Wednesday, November 19, 2014

An leathanach lán

Aoi-bhlag Alex Hijmans





Writing a work of fiction is one thing. Selling it is quite another, Alex Hijmans writes in the eleventh episode of his guest blog on creative writing.

Tá do scéal curtha ar pháipéar agat agus oiread eagarthóireachta déanta agat air agus is féidir; tá an toradh léite ag duine nó beirt a bhfuil muinín agat as a dtuairim agus bhí a dtuairim fabhrach. Bhí do leathanach bán, anois tá sé lán. Tá sé in am a bhfuil scríofa air a thaispeáint don saol mór.

Más dán nó gearrscéal atá scríofa agat, is fiú go mór an saothar críochnaithe a chur chuig iris liteartha. Ceird ar leith is ea é do chuid scríbhneoireachta a chur faoi bhráid fhoilseacháin liteartha. Bí cinnte go n-oireann do shaothar don fhoilseachán a bhfuil sé ar intinn agat é a chur chuige agus bí cinnte freisin go bhfuil treoracha an fhoilseacháin maidir le saothair neamhchoimisiúnaithe léite agat. Ná bí ag súil le mórán ar feadh an chéad chúpla mí tar éis duit do leanbh a chur sa phost. Ansin, bí ag súil le litir ghairid ina ndiúltaítear do do shaothar.

Gortóidh sé sin. Ach faoin am sin, beidh scéal nó dán eile críochnaithe agat – bíonn tú ag scríobh leat i gcónaí, nach mbíonn? Ceannaigh clúdach agus stampa agus cuir an saothar sin sa phost – chuig an bhfoilseachán céanna más maith leat, nó áit éigin eile.

Is ea is mó scéalta a chuireann tú faoi bhráid irisí liteartha, is mó an líon litreacha diúltaithe a gheobhaidh tú. Ach ná bíodh aon dul amú ort: méadaíonn an seans go nglacfar le scéal de do chuid gach uair a chuireann tú ceann sa phost. Lá breá éigin, gheobhaidh tú litir dhearfach, ag tabhairt le fios duit go mbeidh do shaothar i gcló. Bionn fanacht fhada ann, uaireanta. Chuaigh bliain thart sular chuala mé aon cheo faoi leagan Béarla de ghearrscéal liom a bhí curtha chuig iris aitheanta Bhreataineach agam; nuair a thugadar le fios gur theastaigh uathu é a fhoilsiú, chuaigh bliain eile thart sular chuireadar i gcló é.

Má tá saothar níos faide scríofa agat – úrscéal, dráma nó leabhar neamhfhicsin – beidh sé níos deacra aird irise liteartha a mhealladh, cé go bhfuil foilseacháin ann a fhoilsíonn sleachta gearra as saothair fhada. Cibé ar bith, má theastaíonn uait an saothar iomlán a fheiceáil i gcló, beidh ort dul ar thóir fhoilsitheora leabhair. Má bhíonn cnuasach gearrscéalta nó dánta réidh agat agus ceann nó dhó acu foilsithe in iris liteartha, ba cheart duit an rud céanna a dhéanamh.

Bhí an t-ádh dearg liomsa leis seo; ba é an chaoi gur iarr foilsitheoir (Cois Life) ormsa leabhar a scríobh faoi thréimhse a bhí á caitheamh agam i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Bhí a fhios ag Cois Life go raibh mé sna bólaí sin de bharr colún a bhí agam faoin ábhar céanna ar Foinse ag an am. ‘Favela’ an toradh.
Ní minic, áfach, a tharlaíonn sé go dtéann foilsitheoir ar thóir údair. Fuair mé sin amach nuair a rinne mé iarracht foilsitheoir a aimsiú san Ísiltír do leagan Ísiltírise de mo chnuasach gearrscéalta ‘Gonta’. Tar éis bliana go leith d’iarrachtaí a rinne mé féin agus gníomhaire litríochta, dhiúltaigh gach uile fhoilsitheoir arbh fhiú an saothar a chur faoina mbráid don chnuasach. ‘Scéalta deascríofa iad, ach níl margadh do ghearrscéalta san Ísiltír san am i láthair,’ an freagra a tugadh dúinn arís is arís eile. Tugadh comhairle dom úrscéal a scríobh, agus déanfaidh mé sin a luaithe is a bheith spás i mo sceideal scríbhneoireachta do thogra dá mhéad.

Caidreamh oibre
Agus foilsitheoir aimsithe agat, beidh ort caidreamh oibre dearfach a chothú leis an bhfoireann. Uaireanta bíonn deacrachtaí ag scríbhneoirí glacadh le comhairle agus ceartúcháin, ach táim féin go láidir den tuairim go bhfuil an-tábhacht le péire súl (proifisiúnta) eile chun barr feabhais a chur ar théacs.

Ach ní leis an téacs amháin a bhaineann cinní an fhoilsitheora. Go hiondúil, is é an foilsitheoir a dhéanfaidh cinneadh faoi nithe chomh bunúsacha agus teideal agus clúdach do leabhair. Sampla:’Ni cártaí poist iad seo’ an teideal oibre a bhí agam féin ar mo leabhar grianghrafadóireachta ‘Splancanna ó shaol eile’ ar feadh i bhfad, ach dúirt Cois Life liom nár mhaith leo leabhar le teideal ina raibh diúltú (‘Ní…’) a chur ar an margadh; léirigh fianaise mhargaíochta éigin go gcuireann a leithéid léitheoirí ó dhoras ar leibhéal an fho-chomhfheasa. Léirigh sé sin dom go raibh a gcuid obair bhaile déanta ag Cois Life agus bhí mé sásta glacadh lena gcinneadh, mar a bhí mé sásta glacadh lena gcinntí faoi chlúdaigh mo chuid leabhar freisin. Ceird amháin is ea leabhar a scríobh, ceird eile ar fad is ea é leabhar a dhíol.


Eagráin eile den aoibhlag anseo


Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012) 


An t-úrscéal Aiséirí (2011) 



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)

Wednesday, November 12, 2014

Daideo abú! Daideo le hÁine Ní Ghlinn (Cois Life 2014)

Comhghairdeas linn! Agus le hÁine Ní Ghlinn go háirithe. Fógraíodh ag searmanas i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i Mobil Feirste anocht gur bhuaigh Daideo le hÁine Ní Ghlinn (foilsithe ag Cois Life) Gradam Réics Carló - go bunúsach Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga. Insíonn Daideo scéal faoi bhuachaill atá ar a theitheadh óna thuismitheoirí - agus seanduine atá ar a theitheadh óna pháistí. Castar ar a chéile iad ar an traein go Baile Átha Cliath. Éisteann siad le scéalta a cheile. Tuigeann siad a chéile. Cén toradh a bheidh ar an gcairdeas nua seo? Léigh Daideo agus beidh a fhios agat! Buíochas mór do Chlár na Leabhar Gaeilge i bhForas na Gaeilge agus d'Oireachtas na Gaeilge a eagraíonn na gradaim.

Is údar mór-ráchtairte í Áine Ní Ghlinn, a ndíolann a cuid saothar go maith i gcónaí ach bhí núalaíocht ag roinnt le Daideo chomh maith sa mhéid is gurb é an chéad chlosleabhar gairmiúil Gaeilge a scaipeadh go leictreonach i bhfoirm mp3 saor in aisce. Cois Life i dtus cadhnaíochta arís - tapaímid gach deis foilseacháin ilmheáin a dhéanamh! An t-údar féin a rinne an léamh beo drámatúil agus tá an taifeadadh fós le híoscóipeáil ach brú anseo. Tá an leabhar féin le ceannach i gcóip chrua nó i bhfoirm ríomhleabhair (do do kindle, iPad, nó do rogha eile) ach brú anseo - is fiu go mór an taifeadadh a sheinm agus an leabhar os do chomhair.

Is iad na leabhair eile ar an ngearrliosta don ghradam do leabhair do dhaoine óga ná POP!, scríofa ag Caitríona Nic Sheáin, maisithe ag Andrew Whitson agus foilsithe ag An tSnáthaid Mhór; Róbó-Mhadra, scríofa ag Máire Ní Ghallchobhair, maisithe ag Peter Donnelly agus foilsithe ag Leabhar Breac; Uinseann Donn le Tadhg Mac Dhonnagáin, foilsithe ag Futa Fata; agus leabhar eile fós le hÁine Ní Ghlinn - Nílim ag iarraidh dul ar Scoil - foilsithe ag LeabhairCOMHAR.

Bhí leabhar eile de chuid Cois Life i measc na bhfoilseachán san iomaíocht do na gradaim le haghaidh Leabhair na Bliana 2014, leabhar le banúdar eile - Orna Ní Choileáin (an ceadmhach ‘cailínchumhacht’ a lua nó an mbeifí ag cur easpa comhionannais inár leith?). 

Ba é Sciorrann an tAm (Cois Life), bailiúchán gearrscéalta le hOrna Ní Choileáin a bhí san iomaíocht don ghradam do leabhair do dhaoine fásta - Gradam Uí Shúilleabháin. Seo an dara cnuasach gearrscéalta Gaeilge ó údar Canary Wharf. Ba iad na leabhair eile atá ar an ngearrliosta seo ná: Anamlón Bliana (Cló Iar-Chonnacht), sliochtanna as dialann Sheáin Uí Ríordáin, curtha in eagar ag Tadhg Ó Dúshláine; Seal san Aetóip (Cló Iar-Chonnacht), leabhar taistil le Frank Reidy; Aneas(Futa Fata), leabhar faoi bhéaloideas Chorca Dhuibhne le Brenda Ní Shúilleabháin; ; agus Ár Naomhoidhreacht (Foilseacháin Ábhair Spioradálta), cnuasach paidreacha ó Éilis Ní Thiarnaigh.

Congratulations to …. us, actually! Well, very particularly to Áine Ní Ghlinn. At a ceremony in Belfast's arts venue, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich tonight it was announced that Áine’s book Daideo (published by Cois Life) has won Gradam Réics Carló - basically Irish language Book of the Year for Young People. Daideo tells the story of a young boy running away from his parents - and an old man running away from his children. They meet on a Dublin-bound train, they listen to each other’s story, they understand each other. What will become of this new friendship? Read Daideo and find out! Were extremely grateful to Clár na Leabhar Gaeilge in Foras na Gaeilge and to Oireachtas na Gaeilge who organise the awards.
Áine, of course, is a best-selling writer, always in demand. Daideo was an innovative project for Áine and Cois Life, being the first professional audiobook in Irish given away free of charge as an mp3.  Cois Life in the vanguard yet again - we always try to make publications available in different platformss and in different media. The author herself recorded the superbly dramatic reading - and the audiobook is still available for download here.  Listening to the recording with the book in front of you is a super way to improve your Irish. The actual book can be bought in paperback or as an ebook (for kindle, iPad or your own choice of device) by clicking here.

The other books on the shortlist for this prize were POP! by Caitríona Nic Sheáin, illustrated by Andrew Whitson (published by An tSnáthaid Mhór); Róbó-Mhadra, by Máire Ní Ghallchobhair, illustrated by Peter Donnelly (Leabhar Breac); Uinseann Donn by Tadhg Mac Dhonnagáin (Futa Fata); and finally yet another book by Áine Ní Ghlinn - Nílim ag iarraidh dul ar Scoil (LeabhairCOMHAR). 
Another Cois Life book was shortlisted for the other ‘Book of the Year’ prize - and it was by another female author - Orna Ní Choileáin (may one say  ‘cailínchumhacht’ or ‘girlpower’ or will we be accused of failing in our duties towards equality?). 

Sciorrann an tAm (Cois Life), is a super collection of short stories by Orna Ní Choileáin and figured on the shortlist for the award for best adult book - Gradam Uí Shúilleabháin. This is the second collection from the author of Canary Wharf. The other shortlisted books were: Anamlón Bliana (Cló Iar-Chonnacht), extracts from the diaries of Seán Ó Ríordáin, edited by Tadhg Ó Dúshláine; Seal san Aetóip (Cló Iar-Chonnacht), a travel book by Frank Reidy; Aneas (Futa Fata), about Kerry folklore by Brenda Ní Shúilleabháin; and Ár Naomhoidhreacht (Foilseacháin Ábhair Spioradálta), a collection of prayers by Éilis Ní Thiarnaigh.