Stories, when written down, turn into tattoos on a writer’s skin, Alex Hijmans writes in the first episode of his monthly guest blog on creative writing.
Tá an scéal ann le cuimhne na ndaoine. Go deimhin, is ionann
‘scéal’ agus ‘cuimhne na ndaoine’. Ar feadh na gcéadta míle bliain sula bhfuair
an cine daonna amach go bhféadfaí focail a ghreanadh ar chloch, a scríobh ar
phár, a bhreacadh ar pháipéar agus a chló ar scáileán, chuaigh scéalta ó bhéal
go béal, ó ghlúin go glúin. Agus dá bharr sin, d’athraíodar i rith an ama: sin
an fáth go mbíonn dhá leagan ar scéal agus dhá leagan déag ar amhrán.
Ach le teacht chun cinn na scríbhneoireachta, d’éirigh
linn greim níos daingne a fháil ar an rud luaineach seo ar a dtugtar scéal. A
luaithe is bhíonn scéal greanta ar chloch (nó i gcló ar pháipéar) tá sé
caomhnaithe dóibh siúd atá timpeall orainn anois agus dóibh siúd a thiocfaidh
inár ndiaidh – ach tá níos mó i gceist le dúil an duine sa scríobh ná caomhnú
na cuimhne.
Agus scéal á scríobh síos againn, tarlaíonn rud atá chomh
soiléir sin nach smaoinímid air go minic: stopann an scéal ag forbairt. I mbéal
an phobail nó in intinn an scríbhneora aonair, bíonn scéal ar nós leachta go
dtí go gcuirtear i gcló é – ach ón nóiméad sin ar aghaidh, triomaíonn an leacht
i bhfoirm dúigh ar an leathanach. Samhlaímse scéalta atá i gcló mar
ghrianghraif. Cuma cé chomh beomhar is atá an íomhá féin, ní athróidh fráma,
soilsiú, ná a bhfuil le feiceáil sa phictiúr go deo – gach rud reoite sa nóiméad
a brúdh an cnaipe.
Ní féidir éalú ón rud atá i gcló. Agus sin, dar liom, an
draíocht a bhaineann leis an scríbhneoireacht. Lena cheamara inmheánach,
glacann an scríbhneoir grianghraf dá shamhlaíocht féin agus cuireann i láthair
an tsaoil mhóir é: is ionann an dúil sa dúch agus an dúil atá sa duine é féin a
nochtadh. Agus bí ag caint ar nocht: ón uair a bhíonn scéal i gcló, beidh sé
ann go deo – mar a bheadh tatú ar chraiceann an scríbhneora.
Ar ámharaí an tsaoil, bíonn an dúil chéanna ag an gcine
daonna sa ghliúcaíocht agus a bhíonn san fhéintaispeáint, nó ní bheadh
léitheoirí ann. Tá cosúlacht áirithe idir an gcaidreamh idir an scríbhneoir
agus an léitheoir agus an caidreamh idir beirt i seomra comhrá idirlín: toisc
nach bhfeiceann siad a chéile, bíonn siad in ann a gcuid mothúchán is
pearsanta, is rúnda, a roinnt. Ar ndóigh, tá difríocht shuntasach ann:
caidreamh aontreoch a bhíonn idir an scríbhneoir agus an léitheoir.
Ní nós linn mórán machnaimh a dhéanamh ar na nithe seo,
toisc go bhfágann siad ábhairín míchompordach muid. Ach céard eile atá sa
scríbhneoireacht ná damhsa drúise? Cén fáth, meas tú, a mbíonn sé le rá ag
léirmheastóirí ‘go n-éiríonn le scríbhneoir an léitheoir a mhealladh’?
Ar ndóigh, ní hé sin le rá gur ionann an scríbhneoireacht
agus pornagrafaíocht. Ach mura n-osclaíonn an scríbhneoir an doras atá faoi
ghlas, cén fáth a n-iompódh an léitheoir an leathanach? Riamh anall, bhí
dlúthcheangal idir litríocht agus an rud ar a bhfuil cosc: ní haon
chomhtharlúint é go mbíonn geis i gcroílár phlota scéalta na Rúraíochta agus na
Fiannaíochta. Agus nach tráthúil gur ón bhfocal ‘geis’ a thagann an leagan
‘faoi gheasa’ – mar is faoi gheasa a bhíonn an scríbhneoir nuair a bhíonn sé i
mbun pinn, agus is faoi gheasa a bhíonn an léitheoir nuair a bhíonn sé i mbun
léitheoireachta.
Sin í an aidhm, pé scéal é. Níl rudaí chomh simplí sin.
Próiseas casta atá sa scríbhneoireacht chruthaitheach, próiseas a thosaíonn,
nach mór i gcónaí, leis an leathanach bán – ach sin ábhar na míosa seo
chugainn.
Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:
Eagráin eile den aoibhlag anseo.
Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:
Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013) |
Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012) |
An t-úrscéal Aiséirí (2011) |
Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009) |