Wednesday, October 6, 2010

An Chéad Úrscéal Gaeilge i bhFoirm Ríomhleabhair? - The First Irish Novel Published as an eBook?


Tá an chead cheithre ríomhleabhar díreach foilsithe ag Cois Life agus beidh siad á ndáileadh trí ghréasáin éagsúla díoltóirí ar-líne timpeall na cruinne trí na príomhfhormáidí éagsúla. Is iad na leabhair ná:

Sceon na Mara, scéal bleachtaireachta agus an t-úrscéal is déanaí ó Liam Ó Muirthile, Dún an Airgid le hÉilís Ní Dhuibhne, ar clasaic í cheana, nach mór, agus í ag cur síos ar nirvana na hÉireann sa nua-aois, Dialann Sár-Rúnda Amy Ní Chonchúir le Siobhán Parkinson faoi dhéagóirí agus a gcuid rún agus Ar Muir is Ar Sliabh le Dermot Somers faoi shraith nua teilifíse eachtraíochta faoin aer le Brian agus Lise.

Mar thús leis an tionscamh seo tá fáil ar na leabhair cheana i bfoirm atá cóirothe don kindle. Ceannaigh ó Amazon iad agus beidh tú á léamh laistigh de nóiméad!


Cois Life have just published their first four eBooks which will be distributed through various on-line sellers worldwide in the main formats.

The books are Sceon na Mara, Liam Ó Muirthile's new crime novel, Dún an Airgid, Éilís Ní Dhuibhne's modern classic about a Utopian modern Ireland Dialann Sár-Rúnda Amy Ní Chonchúir, Siobhán Parkinson's brilliant diary for teenagers and Ar Muir is Ar Sliabh, Dermot Somers story about athletic, adventurous twenty-somethings on a TV shoot.

For starters, these four books are available for kindle, so if you buy them on Amazon NOW you could literally be reading them within a minute!

2 comments:

  1. Aon seans ar leagan epub am éigean?

    ReplyDelete
  2. Tá leaganacha epub ann chomh maith! Murab ionann agus kindle/mobi nach mbíonn ar fáil ach ó amazon bíonn na leaganacha epub ar fáil ón iliomad díoltóirí ar líne - www.directebooks.com (comhlacht Éireannach), easons, waterstones, kobobooks, barnes & noble, agus mar sin de - fiú ó Tesco ebooks! Nuair a bhíonn tú á gcuardach i measc rannóg na ríomhleabhar ní mór a bheith cruthaitheach - ar roinnt de na suímh seo cuireann na comharthaí 'fada' an cuardach in aimhréidh ach sa chuid is mó de, má ghúglálann tú teideal an leabhair idir comharthaí cainte (is é sin "") agus an focal "epub" ina dhiaidh tiocfaidh tú ar an rud atá uait.

    ReplyDelete