Wednesday, November 21, 2012

Leabhar na Bliana : 'Dúlra Oileáin Árann' : Book of the Year!!!

-->
Gradam Leabhar na Bliana do 'Dúlra Oileáin Árann'

Is cúis bhróid é do Chois Life a fhógairt go bhfuil Leabhar na Bliana Gradam Uí Shúilleabháin bainte amach ag Dúlra Oileáin Árann.
Oileáin Árann agus an saibhreas dúlra a bhaineann leo is ábhar don leabhar seo. Tugann Con Ó Ruairc léargas tuisceanach ar uathúlacht oidhreacht na n-oileán seo – an gheolaíocht, an aeráid, ainmhithe agus plandaí, an cladach agus an fheirmeoireacht. 

Is féidir físeán faoin leabhar a fheiceáil ach cliceáil anseo.

Ag labhairt faoin ngradam dúirt stiúrthóirí Cois Life go raibh ‘dúshlán agus pléisiúr thar na bearta ag baint le foilsiú Dúlra Oileáin Árann.’

“Seánra nua i nGaeilge é, bunábhar dúchasach ó thaobh dúlra agus teanga de, ceiliúradh ar shaibhreas Oileáin Árann, le pictiúir den scoth agus taighde na mblianta ar a chúl. Seoidleabhar dár gcuid é agus dearadh spásmhar spreagúil air ag Alan Keogh. Bronntanas Nollag do gach aois!” 
 
Seo an dara bliain as a chéile go raibh dhá leabhar ar ghearrliosta leabhar na bliana ag Cois Life. Bhí Ailfí agus an Vaimpír (a thugann léargas ar shaol Marius, vaimpír speisialta ar fearr leis rollaí fige agus cáca milis ná fuil agus feoil) le hOrna Ní Choileáin ar ghearrliosta Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga, Gradam Réics Carló.

Cuireadh Dúlra Oileáin Árann, atá foilsithe ag Cois Life, i dtoll a chéile de thoradh na gcúrsaí agus na gcuairteanna taighde a d'eagraigh údar an leabhair ar son Institiúid Bitheolaíochta na hÉireann maidir le stair an dúlra in Oileáin Árann ó na luath-1980idí i leith.

Comhlánú ar a chéile is ea an téacs grinn géarchúiseach agus na grianghraif ghleoite a thaispeánann áilleacht agus éagsúlacht oidhreacht na n-oileán. D'fhéadfadh go leor daoine spéis a chur sa leabhar seo, pé acu cuairteoirí iad, mic léinn nó iad siúd a bhfuil spéis acu i stair an dúlra.

Dúlra Oileáin Árann ar fáil le ceannach sna siopaí nó ó shuíomh idirlín Cois Life: www.coislife.ie

Foilsitheoir: Cois Life
Údar: Con Ó Ruairc
Bogchlúdach, lándaite, 204 lch
Praghas: €20
ISBN: 9781907494192



Book of the Year Award for 'Dúlra Oileáin Árann'

Cois Life is proud to announce that Dúlra Oileáin Árann has won the Gradam Uí Shúilleabháin Book of the Year Award.

This comprehensive full-colour work on the natural heritage and landscape of the Aran Islands is a first in Irish for author Con Ó Ruairc. It comprises geology, climate, flora and fauna, seashore and
Farming practices.

A short video (in Irish only) about the book can be viewed here.

Speaking about the win, Cois Life’s directors said, ‘publishing Dúlra Oileáin Árann was exciting, innovative and a great pleasure.

‘We welcome this new genre in Irish, celebrating the  rich native resources of the Aran Islands, both in natural habitats and language, fabulous full colour photos and a wealth of scientific knowledge from the author’s extensive field-work on site. This is a real gem, beautifully designed by Alan Keogh, and a Christmas present for all ages!’

Irish-language publishers are invited each year to submit in two categories, the Gradam Uí Shúileabháin Book of the Year for Adults and Gradam Réics Carló Book of the Year for Children. The awards recognise excellence in publishing in Irish with the author of the winning title also taking a prize.

This is the second year running that Cois Life has been the only publisher shortlisted in both categories. Ailfí agus an Vaimpír (a book about the life of Marius, a very special vampire who prefers fig rolls and cakes to blood and meat) by Orna Ní Choileáin was shortlisted in the Book of the Year for Children category.

Dúlra Oileáin Árann, published by Cois Life, was researched during various field trips organised by the author on behalf of the Institute of Biology Ireland on the natural history of  the Aran Islands from the early 1980s onwards.

The discerning prose and beautiful photographs complement each other perfectly in showing the beauty and variety of the Islands. Dúlra Oileáin Árann is suitable for a variety of readers, including visitors, students or those with an interest in natural history.

Dúlra Oileáin Árann is available from shops or from Cois Life’s website: www.coislife.ie

Publisher: Cois Life
Author: Con Ó Ruairc
Paperback, full-colour, 204 pp
Price:  €20
ISBN: 9781907494192

No comments:

Post a Comment