Showing posts with label An_Fuíoll_Feá. Show all posts
Showing posts with label An_Fuíoll_Feá. Show all posts

Friday, February 14, 2014

An Colm Bán

Úrscéal nua le Liam Ó Muirthile (Duais Oireachtais 2013)





Saothar neamghghnách é seo a nascann gnéithe de scéal na hÉireann le mórscéal Mhór-Roinn na hEorpa. Scéal Nora Buckley, searbhónta as Iarthar Chorcaí, a théann ag rince ar stáitse na Folies Bergère i bPáras san blianta tar éis an Chéad Chogaidh Mhóir, agus ina theannta sin, údar ar thóir scéal Nóra i bPáras na haimsire seo. 

Mar fhile, iriseoir, drámadóir agus úrscéalaí, tá Liam Ó Muirthile tar éis forbairt ar bhonn leanúnach ó tháinig sé faoi bhráid an phobail mar fhile de lucht Innti in 1969 sa tslí is go n-aithneodh aon duine a stíl anois is cuma cén seánra a chleachtann sé. Bhí an-ráchairt ar a úrscéalta eile, Ar Bhruach na Laoi (1995) agus Sceon na Mara (2010), tráth a bhfoilsithe. Seo a leanas sliocht as an gcéad chaibidil:
'Sna huaimheanna faoi thalamh in ambasáid Phoblacht na Seice i rue Bonaparte a bhí The Paris-Prague Jazz Club. Slua ardmheanmach istigh, an áit ag borradh le ceol, ól, bia agus dóchas úr na hóige ó thíortha an Oirthir a raibh soláthar dóibh siúd leis, den chéad uair leis na glúnta, i gcliabhán na hEorpa.

Tart agus dóchas in éineacht ab ea é, an tart gan a bheith ina chraos go fóill, agus an dóchas gan a bheith róshaonta. An taoide fuinnimh a bhí ag trá i mball amháin ann, bhí sé ag bualadh leis an taoide ag líonadh i mball eile, mar a bheadh nóta ar an dé deiridh ar an bpianó, nach mór, a d’aimseodh athanáil ón olldord.

Bhí a raibh ann i láthair an cheoil nua agus dá fheabhas an jazz saorchruthach ag cruthú nuachruthanna go dí-armónach, fós bhí macalla seanfhuaimeanna le clos tríothu ach na cluasa a bhioradh. Thugas mo chluasa go hiomlán don jazz agus gean don triúr seinnteoirí a d’fhuin tríd an gcorp amach a gcuid ceoil. Seapánach mná ar an bpianó, folt dubh, éadan ard, seaicéad dearg sróil fáiscthe go docht go coim uirthi, beoldath craorag, gháir sí oiread den cheol amach trína déad is a sheinn sí lena méireanna. Í déadgheal méarmhear, thugas oiread taitnimh dá gáirí geala béil agus a thugas dá nótaí geala ceoil, go háirithe nuair a chuireadh na ruthaigí seanma ina seasamh í óna stól.

Éirí agus suí ar fad ab ea í ansin, flosctha le rithim an cheoil.

Glacadh seilbh ar an slua.

Glacadh seilbh ar an drumadóir.

Glacadh seilbh ar sheinnteoir an olldoird.

Bhíodar ag freagairt dá chéile ina nduine is ina nduine. Iad ag cumadh, ag athchumadh, ag imeacht leo ina ruathair aonair cheoil ach ag filleadh de shíor ar lár comhsheanma, ar an dord bunaidh.

Ar an timthriall síoraí.'

Tá an leabhar ar fáil ar www.coislife.ie.
 
€14 (bog) €20 (crua). 

Saturday, November 16, 2013

Fómhar / Autumn - Liam Ó Muirthile aistr./trans. Gabriel Rosenstock - An Fuíoll Feá / Wood Cuttings (Cois Life, 2013)

Mar chuid d'Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath 2013, rinneadh ceiliúradh Dé Sathairn 16 Samhain ar An Fuíoll Feá: Rogha Dánta / Wood Cuttings: New and Selected Poems (tuilleadh eolais anseo) le Liam Ó Muirthile, aistrithe ag Gabriel Rosenstock. Sa taifead seo ón gceiliúradh, léann Liam an dán 'Fómhar' as an gcnuasach agus ina dhiaidh sin léann Gabriel Rosenstock an t-aistriúchán a rinne sé ar an dán agus míníonn sé an cur chuige aistriúcháin a tharraing sé chuige chun plé leis an dán áirithe seo.
Ar an lá, sheinn Iarla Ó Muirthile dreasanna ceoil den scoth mar anlann leis an bhféasta focal.
Leis an leabhar bogcrua (agus CD fuaime ina theannta) a cheannach, brúigh anseo. Is féidir ríomhleabhar ilfhormáid (gan aon fhuaimraon) a cheannach ag na naisc chomh maith.
www.coislife.ie.

As part of the 2013 Dublin Book Festival 2013, on Saturday the 16th of November there was a celebration of An Fuíoll Feá: Rogha Dánta / Wood Cuttings: New and Selected Poems (more information here) by Liam Ó Muirthile, translated by Gabriel Rosenstock, . In this recording from the event, Liam reads first the original poem 'Fómhar' ('Autumn') in the Irish language and then Gabriel speaks about his approach to translating this particular poem before reading the translation itself.
On the day, Iarla Ó Muirthile provided musical interludes which related to some of the poems - a third language, in a sense.  
To buy the hardback or softback book (with free audio CD) click here. The book can also be purchased in various ebook formats (without any sound recordings) at the links.
www.coislife.ie

Tuesday, July 2, 2013

Agallamh le Liam Ó Muirthile ar Southword


"I  gcás na filíochta, is sainchuid den saothar féin guth an fhile, maidir le rithim, canúint, luí na bhfocal sa líne agus leis na línte, ceol, urlabhra,  – gach gné den dán, an feisteas iomlán i ndáiríre. Gníomh éisteachta chomh maith le gníomh scríbhneoireachta is ea líne filíochta." - Liam Ó Muirthile

Sin cuid den smaointeoireacht a nocht an file agus é faoi agallamh ghéarchúiseach ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh faoina chnuasach dátheangach An Fuíoll Feá: Rogha Dánta in eagrán 24 de Southword. Is féidir an t-agallamh ar fad ach cliceáil anseo.



"In the case of poetry, the poet's voice is an integral part of the work, rhythm, dialect, how the words ie in the line and with the lines, music, speech, - every aspect of the poem, the whole apparel, really. A line of poetry is an act of listening as well as an act of writing." - Liam Ó Muirthile

Just some of the ideas which the poet discusses in an insightful interview about his bilingual collection An Fuíoll Feá/Wood Cuttings: New and Selected Poems. The interview is conducted by Ailbhe Ní Ghearbhuigh in Southword (edition 24). The entire interview can be read here (interview transcription in Irish only).