Showing posts with label Sceon na Mara. Show all posts
Showing posts with label Sceon na Mara. Show all posts

Friday, February 14, 2014

An Colm Bán

Úrscéal nua le Liam Ó Muirthile (Duais Oireachtais 2013)





Saothar neamghghnách é seo a nascann gnéithe de scéal na hÉireann le mórscéal Mhór-Roinn na hEorpa. Scéal Nora Buckley, searbhónta as Iarthar Chorcaí, a théann ag rince ar stáitse na Folies Bergère i bPáras san blianta tar éis an Chéad Chogaidh Mhóir, agus ina theannta sin, údar ar thóir scéal Nóra i bPáras na haimsire seo. 

Mar fhile, iriseoir, drámadóir agus úrscéalaí, tá Liam Ó Muirthile tar éis forbairt ar bhonn leanúnach ó tháinig sé faoi bhráid an phobail mar fhile de lucht Innti in 1969 sa tslí is go n-aithneodh aon duine a stíl anois is cuma cén seánra a chleachtann sé. Bhí an-ráchairt ar a úrscéalta eile, Ar Bhruach na Laoi (1995) agus Sceon na Mara (2010), tráth a bhfoilsithe. Seo a leanas sliocht as an gcéad chaibidil:
'Sna huaimheanna faoi thalamh in ambasáid Phoblacht na Seice i rue Bonaparte a bhí The Paris-Prague Jazz Club. Slua ardmheanmach istigh, an áit ag borradh le ceol, ól, bia agus dóchas úr na hóige ó thíortha an Oirthir a raibh soláthar dóibh siúd leis, den chéad uair leis na glúnta, i gcliabhán na hEorpa.

Tart agus dóchas in éineacht ab ea é, an tart gan a bheith ina chraos go fóill, agus an dóchas gan a bheith róshaonta. An taoide fuinnimh a bhí ag trá i mball amháin ann, bhí sé ag bualadh leis an taoide ag líonadh i mball eile, mar a bheadh nóta ar an dé deiridh ar an bpianó, nach mór, a d’aimseodh athanáil ón olldord.

Bhí a raibh ann i láthair an cheoil nua agus dá fheabhas an jazz saorchruthach ag cruthú nuachruthanna go dí-armónach, fós bhí macalla seanfhuaimeanna le clos tríothu ach na cluasa a bhioradh. Thugas mo chluasa go hiomlán don jazz agus gean don triúr seinnteoirí a d’fhuin tríd an gcorp amach a gcuid ceoil. Seapánach mná ar an bpianó, folt dubh, éadan ard, seaicéad dearg sróil fáiscthe go docht go coim uirthi, beoldath craorag, gháir sí oiread den cheol amach trína déad is a sheinn sí lena méireanna. Í déadgheal méarmhear, thugas oiread taitnimh dá gáirí geala béil agus a thugas dá nótaí geala ceoil, go háirithe nuair a chuireadh na ruthaigí seanma ina seasamh í óna stól.

Éirí agus suí ar fad ab ea í ansin, flosctha le rithim an cheoil.

Glacadh seilbh ar an slua.

Glacadh seilbh ar an drumadóir.

Glacadh seilbh ar sheinnteoir an olldoird.

Bhíodar ag freagairt dá chéile ina nduine is ina nduine. Iad ag cumadh, ag athchumadh, ag imeacht leo ina ruathair aonair cheoil ach ag filleadh de shíor ar lár comhsheanma, ar an dord bunaidh.

Ar an timthriall síoraí.'

Tá an leabhar ar fáil ar www.coislife.ie.
 
€14 (bog) €20 (crua). 

Thursday, July 25, 2013

Léitheoireacht an tSamhraidh! - Summer Reading!

Léitheoireacht an tSamhraidh - Cois Life cois trá!


Agus séasúr an tSamhraidh tosaithe i gceart anois, tá sé tráthúil féachaint ar na sárleabhair atá ar fáil mar léitheoireacht éadrom.

Is féidir Buaic le Dermot Somers a thabhairt síos chun na trá leat agus coinneoidh leac oighir agus sneachta Everest breá fionnuar tú fad a bheidh an t-úrscéal seo á léamh agat. Tuilleadh sonraí anseo.


Má tá tú ag díriú ar an gcósta agus más spéis leat dúshlán na bleachtaireachta, ní shárófar Sceon na Mara le Liam Ó Muirthile mar ábhar léitheoireachta atá préamhaithe san fhíorshaol. Téir in achrann i líon na mistéire anseo...




Is é atá in Dún an Airgid le hÉilís Ní Dhuibhne scéal bleachtaireachta sna bruachbhailte nua-aoiseacha agus léiríonn modh inste an údair na buanna plotála agus castachtaí ar fad a rug sí léi óna taithí ag scríobh cláracha i sobaldrámaí don teilifís. Is féidir tús a chur le do chuairt ar Dhún an Airgid anseo.


Má tá tú buartha faoi 'ualach an léinn' (nó 'liúntas bagáiste Ryanair' mar is fearr aithne air) cuimhnigh gur féidir na leaganacha ríomhleabhair a cheannach ach an oiread ar do kindle, iPad nó do rogha gléas eile.



Summer Reading - bring Cois Life on holiday with you!

With the holiday season under way right now is a good time to look at the super books Cois Life has made available for holiday reading.

If the beach gets too hot, Dermot Somer's novel Buaic will cool you down with all the ice and snow on Everest. More details here.


If you're headed for the coast and like the challenge of a whodunnit, Sceon na Mara by Liam Ó Muirthile can't be beaten for reality-based fiction. Follow this link and you just might get entangled in the nets of mystery .....


Dún an Airgid by Éilís Ní Dhuibhne is a detective story set in the new suburbs and the way it's told uses all the plot twists which the author learned from her time writing episodes of TV soap operas. To begin your visit to Dún an Airgid follow this link.

And remember, if you're worried about 'the heavy burden of learning' (aka your Ryanair baggage allowance), you can always opt to buy the e-book version of these books on your kindle, iPad or other mobile device.

Thursday, September 30, 2010

Sceon na Mara - Liam Ó Muirthile (2010)


Labhraíonn Liam Ó Muirthile faoina leabhar, ‘Sceon na Mara’ (Cois Life, 2010), úrscéal agus scéal bleachtaireachta.
Foilsithe ag Cois Life (Baile Átha Cliath 2010) agus le ceannach ó www.coislife.ie

Liam Ó Muirthile speaks about ‘Sceon an Mara’ (Cois Life, 2010) a novel and detective story in the Irish language.
Published by Cois Life (Dublin 2010) and available from www.coislife.ie