Cilian
Fennell; Cathal Mac Coille; Rónan Mac Con Imaire; Harry McGee; Antain Mac
Lochlainn; Póilín Ní Chiaráin; Máirín Ní Ghadhra; Gormfhlith Ní Thuairisg;
Pádhraic Ó Ciardha; Seán Ó Cuirreáin; Seán Tadhg Ó Gairbhí; Máirtín Ó
Muilleori; agus Pól Ó Muirí.
Ina dhiaidh sin chuir na húdair eile síos
ar a gcuid leabhar ar leith. Léigh Orna Ní Choileáin sliocht as ceann de na gearrscéalta
óna cnuasach nua, Sciorrann an tAm - an chéad chnuasach ó foilsíodh Canary Wharfin 2009 - leabhar
a bhuaigh roinnt duaiseanna liteartha, gan trácht ar lucht leanúna a ghnóthú
láithreach bonn don scríbhneoir óg seo lena sainstíl féin.
Orna Ní Choileáin ag léamh as Sciorrann an tAm
Ag blaiseadh na litríochta!
Cé go bhfuil cáil ar Orna as gcuid leabhar do
pháistí, féach go bhfuair a híníon is óige an-bhlas arna scéalta in Sciorrann an tAm chomh
maith!
Nuair a chuir Áine Ní Ghlinn síos ar conas a
spreagadh í le Daideo a scríobh, thug sí
léargas drámatúil beo dá raibh i láthair ar cad is ionspioráid ann - fiosracht an duine daonna sna
féidearthachtaí a leanann an cheist "cad a tharlódh dá ....". Spreag
sí fiosracht an tslua, pé scéal é agus chuaigh neart daoine trasna chuig an 'siopa' le cóip den
leabhar a cheannach dóibh féin. Ná bac 'litríocht leanaí' - mar a
dúirt Cathal Póirtéir, tá an scéal scríofa chomh maith sin go mbainfeadh aon
duine ardtaitneamh as.
Áine Ní Ghlinn, údar Daideo - tour de force!
Labhair Liam Ó Muirthile faoin bpríomhcharachtar in
An Colm Bán: Nora Buckley, searbhónta as Iarthar Chorcaí, a théann ag rince ar
stáitse na bhFolies Bergère i bPáras san blianta tar éis an Chéad Chogaidh Mhóir.. Scéal Nora agus scéal údair ar thóir scéal Nóra i bPáras na haimsire seo is bun leis an leabhar. Mheasamar go raibh cuairt tugtha ag na Folies Bergère céanna ar an ócáid fad a bhí Liam ag caint ach b'amhlaidh go raibh cóisir 'oíche na gcearc' tar éis teacht isteach le teann fiosrachta, nuair a chonaic siad na leabhair ar taispeáint ar na seilfeanna ar na fallaí arda. Ach sin is brí le bheith i 'lár an aonaigh' is dócha!
Liam Carson, Stiúrthóir IMRAM, ag caint le Liam Ó Muirthile, údar ar An Colm Bán
Tá na leabhair ar fad ar díol i siopaí leabhar agus
ó www.coislife.ie áit a bhfuil siad ar fáil i bhoirm páipéir agus i modh
ríomhleabhar.
We here in COIS LIFE sent our 'Spring Collection'
of books down the runway in The Library Project, 4 Temple Bar on Friday the 4th
of April 2014. In some ways it was a going back to our roots as the company was
founded close to the cultural quarter and of course our name and logo refer to
the Liffey (and books floating in it! - take another look at it!).
Ceol den scoth mar anlann leis an litríocht
The
inimitable Cathal Póirtéir was Master of Ceremonies and blended chat,
music, readings, wine, reminiscences - and one passing, but curious hen party!
- to make 'The Library Project' into a genuine literary salon where the works
under consideration ranged from meta-journalism, through short stories and
fiction to children's literature:
Scéal Scéil: rúndiamhra na meán edited by
Breandán Delap
Sciorrann an tAm (short stories) by Orna
Ní Choileáin
Daideo (children's literature) by hÁine
Ní Ghlinn
An Colm Bán (fiction) by Liam Ó Muirthile
The evening proper began with the new Language
Commissioner, Rónán Ó Domhnaill, discussed the importance of journalism to
society by way of launching Scéal Scéil. Breandán Delap had persuaded
some of Ireland's finest journalists and media practitioners to contribute to the
book, he pointed out: Deaglán de Bréadún; Paul Drury; Cilian Fennell; Cathal Mac Coille; Rónan
Mac Con Imaire; Harry McGee; Antain Mac Lochlainn; Póilín Ní Chiaráin; Máirín
Ní Ghadhra; Gormfhlith Ní Thuairisg; Pádhraic Ó Ciardha; Seán Ó Cuirreáin; Seán
Tadhg Ó Gairbhí; Máirtín Ó Muilleori; and Pól Ó Muirí.
Cathal Póirtéir ag caint le Breandán Delap, údar Scéal Scéil
After that, the other authors spoke about their
books, beginning with Orna Ní Choileáin who read an extract from one of the new
short stories in her latest collection Sciorrann an tAm - her first since Canary Wharf was
published in 2009 - a book which won several literary awards for Ní Choileáín -
to say nothing of a cult following for this young writer with her highly
individual style.
When Áine Ní Ghlinn described how she came to write
her novella for children Daideo, she illustrated perfectly what inspiration
itself is - nothing other than human
curiosity about the threads of possibilites which spool out of the question
"what would happen if ....". Quite a few people were curious enough
to head straight to the bookshop to buy a copy of the the book after Ní Ghlinn
spoke. As Cathal Póirtéir remarked, anyone - child or adult - who enjoys
good writing will want to read this book.
Ashling Harteveld in charge of the bookshop on the night
Following Áine Ní Ghlinn came another tour de
force performance, this time from Liam Ó Muirthile who spoke about the main
character of his novel An Colm Bán, Nora Buckley, a servant from West Cork, who
becomes a dancer on the stage of the FoliesBergère in Paris in the years after
the First World War, and alongside it, an author searching for her story in
present day Paris.
All the books are available in good bookshops and
from www.coislife.ie where they are available in paper and ebook formats.