Showing posts with label An Bhrasíl. Show all posts
Showing posts with label An Bhrasíl. Show all posts

Wednesday, December 17, 2014

Foilsithe! Agus anois?

Aoi-bhlag Alex Hijmans




Getting your name in print means getting to grips with a writing life, Alex Hijmans writes in the last episode of his guest blog on creative writing.

Tá saothar leat i gcló. Comhghairdeachas! Fiú muna bhfuil ann ach dán nó gearrscéal amháin, tá an chéad chéim curtha agat – i súile an tsaoil mhóir – ar an gcosán creagach úd ar a dtugtar ‘saol an scríbhneora’.
‘I súile an tsaoil mhóir’ a deirim, toisc gur i bhfad siar, sular chuir tú peann ar pháipéar fiú amháin, a chuir tú an chéad chéim ar chosán na scríbhneoireachta i ndáirire: an nóiméad sin, fadó, gur thosaigh scéal ag coipeadh i d’aigne.
Ach, taitníodh sé linn nó ná taitníodh, mairimid i saol atá dírithe ar tháirgiúlacht. Gan d’ainm a bheith i gcló, dúch dubh ar pháipéar bán, in iris liteartha más gá ach ar chlúdach leabhair más féidir, is beag duine ach do mháthair a ghlacfaidh leat mar scríbhneoir.
Cé gurb é an chéad chló an chonstaic is casta ar chosán na scríbhneoireachta, ní ionann sin is a rá gur bóthar réidh an chuid eile den bhealach. I súile an tsaoil mhór, tá an cead tuillte agat scríbhneoir a thabhairt ort féin. Ach an fíorscríbhneoir thú? Beifear ag fíafraí díot cá mhéad cóip de do leabhair atá díolta. Más scríbhneoir Gaeilge thú, cuirfear ceist ort cén uair a mbeidh do shaothar i gcló i mBéarla. Cuirfidh do chuid freagraí díomá orthu siúd a chuir ceist.
Idir an dá linn, beidh ort aghaidh a thabhairt ar léirmheasanna. Céasadh a bheidh sa cháineadh is lú agus is múinte, fiú amháin. Is é sin le rá, má thugann leathanaigh na leabhar aird ar do shaothar ar chor ar bith. Tá a cuid dúshlán agus fadhbanna féin ag baint leis an léirmheastóireacht ar leabhair i nGaeilge; is í an mhoill mhór a bhíonn ar léirmheas an fhadhb is mó acu.
Is fearr i bhfad dul amach i measc an phobail tú féin chun poiblíocht a chothú do do shaothar. Tar éis dom dul ar cheithre chamchuairt timpeall na hÉireann do cheithre leabhar éagsúla, dar liom nach bhfuil rud ar bith chomh luachmhar don scríbhneoir agus teagmháil phearsanta a bheith aige lena chuid léitheoirí. Fiú muna mbíonn romhat, oíche Luain fhliuch i mBéal Feirste, ach deichniúr – sin deichniúr a tharraing an trioblóid orthu féin dul amach oíche Luain fhliuch i mBéal Feirste chun éisteacht le do scéalsa.
Oícheanta eile (agus ar eagla na míthuisceana, tharla a leithéid seo dom i mBéal Feirste freisin) beidh an teach lán agus beidh scuaine fhada léitheoirí ag iarraidh ort do shíniú a chur i do leabhar, atá díreach ceannaithe acu. Cúiteamh é an gliondar a bhíonn ar a n-aghaidh – agus an gliondar a chuireann sé sin ar m’aghaidhse – ar an trioblóid ar fad a bhaineann le leabhar a scríobh.
Iarrfar ort agallaimh a thabhairt. Iarrfar ort cuairt a thabhairt ar scoileanna agus ollscoileanna. Glac le gach cuireadh mar dheis chun do scéal a insint, cóip nó dhó de do leabhar a dhíol agus, cá bhfios, duine eile a spreagadh i mbun pinn.
Aisteach go leor, ciallaíonn an tréimhse réasúnta fhada a théann thart idir an dréacht deireanach a bheith curtha ar fáil don fhoilsitheoir agus saothar a bheith ar sheilfeanna na siopa leabhar (brathann fad na tréimhse seo ní amháin ar an bpróiseas eagarthóireachta agus ar an bpróiseas deartha ach ar rúndiamhra mhargadh na leabhar freisin) go mbíonn an scríbhneoir gafa go hiomlán leis an gcéad togra eile nuair a bhíonn air dul i mbun poiblíochta do shaothar atá díreach foilsithe. Is cuimhin liom, mar shampla, go raibh sé deacair orm agallamh i ndiaidh agallaimh a thabhairt faoi m’úrscéal Aiséirí nuair a bhí mé m’aigne agus mo chroí gafa go hiomlán leis an gcéad shaothair eile, an cnuasach gearrscéalta Gonta.
Ach an oiread le gach rud eile sa saol, tá trá agus taoille dá chuid féin ag baint leis an scríbhneoireacht cruthaitheach. Agus an scríbhneoir ag siúl leis ar an gcosán casta a shníonn ón leathanach bán go dtí an leathanach lán, aithneoidh sé taoillí an mhargaidh agus taoillí a rithim oibre féin.
Tá rud amháin tábhachtach, áfach. Tabhair bronntanas duit féin nuair a bhaineann tú an leathanach lán amach: ceannaigh leabhar nótaí nua. Tá neart leathanach bán le líonadh agat fós.





Eagráin eile den aoibhlag anseo


Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012) 


An t-úrscéal Aiséirí (2011) 



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)

Wednesday, November 19, 2014

An leathanach lán

Aoi-bhlag Alex Hijmans





Writing a work of fiction is one thing. Selling it is quite another, Alex Hijmans writes in the eleventh episode of his guest blog on creative writing.

Tá do scéal curtha ar pháipéar agat agus oiread eagarthóireachta déanta agat air agus is féidir; tá an toradh léite ag duine nó beirt a bhfuil muinín agat as a dtuairim agus bhí a dtuairim fabhrach. Bhí do leathanach bán, anois tá sé lán. Tá sé in am a bhfuil scríofa air a thaispeáint don saol mór.

Más dán nó gearrscéal atá scríofa agat, is fiú go mór an saothar críochnaithe a chur chuig iris liteartha. Ceird ar leith is ea é do chuid scríbhneoireachta a chur faoi bhráid fhoilseacháin liteartha. Bí cinnte go n-oireann do shaothar don fhoilseachán a bhfuil sé ar intinn agat é a chur chuige agus bí cinnte freisin go bhfuil treoracha an fhoilseacháin maidir le saothair neamhchoimisiúnaithe léite agat. Ná bí ag súil le mórán ar feadh an chéad chúpla mí tar éis duit do leanbh a chur sa phost. Ansin, bí ag súil le litir ghairid ina ndiúltaítear do do shaothar.

Gortóidh sé sin. Ach faoin am sin, beidh scéal nó dán eile críochnaithe agat – bíonn tú ag scríobh leat i gcónaí, nach mbíonn? Ceannaigh clúdach agus stampa agus cuir an saothar sin sa phost – chuig an bhfoilseachán céanna más maith leat, nó áit éigin eile.

Is ea is mó scéalta a chuireann tú faoi bhráid irisí liteartha, is mó an líon litreacha diúltaithe a gheobhaidh tú. Ach ná bíodh aon dul amú ort: méadaíonn an seans go nglacfar le scéal de do chuid gach uair a chuireann tú ceann sa phost. Lá breá éigin, gheobhaidh tú litir dhearfach, ag tabhairt le fios duit go mbeidh do shaothar i gcló. Bionn fanacht fhada ann, uaireanta. Chuaigh bliain thart sular chuala mé aon cheo faoi leagan Béarla de ghearrscéal liom a bhí curtha chuig iris aitheanta Bhreataineach agam; nuair a thugadar le fios gur theastaigh uathu é a fhoilsiú, chuaigh bliain eile thart sular chuireadar i gcló é.

Má tá saothar níos faide scríofa agat – úrscéal, dráma nó leabhar neamhfhicsin – beidh sé níos deacra aird irise liteartha a mhealladh, cé go bhfuil foilseacháin ann a fhoilsíonn sleachta gearra as saothair fhada. Cibé ar bith, má theastaíonn uait an saothar iomlán a fheiceáil i gcló, beidh ort dul ar thóir fhoilsitheora leabhair. Má bhíonn cnuasach gearrscéalta nó dánta réidh agat agus ceann nó dhó acu foilsithe in iris liteartha, ba cheart duit an rud céanna a dhéanamh.

Bhí an t-ádh dearg liomsa leis seo; ba é an chaoi gur iarr foilsitheoir (Cois Life) ormsa leabhar a scríobh faoi thréimhse a bhí á caitheamh agam i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Bhí a fhios ag Cois Life go raibh mé sna bólaí sin de bharr colún a bhí agam faoin ábhar céanna ar Foinse ag an am. ‘Favela’ an toradh.
Ní minic, áfach, a tharlaíonn sé go dtéann foilsitheoir ar thóir údair. Fuair mé sin amach nuair a rinne mé iarracht foilsitheoir a aimsiú san Ísiltír do leagan Ísiltírise de mo chnuasach gearrscéalta ‘Gonta’. Tar éis bliana go leith d’iarrachtaí a rinne mé féin agus gníomhaire litríochta, dhiúltaigh gach uile fhoilsitheoir arbh fhiú an saothar a chur faoina mbráid don chnuasach. ‘Scéalta deascríofa iad, ach níl margadh do ghearrscéalta san Ísiltír san am i láthair,’ an freagra a tugadh dúinn arís is arís eile. Tugadh comhairle dom úrscéal a scríobh, agus déanfaidh mé sin a luaithe is a bheith spás i mo sceideal scríbhneoireachta do thogra dá mhéad.

Caidreamh oibre
Agus foilsitheoir aimsithe agat, beidh ort caidreamh oibre dearfach a chothú leis an bhfoireann. Uaireanta bíonn deacrachtaí ag scríbhneoirí glacadh le comhairle agus ceartúcháin, ach táim féin go láidir den tuairim go bhfuil an-tábhacht le péire súl (proifisiúnta) eile chun barr feabhais a chur ar théacs.

Ach ní leis an téacs amháin a bhaineann cinní an fhoilsitheora. Go hiondúil, is é an foilsitheoir a dhéanfaidh cinneadh faoi nithe chomh bunúsacha agus teideal agus clúdach do leabhair. Sampla:’Ni cártaí poist iad seo’ an teideal oibre a bhí agam féin ar mo leabhar grianghrafadóireachta ‘Splancanna ó shaol eile’ ar feadh i bhfad, ach dúirt Cois Life liom nár mhaith leo leabhar le teideal ina raibh diúltú (‘Ní…’) a chur ar an margadh; léirigh fianaise mhargaíochta éigin go gcuireann a leithéid léitheoirí ó dhoras ar leibhéal an fho-chomhfheasa. Léirigh sé sin dom go raibh a gcuid obair bhaile déanta ag Cois Life agus bhí mé sásta glacadh lena gcinneadh, mar a bhí mé sásta glacadh lena gcinntí faoi chlúdaigh mo chuid leabhar freisin. Ceird amháin is ea leabhar a scríobh, ceird eile ar fad is ea é leabhar a dhíol.


Eagráin eile den aoibhlag anseo


Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012) 


An t-úrscéal Aiséirí (2011) 



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)

Monday, June 3, 2013

Splancanna ó Shaol Eile (2013) (réamhradharc) le Alex Hijmans - Preview of Alex Hijmans new book of reportage from Brazil


[English translations below]
Céad grianghraf. Céad aiste ghearr. Cur síos i bhfís agus i bhfocail ar thír aduain, anaithnid… atá i lár an aonaigh.
Tá aird an tsaoil mhóir ar an mBrasaíl agus beidh go ceann roinnt mhaith blianta: 2014 – Corn an Domhain sa Sacar i dtír na Brasaíle, 2016 – Na Cluichí Oilimpeacha i gcathair Rio de Janeiro. Go heacnamaíoch agus go polaitiúil, tá ról níos tábhachtaí ná riamh ag fathach Mheiriceá Theas ar an stáitse idirnáisiúnta.
Seo cuireadh duit aithne a chur ar an mBrasaíl – aithne cheart, aithne a sheachnaíonn an cliché. Sa leabhar seo, tugann Alex Hijmans, atá ina chomhfhreagraí idirnáisiúnta sa tír ó 2007, léaspairtí ar an mBrasaíl nach bhfeictear sna cártaí poist.
Seo inár ndiaidh roinnt sleachta as an leabhar a fhoilseofar níos déanaí in 2013 - agus tá aistriúcháin gharbha Béarla leis na reamhshleachta seo i gcás go bhfuil a leithéid uait. Tá ná téacsanna a ghabhann leis na grianghraif níos faide ná na sleachta anseo, ar ndóigh.

One hundred photographs. One hundred short essays. A faraway country in words and pictures, unknown ... but in the right at the heart of the world market.
All eyes are on Brazil at the moment and will be for the near future: 2014 – the World Cup in Brazil, 2016 – the Olympic Games in Rio de Janeiro. Economically and politically Brazil is now more important than ever before on the international stage as the giant of South America.
Here’s your invitation to get to know Brazil – to really get to know it, to avoid the clichés. In this book Alex Hijmans, a foreign correspondent in the country since 2007, shows you insights into Brazil that aren’t found on the postcards.
Here are some extracts from the book to be published later in 2013 - with totally exclusive English translations of the previewed extracts.* The texts accompanying the photographs in the publication are longer than those presented here, of course.

 NÍ CÁRTA POST É SEO - THIS IS NOT A POSTCARD
Tá meirg ar an bpictiúr seo, agus féasóg ar an scéal a insítear
ann. Ach tá gá leis.

Páistí ag imirt sacair, mar íomhá den Bhrasaíl? Seanchaite! Gan trácht ar thránna! Agus tá an sliabh sa chúlra – Pão de Açúcar (Sliabh Charn an tSiúcra) – ar na hionaid turasóireachta is iomráití ar domhan – inchurtha le Buckingham Palace, Niagara Falls nó an Taj Mahal. Agus seo iad – na páistí, an trá agus Pão de Açúcar – san aon ghrianghraf amháin.

Is ea, is cárta poist é seo. An t-aon cheann amháin sa leabhar. Sin an fáth a bhfuil sé ag an tús. Séard is fearr a léireoidh nach cártaí poist atá sna grianghraif eile sa saothar seo ná cárta poist ceart a thaispeáint i dtosach.

Ach, ag an am céanna, ní cárta poist é seo – níl aon bhréaga á n-insint ann. Ní aisteoirí atá fostaithe ag Bord Fáilte na Brasaíle iad na himreoirí óga sacair; fíordhaoine iad agus fíorchluiche ar bun acu – fiú mura bhfuil ach leathfhoireann acu ann...

This picture is a cliché. As is the story it tells. And yet it needs to be here.

Children playing soccer - an image of Brazil? Hackneyed! Not to mention the beaches. And the mountain in the background Pão de Açúcar (Sugarloaf Mountain) is one of the most famous tourist sights in the world - along with Buckingham Palace, Niagra Falls or the Taj Mahal. And here they all are - the children, the beach and Sugarloaf Mountian all in one photograph.

Yes, it's a postcard, alright. The only one in this book. That's why it's at the start. The best way to show that the rest of the book isn't a collection of postcards is to show one at the beginning.

But in another way, this isn't a postcard - it's doesn't tell any lies. The young football players aren't employes by some Brazilian Bord Fáilte; they're real people, playing a real game - even if they only have half a team...

 
Chuir Jamopoty (ar dheis) agus a fear céile Taquari a bhfeisteas traidisiúnta orthu nóiméad sular ghlac mé an grianghraf seo. Ní ligeann siad d’aon duine a bpictiúr a thógáil agus a ngnáthéadaí – jíons agus T-léine – orthu.

Polaitíocht.

Níl rud ar bith in Olivença, parrthas surfála i ndeisceart stát Bahia, a thabharfadh le fios don chuairteoir go bhfuil coimhlint ghránna ar siúl ann. Níl poill philéar sna fuinneoga, níl graifítí gríosaitheach ar na ballaí. Ach fiafraigh de dhuine ar bith faoin bplean atá ag rialtas na Brasaíle tearmann a chruthú do threibh bhundúchasach áitiúil, agus ní bheidh srian leis an ngoimh...

Jamopoty (on the right) and her husband Taquari donned their traditional costume moments before I took this photograph. They don't allow anyone take their photo when they're wearing their ordinary clothes - jeans and T-shirt.

Politics.


There is nothing at all in Olivença, a surfer's paradise in the south of the State of Bahia that would give the visitor to believe that a nasty struggle was under way. There are no bullet holes in the windows, no incendiary graffiti on the walls. But ask anyone about the Brazilian government's plan to create a sanctuary for the local tribe native to the area and the anger bubbles straight to the surface
...


CODARSNACHT - CONTRAST
Ní duine mé a labhraíonn leis féin os ard. Ach nuair a shiúil mé síos fána an chnoic ar a bhfuil seanchathair São Luís tógtha, i dtreo abhainn an Anil, d’éalaigh na focail seo amach ó mo bhéal do mo lom-ainneoin: ‘Ô meu Brasil ...’

‘Ochón, a Bhrasaíl mo chroí’ an t-aistriúchán is fearr a ritheann liom...

I'm not someone who often speaks to himself out loud. But when I walked down towards the river Anil, down the hill on which the old city of São Luís is built I simply couldn't stop the following words slipping out of my mouth: ‘Ô meu Brasil ...’

‘Ochón, a Bhrasaíl mo chroí’ or 'O my poor Brazil' is a rough translation...


 SPÁSÁRTHACH NIEMEYER - NIEMEYER'S SPACESHIP
Nuair a bhí an leabhar seo á chríochnú agam, d’imigh an fear a chruthaigh an foirgneamh sa ghrianghraf thuas ar shlí na fírinne, ag aois a 104 bliain. Lean sé air ag obair go dtí go gairid roimh a bhás. Bhí Oscar Niemeyer, a rugadh i gcathair Rio de Janeiro sa bhliain 1907, i measc na n-ailtirí is aitheanta ar domhan.

Is furasta a thuiscint cén fáth. Ba é a d’fhág an chuma ar Brasília a thugann ar chuairteoir a cheapadh go bhfuil sé tar éis tuirlingt ar phlainéad eile. Cén t-iontas mar sin gur spásárthach, níos mó ná rud ar bith eile, a mheabhródh an Iarsmalann Náisiúnta – sa ghrianghraf thall – do dhuine? Dhear Niemeyer an foirgneamh seo caoga bliain tar éis dó tithe an rialtais a dhearadh, agus is léir nár tháinig aon mheath ar a chuid scileanna sa leathchéad bliain sin ach a mhalairt! 

When I was almost finished writing this book, the man who created the building pictured above passed away - aged 104 years of age. He had continued working up until shortly before his death. Oscar Niemeyer, born in Rio de Janeiro in 1907 was one of the most famous architects in the world.

And not without cause. It was he who was responsible for making the visitor to Brazil think that perhaps they had landed on another planet. Small wonder then that that the National Museum should resemble nothing so much as a spaceship! Niemeyer designed this building some fifty years after he designed the national parliament building and it's obvious that his creativity hadn't declined in the intervening half a century; quite the opposite... 

NÓTA FAOI NA hAISTRIÚCHÁIN / NOTE ON THESE TRANSLATIONS
* The translations are rough versions of the original Irish language texts, purely for illustration/pre-publicity purposes - they will not appear in the final printed book.