Gradam Leabhar na Bliana do 'Dúlra Oileáin Árann'
Is cúis bhróid é do Chois Life a fhógairt go bhfuil Leabhar na Bliana Gradam Uí Shúilleabháin bainte amach ag Dúlra Oileáin Árann.
Oileáin Árann agus an saibhreas dúlra a bhaineann leo is ábhar don
leabhar seo. Tugann Con Ó Ruairc léargas tuisceanach ar uathúlacht
oidhreacht na n-oileán seo – an gheolaíocht, an aeráid, ainmhithe agus plandaí,
an cladach agus an fheirmeoireacht.
Is féidir físeán faoin leabhar a fheiceáil ach cliceáil anseo.
Ag labhairt faoin
ngradam dúirt stiúrthóirí Cois Life
go raibh ‘dúshlán agus pléisiúr thar na
bearta ag baint le foilsiú Dúlra Oileáin Árann.’
“Seánra nua i nGaeilge é, bunábhar dúchasach ó thaobh
dúlra agus teanga de, ceiliúradh ar shaibhreas Oileáin Árann, le pictiúir den
scoth agus taighde na mblianta ar a chúl. Seoidleabhar dár gcuid é agus dearadh
spásmhar spreagúil air ag Alan Keogh. Bronntanas Nollag do gach aois!”
Seo an dara bliain
as a chéile go raibh dhá leabhar ar ghearrliosta leabhar na bliana ag Cois Life. Bhí Ailfí agus an Vaimpír (a
thugann léargas ar shaol Marius, vaimpír speisialta ar fearr leis rollaí fige
agus cáca milis ná fuil agus feoil) le hOrna
Ní Choileáin ar ghearrliosta Leabhar
na Bliana do Dhaoine Óga, Gradam
Réics Carló.
Cuireadh Dúlra Oileáin Árann, atá foilsithe ag Cois Life,
i dtoll a chéile de thoradh na gcúrsaí agus na gcuairteanna taighde a
d'eagraigh údar an leabhair ar son Institiúid Bitheolaíochta na hÉireann maidir
le stair an dúlra in Oileáin Árann ó na luath-1980idí i leith.
Comhlánú ar a chéile is ea an téacs grinn
géarchúiseach agus na grianghraif ghleoite a thaispeánann áilleacht agus
éagsúlacht oidhreacht na n-oileán. D'fhéadfadh go leor
daoine spéis a chur sa leabhar seo, pé acu cuairteoirí iad, mic léinn nó iad
siúd a bhfuil spéis acu i stair an dúlra.
Tá Dúlra Oileáin Árann ar fáil
le ceannach sna siopaí nó ó shuíomh idirlín Cois Life: www.coislife.ie
Foilsitheoir:
Cois Life
Údar: Con Ó
Ruairc
Bogchlúdach, lándaite, 204 lch
Praghas: €20
ISBN: 9781907494192
Book of the Year Award for 'Dúlra Oileáin Árann'
Cois Life is proud to
announce that Dúlra Oileáin Árann has won the Gradam Uí Shúilleabháin Book of the Year Award.
This comprehensive full-colour work on the natural heritage and
landscape of the Aran Islands is a first in Irish for author Con Ó Ruairc.
It comprises geology, climate, flora and fauna, seashore and
Farming practices.
A short video (in Irish only) about the book can be viewed here.
Speaking about the
win, Cois Life’s directors said, ‘publishing Dúlra Oileáin Árann was exciting, innovative and a great pleasure.’
‘We welcome this new genre in Irish, celebrating the rich native resources of the Aran Islands,
both in natural habitats and language, fabulous full colour photos and a wealth
of scientific knowledge from the author’s extensive field-work on site. This is
a real gem, beautifully designed by Alan Keogh, and a Christmas present for all
ages!’
Irish-language
publishers are invited each year to submit in two categories, the Gradam Uí Shúileabháin Book of the Year for
Adults and Gradam Réics Carló Book
of the Year for Children. The awards recognise excellence in publishing in
Irish with the author of the winning title also taking a prize.
This is the second
year running that Cois Life has been
the only publisher shortlisted in both categories. Ailfí agus an Vaimpír (a
book about the life of Marius, a very special vampire who prefers fig rolls and
cakes to blood and meat) by Orna Ní
Choileáin was shortlisted in the Book
of the Year for Children category.
Dúlra Oileáin Árann, published by Cois Life, was researched
during various field trips organised by the author on behalf of the Institute
of Biology Ireland on the natural history of
the Aran Islands from the early 1980s onwards.
The discerning prose and beautiful photographs complement each other
perfectly in showing the beauty and variety of the Islands. Dúlra Oileáin
Árann is suitable for a variety of readers, including visitors, students or
those with an interest in natural history.
Dúlra Oileáin Árann is available from shops or from Cois Life’s
website: www.coislife.ie
Publisher:
Cois Life
Author: Con
Ó Ruairc
Paperback, full-colour, 204 pp
Price:
€20
ISBN: 9781907494192