The editing process is where craft comes in: in this eighth episode
of his monthly guest blog on creative writing, Alex Hijmans takes a look
in the author’s toolkit.
Ní
nach ionann agus an chéad dréacht, baineann rialacha leis an dara
dréacht agus le gach uile dhréacht ina dhiaidh sin. Ceird is ea í an
eagarthóireacht; seo sracfhéachaint isteach i mbosca uirlisí an
scríbhneora.
Fear nó bean inste an scéil
An
bhfuil an scéal á insint ag an duine ceart? Tá seo ar cheann de na
chéad cheisteanna atá le freagairt ag an údar agus é ag dul i mbun
eagarthóireachta ar scéal nua den chéad uair. Uaireanta rithfeadh sé
leat, ar athléamh an chéad dréachta duit, nach é an carachtar a bhí ar
intinn agat ar dtús príomhcharachtar an scéil ar chor ar bith. n mbeadh an scéal ní b'fhearr dá bhfaighimis léargas duine de na carachtair eile? Seo an t-am leis an gcinneadh sin a dhéanamh.
An pointe féachana
An
cinneadh sin déanta, is gá breathnú ar cheist atá fite fuaite leis: an
pointe féachana. Is féidir dul ag argóint faoi theoiricí litríochta
anseo, ach go hachoimreach, is féidir scéal a insint sa chéad phearsa
agus sa tríú pearsa, agus is féidir leis an tríú pearsa a bheith
uilefheasach má theastaíonn uait. Is féidir scéal a insint sa dara
pearsa freisin (agus tá sé déanta, i nGaeilge, ag Pádraig Ó Siadhail san
úrscéal Parthas na gCleas (Cló Iar-Chonnacht, 1991)) ach níl sé pioc coitianta.
Tá
a bhuntaistí agus a laincisí féin ag baint le gach ceann de na pointí
féachana seo. Níl spás sa bhlag seo chun iad sin a phlé go mion, ach is
féidir an méad seo a rá faoi: dá ghaire an pointe féachana
d’aicsean an scéil, is ea is mine an léargas a thabharfaidh sé. Ar an
gcaoi céanna, dá fhaide an pointe féachana ó aicsean an scéil, is
ea is fairsinge an léargas.
An
rogha déanta, caithfear cloí leis: tá botúin leis an bpointe féachana
ar na cinn is tromchúisí gur féidir le scríbhneoir a dhéanamh.
Aimsir
An
bhfuil an scéal á insint san aimsir cheart? Sin ceist eile a chaithfidh
an t-údar a chur air féin agus é ag dul i mbun eagarthóireachta ar
scéal nua den chéad uair. Go hiondúil, insítear scéalta san aimsir
chaite nó san aimsir láithreach; tagann an aimsir chaite go nádúrtha don
scéalaí ach tugann an aimsir láithreach beocht bhreise don scéal. Ar
ndóigh, is féidir babhtáil eatarthu, ach caithfear ciall a bheith le
gach athrú.
Carachtar
Ní
chuireann an scríbhneoir aithne cheart ar a chuid carachtar go dtí go
mbíonn sé i mbun eagarthóireachta. Is ansin a thugann sé faoi deara cén
dearcadh atá ag a charachtair ar an saol – agus má dhéanann sé a jab i
gceart, úsáidfidh sé an t-eolas sin i ngach gné den chur síos orthu:
gníomhartha, smaointe agus caint.
Caint
Gné
ar leith de cheird na heagarthóireachta an chaint idir na carachtair.
Arís, níl dóthain spáis sa bhlag seo chun cur síos a dhéanamh ar an
ealaín seo go mion, ach is féidir an méad seo a rá faoi: is é an dúshlán
a bhíonn roimh an údar ná cuma nádúrtha a chur ar chaint a bhíonn, nach
mór i gcónaí, mínádúrtha.
Uirlisí eile
Tá
neart gléasanna eile i mbosca uirlisí an scríbhneora: tá am, áit,
achoimre, rithim agus an rud teibí seo ar a dtugtar ‘glór’ ar chuid acu.
Molaim d’éinne a bhfuil spéis dháiríre acu sa scríbhneoireacht
chruthaitheach Self-Editing for Fiction Writers le Renni Browne
agus Dave King (HarperResource, 1993 / 2004) a cheannacht. Más ann dá
leithéid agus ‘Bíobla na heagarthóireachta’, seo é.
Is
féidir le próiseas na heagarthóireachta a bheith dúshlánach go leor don
té atá ag dul i ngleic leis den chéad uair, ach is fiú go mór do chuid
féin a dhéanamh den cheird: nuair a bheidh na rialacha ar eolas agat, is
féidir iad a bhriseadh.
Eagráin eile den aoibhlag anseo.
Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:
Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013) |
Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012) |
An t-úrscéal Aiséirí (2011) |
Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009) |