Aoi-bhlag Alex Hijmans
 Any piece of writing – be it fiction or non-fiction – should spend 
some time in the compost heap, Alex Hijmans writes in the fifth episode 
of his monthly guest blog on creative writing.
Any piece of writing – be it fiction or non-fiction – should spend 
some time in the compost heap, Alex Hijmans writes in the fifth episode 
of his monthly guest blog on creative writing.
Tá
 an chéad dréacht críochnaithe: tá dán, gearrscéal, úrscéal nó dráma 
tugtha ó thalamh bán teibí na samhlaíochta go domhan coincréiteach an 
dúigh agus an pháipéir agat. Comhghairdeas! Anois, céard é an chéad 
chéim eile? Eagarthóireacht? Na drochphíosaí ar fad a ghearradh amach 
agus snas a chur ar an iomlán?
As ucht Dé ort, ná déan sin. Cuir uait do scian agus do cheirt sciúrtha agus cuir do chéad dréacht ar an gcarn múirín.
An
 carn múirín? Dóibh siúd nár rugadh faoin tuath nó nach bhfuil gáirdín 
acu: sin é an moll úd ag bun an gharraí ar a gcaitear duilleoga crann, 
craicne prátaí agus dramhaíl orgánach eile. Le himeacht ama agus le 
himeacht na séasúr, iompaíonn an fuíoll seo ina mhúirín – leasú talún 
den scoth.
Nuair
 a chuireann scríbhneoir deireadh leis an gcéad dréacht de shaothar ar 
bith, bíonn sé i ngrá lena bhfuil díreach scríofa aige: breathnaíonn sé 
ar an toradh is déanaí óna pheann mar a bhreathnaíonn tuismitheoir óg ar
 pháiste atá díreach tagtha ar an saol. Ní fheiceann sé aon locht. Nó má
 fheiceann, bíonn ceangal chomh láidir sin aige lena dhréacht úr nach 
mbíonn sé de mhisneach aige athruithe a bhfuil gá leo – athruithe 
ollmhóra, seans – a dhéanamh.
Ar
 an gcúis sin, is fearr am a thabhairt do phíosa scríbhneoireachta tar 
éis na breithe. É a chur i leataobh, ar an gcarn múirín. Ligint do 
chúpla lá, cúpla seachtain, cúpla séasúr dul thart. Sa tréimhse sin, 
taitníodh sé leat nó ná taitníodh, tiocfaidh athrú ar do shaol féin. 
Titfidh tú i ngrá nó scarfaidh tú ó leannán, bogfaidh tú thar lear 
nó bogfaidh tú abhaile. Fiú muna n-athraíonn ach an aimsir, beidh cuma 
nua ar phíosa scríbhneoireachta ar bith tar éis tamaill ar an gcarn 
múirín – toisc go mbreathnóidh tú féin air le súile nua. Agus tiocfaidh 
tú ar thuiscintí nua dá bharr.
Cén
 t-achar ar cheart an chéad dréacht a chur i leataobh? Brathann sé sin 
ar fhad an phíosa scríbhneoireachta. Mothaím gur leor mí ar an gcarn 
múirín do ghearrscéal, ach thabharfainn leathbhliain ar a laghad 
d’úrscéal. Faoi láthair, táim i mbun eagarthóireachta ar shaothar 
beatháisnéise. Tá breis agus bliain ann ó scríobh mé an chéad chúpla 
caibidil, agus dá bharr sin, bhí mé in ann breathnú orthu sin go 
fuarchúiseach agus sceanairt a dhéanamh orthu sna háiteanna ar ghá. Ach 
anois, agus mé ag druidim le deireadh an dréachta, táim ag obair ar 
chaibidil nár chríochnaigh mé ach mí ó shin – agus mothaím go bhfuil 
próiseas na heagarthóireachta níos deacra dá bharr. Níl dóthain ama 
caite ag an gcaibidil seo ar an gcarn múirín; tá sí ró-ghar do mo chroí 
fós le go bhfeicfinn na lochtanna atá uirthi i gceart.
Do
 mo chuid scríbhneoireachta ficsin amháin a bhaininn úsáid as coincheap 
an charn mhúirín i dtosach ama. Ach chonacthas dom go bhfuil tábhacht 
chomh mór sin leis an sos seo don chéad dréacht go gcuirim píosa 
scríbhneoireachta ar bith i leataobh anois, sula ndéanaim 
eagarthóireacht air – ailt iriseoireachta san áireamh. Cuirim gné-ailt i
 leataobh ar feadh lae ar a laghad; chaith an aiste atá á léamh agat 
faoi láthair seachtain ar an gcarn múirín.
Ó
 am go chéile, tharlódh sé nach mbíonn an t-am agat chun an sos a 
theastaíonn ó phíosa scríbhneoireachta áirithe a thabhairt dó. Brú 
oibre, spriocdháta nach féidir a chur siar. I gcásanna mar seo, mothaím 
gur siúlóid fhada amuigh faoin spéir – nó snámh, má bhíonn an aimsir go 
maith – an gar is mó gur féidir a dhéanamh do do shaothar, agus duit 
féin.
Tar
 éis don chéad dréacht tréimhse a chaitheamh ar an gcarn múirín, tagann 
an t-am gur gá tús a chur leis an eagarthóireacht dháiríre. Ar an 
drochuair, áfach, is minic a chuireann an saol pleananna an scríbhneora ó
 mhaith – breis faoi sin an mhí seo chugainn.
Eagráin eile den aoibhlag anseo.   
 
Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:
|  | 
| Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012) | 
|  | 
| Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)
 | 
 
 
No comments:
Post a Comment