Sunday, September 7, 2014

Rogha Alt - Liam Ó Muirthile (Cois Life, 2014)

Rogha Alt (English version below)
Is cuma más ealaín nó ceird í an aiste liteartha tá sé léirithe ag Liam Ó Muirthile go bhfuil sé ina mháistir orthu. Is clasaicí anois iad cuid de na haistí fuinte seo ar foilsíodh leaganacha díobh den chéad uair sa cholún ‘An Peann Coitianta’ a scríobh Liam Ó Muirthile san Irish Times idir 1989 agus 2003. 

Aisteach go leor, cé gur scríobhadh na haistí roinnt bliant ó shin, tá siad go mór i dtiúin le dea-idéil an chleachtais sna meán reatha sa mhéid is go bhfuil siad idir ghonta agus mhachnamhach araon; ba dhóigh le duine gur cumadh na míreanna seo le bheith díreach in oiriúint do bhlag léannta, liteartha nó don dialann ar-líne.

Is é seo an dara heagrán de rogha na gcolún sin agus iad athchóirithe ag an údar, ach roghnaithe ag Regina Uí Chollatáin agus ag Aisling Ní Dhonnchadha i bhfianaise a dtaithí teagaisc tríú leibhéal.

Mar bhlaiseadh beag bídeach dá bhfuil i ndán don té a cheannóidh an cnuasach seo tugaimid aiste amháin thíos (faoi bhun an Bhéarla), ceann cáiliúil dar teideal 'Á, poor iad'.

Rogha Alt le Liam Ó Muirthile (Cois Life, 2014) - ceannaigh anseo.

Rogha Alt
Whether one regards the literary essay as art or craft, Liam Ó Muirthile has shown himself to be a master of this particular form. These essays were first published between 1989 and 2003 in Ó Muirthile’s column for The Irish Times, ‘An Peann Coitianta’, and are regarded as classics. 

Although written a number of years ago, these essays could be said to exemplify an idealised form of contemporary media practice in that they are both concise and thoughtful; one could be forgiven for thinking they were written for a particularly erudite literary blog or online diary. 

This is the second edition of a selection from this column, revised by the author but selected by Regina Uí Chollatáin and Aisling Ní Dhonnchadha based on their third level teaching experience.

One of the essays from the collection is reproduced in full below - there is no English-language version, but the piece plays on the creole-like communication of children brought up as Irish speakers in a predominantly English-speaking world.

Rogha Alt by Liam Ó Muirthile (Cois Life, 2014) may be purchased here.
_________
Á, poor iad

‘Haidhe, a bhuachaillí, cad atá ar siúl agaibh in ainm Dé. Éiríg as nó leagfaidh sibh an tigh.’
‘Tá muid ag spraoi,’ a liúigh duine acu ón seomra ina rabhadar.
‘Tá’s agam go bhfuil sibh ag spraoi ach canathaobh an troid?’ arsa mise ón gcistin.
‘Thosaigh sé shouting at mé,’ arsa an garsún is óige.
‘Agus cad a thug air bheith ag liúirigh ort?’
‘Cad’, a liúigh sé ón seomra.
‘Cén fáth ar liúigh sé ort?’, a d’fhiafraíos.

Tháinig an bheirt acu amach as an seomra, allas ag sileadh leo, na pluca beirithe. Leanadar orthu ag sá, ag brú, ag tabhairt soncanna dá chéile, agus ag tarraingt ciceanna ar a chéile.
‘Caithfidh sibh éirí as a deirim. Cad atá ar siúl agaibh?’
‘Tá muid ag déanamh sumo wrestling.’
‘Agus an mbíonn sibh shouting lena chéile i sumo?’
‘Bíonn muid.’
‘Cén difear atá idir gnáthiomrascáil agus sumo?’
‘Bíonn siad ag rolling timpeall, agus i sumo caitheann tú brú an duine amach as an sacred ring.’
‘Á, tuigim. Cró-Magnon. Is maith libh an sumo.’
‘Is maith. Tá sé a lán difriúil le cad a cheapann daoine atá sé mar.’
‘An mar sin é?’
‘Mar.’
‘Bhrúigh sé mé amach,’ arsa an garsún is óige agus taghd ag teacht arís air, ‘ach bhrúigh mé é amach.’
‘Níor,’ arsa an garsún is sine.
‘Bhrúúúú ... agus dúirt tú níor bhrúigh ach bhrúigh.’
‘Álraidht, éiríg as agus bíodh deoch agaibh. Is gearr go bpléascfaidh duine agaibh. Suígí ag an mbord.’

‘Needann mé deoch badly,’ arsa an garsún is óige.
‘Agus mé,’ arsa a dheartháir, ‘needann mé é an-, an-, an-.’
‘Féach an bhfuil sú oráiste sa fridge.’
‘Níl aon ann.’
‘Cad é aon, nó aon cad?’
‘Orange juice.’
‘Uisce mar sin.’

‘Ná fág na geansaithe sin ar an urlár.’
‘Cén fáth nach?’
‘In ainm Dé! In ainm dílis Dé! Nílimse chun sibh a leanúint timpeall an tí ag ardú balcaisí ón urlár.’
‘Take mé mo jumper off mar bhí mo T-shirt stretched after sumo.’
‘Cad é? Abair é sin arís ...’.
‘Take mé ... ná write é sin síos a Dhaid, bíonn tú i gcónaí ag writing síos rudaí.’
‘Álraidht, álraidht ... tá an Nollaig buailte linn a leaideanna. Níl Santa ag teacht ach chun duine amháin agaibh i mbliana. Cad atá uaibh ar aon nós?’
‘Playstation,’ arsa an garsún a raibh Santa ag teacht chuige.
‘Tá’s agaibh ná ligfidh Mam do Santa Playstation a hAon nó a Dó nó aon uimhir eile a thabhairt isteach sa tigh.’


‘Ach níl Santa ag teacht go dtí mééé,’ arsa an garsún is sine.
‘Bhfuil tusa ag iarraidh Playstation?’
‘Níl.’
‘Cad é, mar sin?’
‘Níl mé ag iarraidh faigh an rud i gcónaí faigheann mé.’
‘Is gearr uainn do dhéaga chím.’
‘Cad?’
‘Faic ... Féach anseo ag an ríomhaire, teastaíonn uaim an suíomh Idirlín seo a thaispeáint daoibh ... www.hungersite.com. Tar i leith anseo agus chífidh sibh. Gach 3.6 soicind faigheann duine éigin bás le hocras ar domhan, agus leanaí an chuid is mó díobh. Féach an spota dubh ar an scáileán. Sin duine ag fáil bháis.’
Chaoch tír. Chuaigh anam as. Chaoch Honduras. Mhúch.

D’fhanadar ina dtost ag féachaint ar an scáileán.
‘Agus féach, má bhrúnn mé an cnaipe seo ‘donate food’ gheobhaidh duine éigin soláthar bia. Fós, tá rud éigin mícheart ...’
‘Sin go léir an airgead go bhfuil agam, 3 euro 60 cent.’
‘Sin go léir an airgead go bhfuil agam, 2 euro 24 cent.’
‘Á, leaids, nílim ag iarraidh an Nollaig a mhilleadh oraibh. Sinne daoine móra a chuireann leanaí as a meabhair aimsir na Nollag leis na siogairlíní. Níl ann ach go gcaithfimid cuimhneamh ar na daoine bochta, teacht i gcabhair ar dhuine éigin, agus fós féile a bheith againn.’

Lean na paistí dubha ag caochadh ar an scáileán, mar a bheadh blabanna dúigh ar pháipéar súite.
‘Á, poor iad,’ arsa an garsún is sine.
‘Á, poor iad.’
(cóipcheart ag Liam Ó Muirthile)

No comments:

Post a Comment