When writing a first draft of a piece of fiction, don’t forget to shove a sock in your inner editor’s mouth, Alex Hijmans writes in the fourth episode of his monthly guest blog on creative writing.
Mar a dúirt mé an mhí seo caite, ní bhaineann leis an gcéad dréacht ach riail amháin: ní bhaineann aon rialacha leis an gcéad dréacht.
Sa chéad dréacht, is féidir leat do rogha rud a scríobh agus do rogha
botún a dhéanamh, fad is a thagann an scéal amach. Ar ball – nuair a
bheidh an dara, an tríú, nó an seachtú dréacht is fiche idir lámha agat
– beidh am agat sleachta nár éirigh leo a ghearradh amach, botúin a
cheartú agus snas a chur ar an iomlán.
Ach
ní anois. Agus an chéad dréacht á bhreacadh síos agat, beidh ort gobán a
chur i mbéal d’eagarthóra inmheánaigh – an máistir scoile sin istigh i
do cheann a shioscann leat nár cheart duit scríobh faoi, deirimís, gnéas
béil (nó a deir, sa chás gur duine leathanaigeanta é, nach ndéarfadh
fear nó bean Ghaeltachta ‘gnéas béil’ go brách agus go mb’fhearr duit
leagan níos dúchasaí a aimsiú go beo.) Má éisteann tú leis an duine
cabhrach seo agus tú i mbun do chéad dréachta, scriosfaidh sé do scéal.
Bealach
amháin chun an t-eagarthóir inmheánach seo a choinneáil ina thost ná
luas. Cuir do pheann síos ar an leathanach bán, tosaigh ag scríobh,
coinnigh ort ag scríobh, agus ná bain do pheann ón bpáipéar arís go dtí
go mbíonn an scéal (nó i gcás saothair fhada, an radharc a chuir tú
romhat a scríobh) breactha síos agat.
Seo,
dála an scéil, an fáth gur le peann agus páipéar, agus ní ar ríomhaire,
a scríobhaim an chéad dréacht de shaothar ficsin ar bith. Is breá le
m’eagarthóir inmheánach an cnaipe ‘delete’: is féidir leis fáil
réidh le lá iomlán oibre ach an cnaipe sin a bhrú. Ar chúis éigin, níl
an greim chéanna aige ar mo pheann dúigh, agus fiú má scriosann sé
abairt amach, níl na focail sin caillte go deo.
Ach
is é an bealach is fearr atá ar eolas agam chun an t-eagarthóir
inmheánach a choinneáil ina thost ná an leigheas céanna atá ar an
tinneas cáiliúil úd a chuireann as do scríbhneoirí áirithe ó am go
chéile: ‘bac scríbhneora’. Agus is éard atá sa leigheas seo ná
laethúlacht.
Tosaíonn
pluiméar ag obair ag a hocht a chlog ar maidin, bíodh inspioráid aige
chun píosa pluiméarachta a dhéanamh nó ná bíodh. Ní bhíonn ‘bac
pluiméara’ ag cur as dó.
Tosaíonn
mo lá oibre féin ag a hocht a chlog ar maidin freisin. Post í an
scríbhneoireacht cosúil le post ar bith eile: caithfear obair a dhéanamh
gach lá. Ní réiteoidh doirteal blocáilte é féin. Ní scríobhfaidh scéal é
féin ach an oiread.
Ó
rinne mé tásc laethúil den scríbhneoireacht roinnt mhaith blianta ó
shin, tá méadú mór tagtha ar fhoighid m’eagarthóra inmheánaigh: tuigeann
sé go mbeidh deis aige slad a dhéanamh ar mo chuid scríbhneoireachta lá
breá éigin amach anseo – agus dá bharr sin bíonn sé sásta fanacht ina
thost agus mé ag obair ar an gcéad dréacht.
Tá
sé tábhachtach ach go háirithe don scríbhneoir ficsin a mbíonn post lae
eile aige – bíonn orm féin dul i mbun iriseoireachta chun na billí a
íoc – am a chur i leataobh don scríbhneoireacht fhicsin gach uile lá,
fiú muna mbíonn ann ach uair an chloig. Ar an gcaoi sin amháin a mbeidh
an muinín chéanna ag an scríbhneoir as a chuid scileanna féin agus a
bhíonn ag an bpluiméar as a chuid scileanna siúd, agus ar an gcaoi sin
amháin a thosóidh scéalta ag sileadh a luaithe is a chasann an
scríbhneoir sconna na scríbhneoireachta air.
Céard
a tharlaíonn don chéad dréacht nuair a éiríonn leat é a shábháil ó
chrúba an eagarthóra inmheánaigh? Sin ábhar na míosa seo chugainn.
Eagráin eile den aoibhlag anseo.
Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:
Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013) |
Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012) |
An t-úrscéal Aiséirí (2011) |
Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009) |