A panel of helpful readers can be a valuable asset during the editing
process, but writers should be careful about selecting them, Alex
Hijmans writes in the ninth episode of his monthly guest blog on
creative writing.
Agus
an scríbhneoir i mbun eagarthóireachta, tiocfaidh an pointe nach mbeidh
de dhifríocht idir leagan amháin den saothar atá idir lámha aige agus
an chéad leagan eile ach cúpla camóg. Nuair a bhainimse an pointe sin
amach, tá a fhios agam nach mbeidh mé féin in ann mórán snasa sa bhreis a
chur ar an togra: tá sé in am é a thabhairt ar lámh do dhuine éigin
eile.
Thiocfadh
le duine saothar a chur caol díreach chuig iris liteartha ag an bpointe
sin, nó chuig foilsitheoir fiú amháin, ach b’fhearr liom féin gan. Le
blianta anuas, is nós liom mo chuid scríbhneoireachta a thaispeáint do
phainéal beag de ‘léitheoirí cabhracha’. Is mó a fheiceann dhá, trí nó
ceithre phéire súl ná péire súl amháin. Ní amháin go gcabhraíonn na
léitheoirí cabhracha seo liom botúin agus doiléireachtaí a bhaint amach
as an téacs, tugann siad comhairle agus cuireann siad ceisteanna crua
más gá.
Mholfainn
do scríbhneoir ar bith painéal neamhfhoirmeálta den chineál seo a
tharraingt timpeall air féin, ach caithfear a bheith cúramach faoi rud
nó dhó. Ná bíodh dul amú ar éinne: tá na léitheoirí cabhracha seo ann
chun critic a thabhairt. Ar an ábhar sin, ní bheadh sé ciallmhar daoine
nach bhfuilimid in ann glacadh le critic agus cáineadh uathu a roghnú.
Ar an lámh eile, ní bheadh sé ciallmhar ach an oiread daoine a phiocadh
nach ndéarfadh ach ‘Is ea, bhí sé sin go hálainn’ tar éis dóibh do
shaothar a léamh; is beag cabhrach a bheadh iontu sin. Is é mo thaithí
féin nach iad dlúthchairde na léitheoirí cabhracha is fearr agus gur
fearr gaolta a sheachaint ar fad.
Is
dócha gurb é an chéad rud a rithfeadh le scríbhneoir a dteastaíonn
uaidh painéal den chineál seo a chur le chéile ná scríbhneoirí eile a
roghnú: tuigeann ciaróg ciaróg eile agus is féidir an gar a aisíoc ach
dréachtaí a bhabhtáil. Ach ní gá gur scríbhneoirí iad na léitheoirí
cabhracha ar chor ar bith. Go deimhin, níl ach scríbhneoir amháin i
measc na ndaoine a dtaispeánaim mo chuid oibre dóibh go rialta.
Tríd
an ríomhphost a chuirim saothair nua chuig mo chuid léitheoirí
cabhracha agus is tríd an ríomhphost a fhaighim a n-aiseolas uathu.
Éascaíonn sé sin an próiseas, dar liom, toisc gur ionraice an chritic go
minic muna mbíonn ar an léitheoir agus ar an scríbhneoir breathnú
isteach i súile a chéile agus an saothar á phlé acu. Anuas ar sin, bíonn
sé i bhfad níos fusa teacht ar aiseolas scríofa agus tú i mbun
eagarthóireachta ar shaothar arís lá níos faide anonn ná bheith ag
iarraidh cuimhniú ar chomrá béil.
Bealach
eile chun aiseolas a fháil ar shaothar nua ná páirt a ghlacadh i ngrúpa
scríbhneoireachta. Bhí mé i mo bhall de ghrúpa mar seo ar feadh bliana
nó dhó nuair a bhí cónaí orm i nGaillimh. Bheadh seisear nó seachtar
scríbhneoirí i láthair, léifeadh beirt nó triúr scéal nó sliocht.
Dhéanfaí plé agus thabharfaí comhairle, ach ní bhíodh ceachtar thar
mholadh beirte toisc nach mbíodh sé de mhisneach ag éinne saothar dhuine
eile a cháineadh má bhí gá leis.
B’fhiú
go mór freastal ar na cruinnithe seo ar dhá chúis eile, áfach. Sa chéad
dul síos, ba spreagadh iad chun saothair nua a scríobh (agus a
chríochnú) go rialta. Sa dara dul síos, ba áis den scoth a bhí sna soirées
seo le haithne a chur ar chomhghleacaithe. Ina aonar a bhíonn an t-údar
nuair a bhíonn sé ag obair, ach ní gá gur ceird uaigneach a bheadh sa
scríbhneoireacht.
Eagráin eile den aoibhlag anseo.
Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:
Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013) |
Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012) |
An t-úrscéal Aiséirí (2011) |
Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009) |
No comments:
Post a Comment