Braitear rian na sagartóireachta agus a mbaineann léi ar shubstaint na hinste leis i Séadna maraon leis na modhanna is an meán ina ndúrathas. Thuairimeoinn gur spéis leis an gcléir iompar daoine, muna mbeadh ann ach chun comhairle a chur orthu. Deintear grinnstaidéar ceart ar an bpríomhphearsa san leabhar seo, go háirithe i ndiaidh an atharraigh dhatha a thagann air tar éis an chonartha leis an Namhaid. As sin amach, is fear é atá ‘suaite’ ann féin, mar adeir an téacs, é ‘dorcha’ ina bhéas is ina chló. Ní ‘osclódh a aigne’, i bhfoclaibh an fhoilseacháin. A mhalairt, gan amhras, a dhéanfadh an peacach san fhaoistin. Bíodh gur dócha nár scaoil Peadar Ó Laoghaire le haon rún ón mbosca seo, ní folair nó d’airigh trioblóidí go leor taobh istigh de a cheadaigh dó macasamhail an chroíbhrú a chur i mbéal an ghréasaí a airítear uaidh siúd is é ag nochtadh a chuid trioblóidí. Cá bhfios ná go raibh paróisteánach ciapaithe beacht ar leithligh ina shampla aige agus é ag cumadh múnla do Shéadna, in éineacht le pé tuiscint a bhí aige ar an gCéile Dé ba shamail aige don díthreabhach sin de cheardaí chomh maith?
Ceacht (‘uirsgéal’ i dtéarmaíocht na Meánaoiseanna) leis atá san mhór-aiste phróis seo, radharc ar na duailcí (pé acu an é leithleachas nó fonn díoltais é) is ar na suailcí (an fhéin-íobairt, an aontumhacht, cuirim i gcás) i saoldhearcadh an reiligiúin. Ní annamh sagart a bheith le feiscint inti ag feidhmiú mar aoire is mar idirghabhálaí, i gcúrsaí pósta, abair (rud a bheadh déanta ag Peadar Ó Laoghaire leis ar uairibh, déarfá; n’fheadar chomh maith ná go gcaitheadh siúd idirbheartaíocht mhíthaitneamhach a thriail anois is arís le báillí, ar a mhéid is scorn leis an sórt sin oifigigh i Séadna). É seo gan cuimhneamh ar an bplé mórthaibhseach idir an Fear Dubh agus an gréasaí agus an scéal á ainliú chun críche. Mír í sin go bhfuil mianach tráchtais dhiagachta mórálta inti ar a léitear ar a fud d’argóintí faoi chúrsaí dlí is cirt is freagrachta. Déarfá nach beag marc na Fiannaíochta fairis uirthi, ar a bhfaightear uaithi de mhacalla Phádraig, Fhionn, Oisín is Chaoilte ag sárú a chéile faoi na pointí sin. Chomh fada leis an inchur úd go háirithe, is léir gur thug an t-údar an-ghean do thraidisiúin na Féinne, toisc a mhinice a luaitear an brainse sin de chultúr na hÉireann san phíosa ceapadóireachta i gcomórtas le sraith scéalaíochta nó seanchais ar bith eile dá bhfuil le sonrú ann.
Má oireann breis a rá faoi chomhdhéanamh is faoi théamaí Shéadna, níl lá amhrais ann i dtaobh a éifeachta. Is é sin gur thug tosaíocht don ghnáthphobal ná raibh acu le fada, má bhí ar an gcuma chéanna riamh, i litríocht na Nua-Ghaeilge. Tá a aicmí siúd (idir oibrithe is saoistí is fheirmeoirí), a n-ionaid chónaithe, saothair is chaitheamh aimsire (tithe príobháideacha, ceardlanna, cnoic is bánta, aontaí is ráschúrsaí) len aireachtáil go follasach air, maraon le réimsí fairsinge dá gcaidreamh ar a chéile (díol is ceannach, bruíonta, faireachán). Déantar bunimeachtaí an leabhair a shuíomh ina measc agus a chuid cuspóirí teagascacha a thagairt dóibh. Chaithfeá dul siar go dtí an 17ú hAois le go bhfaighfeá léargas ar shaol na coitiantachta á chur ar phár sa Ghaeilge, cé nár lean sin ar fad. Nílim á rá nach raibh glór bhunáite an chomhluadair le clos i bhfilíocht an 18ú Céad, ach ba ar bhealach ana-stílithe ina cháilíocht féin é sin agus gan an oiread céanna poiblíochta a thabhairt dó i gcló ag an am. Ní fhéadfadh leithéidí Chín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin tionchar leathan a imirt toisc nach raibh foilsithe go fóill. Ar éigean, mar sin, má bhláthaigh sciar mór de shaol na hÉireann ar bhonn leathan i gceapadóireacht na teanga dúchais go dtí gur tháinig an saothar seo. Níorbh é Séadna gan amhras an t-aon bhlúire oibre leis an Athair Peadar a rachadh i gcionn ar Ghaeilgeoirí. D’fhéadfá a rá gur le Mo sgéal féin (1915) a thosnaigh traidisiún rathmhar na dírbheathaisnéise sa teangain, mar gur gearr ar a shála go bhfoilseofaí féinchuntais lucht na mBlascaodaí agus uathu sin ar aghaidh go dtí gach saghas dar bhreac gardaí, deoraithe agus mórán mór eile ó shin nach minic dóibh iad féin a chur in iúl inniu féin mBéarla na tíre. Is beag ná go gcaithfear gach duine den tromdháimh seo a áireamh ina n-oidhrí ar an gcléireach Corcaíoch, pé acu an i bhfios nó i gan fhios dóibh é.
Ná ní móide go dtiocfadh insintí samhlacha eile mar Chré na Cille chun cinn in éagmais an réamhtheachtaí atá idir lámha anso. Níorbh ionann comhthéacs a gcumtha, ach oiread leis an íomhá dá mhuintir theanntaithe fara a dteaghlaigh dhíscaoilte a cheap an t-údar Connachtach dúinn, ag oiriúint do chomhthéacs an chillín inar oibrigh i leataoibh. Dá fhad ó chéile, áfach, chomh fada le hatmaisféar is ábhar, is áitithe gur ionchomórtais iad maidir lena n-eisint chomhráiteach agus a mbeann ar shochaí sho-aitheanta. Más ann do na ceanglacha seo eatarthu, nár mhaith an cuimhneamh Séadna a thabhairt ar an saothar is ar an duine, más leithéid ‘uasal’ is bonn céille don ainm, is go mbeadh déantús ‘oirirc’ i dtús cadhnaíochta ar cheapadóireacht nua-aoiseach na Gaeilge dá thoradh? Ní fhágann sin gan dabht gur téacs gan cáim é. Tá ionramháil na leibhéal ama agus ró-mhoill na heachtraíochta ar na cleamhnais a n-éalaíonn Séadna uathu bacach go maith, gan trácht air siúd a bheith ar bóiléagar chomh rialta sin gurbh fhada leis an scríbhneoir féin, ní foláir, go bhfillfeadh mac an cheannaí air óna thréimhsí straeireachta. Agus cad é ar deireadh mar dhúshlán don Athair Peadar na réimeanna cainte ina gcuirfeadh an t-iomlán síos?
An seadú ama a bheartaigh a thabhairt ar dhruim an domhain don dteanga a chuala sa chliabhán, is cineál seal breise é nach bhfuil éagsúil puinn, má fhéachtair i slí áirithe air, leis an gcairde aimsire atá ina chnámh spairne idir laoch an scéil agus a chéile comhraic damanta, fiú munar comhghéilleadh diablaí ar fad é.