Wednesday, December 17, 2014

Foilsithe! Agus anois?

Aoi-bhlag Alex Hijmans




Getting your name in print means getting to grips with a writing life, Alex Hijmans writes in the last episode of his guest blog on creative writing.

Tá saothar leat i gcló. Comhghairdeachas! Fiú muna bhfuil ann ach dán nó gearrscéal amháin, tá an chéad chéim curtha agat – i súile an tsaoil mhóir – ar an gcosán creagach úd ar a dtugtar ‘saol an scríbhneora’.
‘I súile an tsaoil mhóir’ a deirim, toisc gur i bhfad siar, sular chuir tú peann ar pháipéar fiú amháin, a chuir tú an chéad chéim ar chosán na scríbhneoireachta i ndáirire: an nóiméad sin, fadó, gur thosaigh scéal ag coipeadh i d’aigne.
Ach, taitníodh sé linn nó ná taitníodh, mairimid i saol atá dírithe ar tháirgiúlacht. Gan d’ainm a bheith i gcló, dúch dubh ar pháipéar bán, in iris liteartha más gá ach ar chlúdach leabhair más féidir, is beag duine ach do mháthair a ghlacfaidh leat mar scríbhneoir.
Cé gurb é an chéad chló an chonstaic is casta ar chosán na scríbhneoireachta, ní ionann sin is a rá gur bóthar réidh an chuid eile den bhealach. I súile an tsaoil mhór, tá an cead tuillte agat scríbhneoir a thabhairt ort féin. Ach an fíorscríbhneoir thú? Beifear ag fíafraí díot cá mhéad cóip de do leabhair atá díolta. Más scríbhneoir Gaeilge thú, cuirfear ceist ort cén uair a mbeidh do shaothar i gcló i mBéarla. Cuirfidh do chuid freagraí díomá orthu siúd a chuir ceist.
Idir an dá linn, beidh ort aghaidh a thabhairt ar léirmheasanna. Céasadh a bheidh sa cháineadh is lú agus is múinte, fiú amháin. Is é sin le rá, má thugann leathanaigh na leabhar aird ar do shaothar ar chor ar bith. Tá a cuid dúshlán agus fadhbanna féin ag baint leis an léirmheastóireacht ar leabhair i nGaeilge; is í an mhoill mhór a bhíonn ar léirmheas an fhadhb is mó acu.
Is fearr i bhfad dul amach i measc an phobail tú féin chun poiblíocht a chothú do do shaothar. Tar éis dom dul ar cheithre chamchuairt timpeall na hÉireann do cheithre leabhar éagsúla, dar liom nach bhfuil rud ar bith chomh luachmhar don scríbhneoir agus teagmháil phearsanta a bheith aige lena chuid léitheoirí. Fiú muna mbíonn romhat, oíche Luain fhliuch i mBéal Feirste, ach deichniúr – sin deichniúr a tharraing an trioblóid orthu féin dul amach oíche Luain fhliuch i mBéal Feirste chun éisteacht le do scéalsa.
Oícheanta eile (agus ar eagla na míthuisceana, tharla a leithéid seo dom i mBéal Feirste freisin) beidh an teach lán agus beidh scuaine fhada léitheoirí ag iarraidh ort do shíniú a chur i do leabhar, atá díreach ceannaithe acu. Cúiteamh é an gliondar a bhíonn ar a n-aghaidh – agus an gliondar a chuireann sé sin ar m’aghaidhse – ar an trioblóid ar fad a bhaineann le leabhar a scríobh.
Iarrfar ort agallaimh a thabhairt. Iarrfar ort cuairt a thabhairt ar scoileanna agus ollscoileanna. Glac le gach cuireadh mar dheis chun do scéal a insint, cóip nó dhó de do leabhar a dhíol agus, cá bhfios, duine eile a spreagadh i mbun pinn.
Aisteach go leor, ciallaíonn an tréimhse réasúnta fhada a théann thart idir an dréacht deireanach a bheith curtha ar fáil don fhoilsitheoir agus saothar a bheith ar sheilfeanna na siopa leabhar (brathann fad na tréimhse seo ní amháin ar an bpróiseas eagarthóireachta agus ar an bpróiseas deartha ach ar rúndiamhra mhargadh na leabhar freisin) go mbíonn an scríbhneoir gafa go hiomlán leis an gcéad togra eile nuair a bhíonn air dul i mbun poiblíochta do shaothar atá díreach foilsithe. Is cuimhin liom, mar shampla, go raibh sé deacair orm agallamh i ndiaidh agallaimh a thabhairt faoi m’úrscéal Aiséirí nuair a bhí mé m’aigne agus mo chroí gafa go hiomlán leis an gcéad shaothair eile, an cnuasach gearrscéalta Gonta.
Ach an oiread le gach rud eile sa saol, tá trá agus taoille dá chuid féin ag baint leis an scríbhneoireacht cruthaitheach. Agus an scríbhneoir ag siúl leis ar an gcosán casta a shníonn ón leathanach bán go dtí an leathanach lán, aithneoidh sé taoillí an mhargaidh agus taoillí a rithim oibre féin.
Tá rud amháin tábhachtach, áfach. Tabhair bronntanas duit féin nuair a bhaineann tú an leathanach lán amach: ceannaigh leabhar nótaí nua. Tá neart leathanach bán le líonadh agat fós.





Eagráin eile den aoibhlag anseo


Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012) 


An t-úrscéal Aiséirí (2011) 



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)

1 comment:

  1. Alt deas dea-scríoga faoin "gcosán casta a shníonn ón leathanach bán go dtí an leathanach lán". Tá súil agam go mbeidh sé ina cabhair mhór do scríobhneoirí nua.

    ReplyDelete